Bible App logo
Search Icon

Seanfhocal 16

16
1Déanann croí an duine an beartú;
ach sé an Tiarna a thugann an freagra.
2Bíonn iompar an duine gan cháim dar leis féin,
ach is é an Tiarna a thomhaiseann an intinn.
3Fág do shaothar go léir faoin Tiarna,
agus cuirfear do phleananna go léir i gcrích.
4Rinne an Tiarna gach ní le haghaidh cuspóra ar leith,
agus an t‑urchóideach le haghaidh lá na tubaiste.
5Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach,
bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós.
6Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht;
seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.
7Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna,
déanann sé cairde fiú dá eascairde.
8Is fearr an beagán agus an chóir
ná an mórán agus an éagóir.
9Beartaíonn duine a chúrsa ina chroí
ach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.
10Tagann oracail ó bhéal an rí,
ní dhéanann sé dearmad nuair a fhógraíonn a bhreith.
11Is leis an Tiarna an mheá agus na scálaí cothroma;
is é a rinne na meáchana uile sa mhála.
12Is gráin le ríthe an t‑olc a dhéanamh,
mar is í an fhíréantacht is bonn faoin ríchathaoir.
13Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta;
bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.
14Teachtaire báis fearg rí,
ach déanfaidh an t‑eagnaí í a cheansú.
15Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí,
agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi.
16Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór;
tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.
17Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc;
an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.
18Gabhann uabhar roimh thubaiste;
agus éirí in airde roimh threascairt.
19Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n‑íseal
ná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.
20Beidh an rath ar an té a thugann aird ar an mbriathar;
is méanar don té a mbíonn a mhuinín aige as an Tiarna.
21Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí;
cuireann milse briathar le meallacacht ráite.
22Is foinse beatha an ghaois don té a bhfuil sí ina sheilbh
ach is í an bhaois crá na n‑amadán.
23Múineann croí an eagnaí gliceas dá bhéal,
agus cuireann sé le meallacacht a bhriathar.
24Is cuma nó cíor mheala briathra séimhe;
is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.
25Tá cosán ann a shamhlaíonn ceart do dhuine,
ach níl de chríoch leis ach an bás.
26Bíonn goile an tsaothraí ag saothar dó,
agus a chraos ocrach á ghríogadh.
27Beartaíonn an t‑alfraits olc,
agus is cuma nó tine loiscneach briathra a bhéil.
28Síolann an cealgaire aighneas,
agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.
29Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán,
agus meallann é ar bhóthar nach fónta.
30Tá urchóid á taibhreamh dʼfhear sméidte na súl,
agus tá an t‑olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin.
31Coróin ghlóire é an ceann liath
agus beatha fhíréanta a thuilleann í.
32Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan;
agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.
33Ar an ucht a chaitear na cranna,
ach ón Tiarna a thagann an réiteach.

Currently Selected:

Seanfhocal 16: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in