Amós 9
9
An Cúigiú Fís
1Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra.
Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha.
Dúirt sé: “Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir;
maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh,
ní éalóidh aon duine,
ní thiocfaidh aon duine slán.
2Má thochlann siad a mbealach go Seól
tarraingeoidh mo lámhsa as iad;
má dhreapann siad go harda neimhe
cuirfidh mé dʼiallach orthu teacht anuas.
3Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil
cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad;
má théann siad i bhfolach uaim
i ngrinneall na farraige ordóidh mé
don Nathair greim a bhaint astu ansiúd.
4Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iad
ordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin,
agus ní le gnaoi ach le holc chucu
a choimeádfaidh mé súil orthu.”
5An Tiarna Dia na Slua,
baineann sé leis an domhan agus leánn é,
agus caoineann cách dá gcónaíonn ann;
éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Níl
agus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte.
6Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas,
agus leagann a stua ar an talamh.
Glaonn sé ar uiscí na farraige
agus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún.
Is é an Tiarna a ainm.
7“Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach,
a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna.
“Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt,
nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór
agus na hAramaeigh ó Chír?
8Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúil
agus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún;
ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,”
a deir an Tiarna.
9“Óir, féach, ordóidh mé teach Iosrael
a chraitheadh i measc na gciníocha go léir
mar a chraithfeá arbhar le criathar;
ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh.
10Éagfaidh an uile pheacach de mo phobalsa leis an gclaíomh,
iadsan a deir: ‘Ní bhéarfaidh an t‑olc orainne
ná ní thiocfaidh sé fhad linn.’ ”
Dúnadh: Athbhunú Iosrael
11“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár,
druidfidh mé a bhearnaí,
deiseoidh mé na fothraigh,
atógfaidh mé é mar a bhí anallód,
12ionas go mbeidh ar a gcumas iarmhar Eadóm
agus na náisiúin uile arb é mʼainmse atá orthu a ghabháil,”
a deir an Tiarna, an té a chuirfidh na nithe sin i gcríoch.
13“Féach, tiocfaidh na laethanta,” a deir an Tiarna,
“nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí,
agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir;
silfidh na sléibhte fíon milis
a rithfidh ina slaoda ón uile chnoc.
14Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair;
tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu;
cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon;
saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.
15Suífidh mé ina ndúiche féin iad, agus go deo arís ní sracfar iad
ón tír atá tugtha agamsa dóibh,”
a deir an Tiarna, bhur nDia.
Currently Selected:
Amós 9: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: