Obaidiá 1
1
Tús
1Fís Obaidiá.
Mar seo a deir an Tiarna faoi Eadóm;
tá scéal faoi cloiste againn ón Tiarna,
agus tá teachtaire seolta i measc na náisiún.
“Suas linn! Ar aghaidh chun catha linn ina choinne!”
Daorbhreith ar Eadóm
2“Déanfaidh mé beag thú, féach, i measc na náisiún;
beidh tarcaisne ort ag daoine.
3Chuir uaill do chroí ar seachrán thú,
thusa a chónaíonn i scailp na carraige,
a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat,
a deir i do chroí:
‘Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?’
4Cé go n‑éireofá san aer mar iolar,
agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí,
theilgfinnse síos as sin thú,”
a deir an Tiarna.
Díothú Eadóm
5“Dá dtiocfadh robálaithe chugat
nó sladairí san oíche–
cad é mar scrios a dhéanfaidís ort!–
nár leor mar shlad acu a ndóthain féin?
Dá dtiocfadh lucht bainte caor,
nach bhfágfaidís caora díolama?
6Cad é mar a creachadh Éasau!
rinneadh slad ar a sheoda.
7Mheall do chomhghuaillithe go léir thú!
thiomáin siad go himill do chríoch thú.
Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort;
chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat.
–‘Níl aon eagna fágtha aige.’
8Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna,
na saoithe as Eadóm an lá sin?
agus an eagna as Sliabh Éasau.
9Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán,
i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”
Ciontacht Eadóm
10“Beidh brat náire ort faoin bhforéigean
a rinneadh ar do bhráthair Iósaef,
agus rachaidh tú ar ceal go brách.
11An lá a sheas tú i leataobh
an lá a rug strainséirí a mhaoin leo,
agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach,
agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn,
ba gheall le duine díobh thú.
12Ach bʼolc an mhaise duit gur gheal leat
cás do bhráthar lá a mhí-áidh;
go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá,
lá a mífhortúin,
agus maíomh lá na duainéise.
13Bʼolc an mhaise duit go ndeachaigh tú geata mo phobail isteach,
lá a mhillte,
gur gheal leat a thubaiste,
lá a mhillte,
agus go ndearna tú creach ar a mhaoin,
lá a mhillte.
14Bʼolc an mhaise duit gur sheas tú ag gabhal an bhóthair
lena theifigh a theanntú;
gur thug tú fuíoll an áir ar láimh,
lá a dhuainéise.”
Lá an Tiarna
15Óir tá lá an Tiarna ar an tairseach ag na náisiúin go léir;
mar a rinne tú leo, déanfar leat;
fillfidh do bhearta ar do mhullach.
16Faoi mar a dʼól tusa ar mo shliabh naofa
ólfaidh na náisiúin go léir mórthimpeall;
ólfaidh siad agus beidh na cosa ag imeacht uathu,
agus rachaidh siad ar ceal amhail is nach raibh siad riamh ann.
17Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán,
agus beidh siad naofa;
agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin.
18Beidh teach Iacóib ina thine,
agus teach Iósaef ina lasair;
agus teach Éasau ina choinleach.
Cuirfear trí thine iad, agus loiscfear iad,
agus ní fhágfar duine de theach Éasau beo.
Tá an Tiarna tar éis labhairt.
Iosrael Nua
19“Beidh seilbh ag lucht an Neigib ar Shliabh Éasau, agus ag lucht na nÍsleán ar thír na bhFilistíneach; beidh seilbh acu ar thír Eafráim, agus ar thír na Samáire, agus beidh seilbh ag Biniáimin ar Ghileád, 20Deoraithe an airm seo, clann Iosrael, beidh seilbh acu ar Fhéinícia, chomh fada le Zárafat. Na deoraithe ó Iarúsailéim, atá in Safárat, beidh seilbh acu ar bhailte an Neigib. 21Rachaidh lucht ceannais suas go Sliabh Shíón, le Sliabh Éasau a rialú, agus beidh an Tiarna i réim.”
Currently Selected:
Obaidiá 1: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.