Uimhreacha 5
5
Dlíthe ar Leith
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Ordaigh do chlann Iosrael gach lobhar agus gach duine óna bhfuil sileadh, nó atá truaillithe trí bhaint le corpán, a chur as an gcampa amach. 3Cuirigí as an gcampa amach iad idir fhir agus mhná, agus coinnigí ón gcampa iad, i dtreo nach dtruailleodh clann Iosrael ar an gcaoi sin an campa ina mairim ina measc.” 4Rinne clann Iosrael amhlaidh; chuireadar as an gcampa amach iad. Rinne clann Iosrael mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.
5Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 6“Abair le clann Iosrael:
Má dhéanann fear nó bean aon cheann de na peacaí trína bhfeallann duine ar an Tiarna, tá an duine sin ciontach. 7Déanadh sé an peaca a rinne sé a admháil agus an tsuim iomlán dá bhfuil sé freagrach a aisíoc, agus cúigiú de bhreis léi; déanadh sé an t‑aisíoc leis an té ar a ndearna sé an éagóir. 8Ach mura mbíonn gaol ag an duine lena bhféadfaí an t‑aisíoc san éagoir seo a dhéanamh, filleann an t‑aisíoc atá ag dul don Tiarna ar an sagart, de bhreis ar an reithe leorghnímh lena ndéanann an sagart leorghníomh ar son an chiontaigh. 9Óir de gach rud a choisriceann clann Iosrael agus a thugtar chun an tsagairt, tá ceart aige chun na coda a chuirtear ar leithrigh. 10Cibé rud a choisriceann duine is leis féin é; cibé rud a thugann duine don sagart, is leis an sagart é.”
11Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 12“Labhair le clann Iosrael agus abair:
“Má théann bean duine ar fán agus go mbíonn sí mídhílis dó, 13má luíonn fear eile léi gan fhios dá céile, agus má thruaillíonn sí í féin gan fhios ar an gcuma seo, gan aon fhinné ina coinne, agus nach mbeirtear uirthi sa ghníomh, 14agus ansin taom éada a theacht ar an gcéile agus go dtagann éad air faoina bhean a thruailligh í féin: nó arís má bhuaileann taom éada é agus go dtagann éad air faoina bhean fiú amháin agus gan í tar éis a truaillithe, 15ní foláir don fhear a bhean a thabhairt os comhair an tsagairt, agus ofráil deachú éafá min eorna a dhéanamh. Ná doirteadh sé ola uirthi, agus ná cuireadh sé túis chumhra uirthi, óir is ‘abhlann éada’ í seo, abhlann chuimhneacháin i gcuimhne ar locht.
16Tugadh an sagart an bhean i láthair ansin, agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í. 17Tógadh sé uisce coisricthe ansin i soitheach cré agus cuireadh sé san uisce roinnt smúite a thógfaidh sé dʼurlár an taibearnacail. 18Tar éis don sagart an bhean a chur i láthair an Tiarna, scaoileadh sé le folt a cinn agus cuireadh sé an abhlann chuimhneacháin (an abhlann éada is é sin) ina lámha. Bíodh uisce an tseirfin, an sás mallachta, ina láimh féin. 19Cuireadh sé an bhean ansin faoi bhrí na mionn. Abradh sé léi: ‘Mura fíor gur luigh fear leat agus go ndeachaigh tú ar fán agus gur thruailligh tú thú féin agus tú faoi údarás dʼfhear céile, ansin ná déanadh uisce seo an tseirfin, sás na mallachta, aon dochar duit. 20Ach más fíor go ndeachaigh tú ar fán agus tú faoi údarás dʼfhear céile, agus gur thruailligh tú thú féin ag roinnt do leapa le fear seachas do chéile’– 21ag an bpointe seo cuireadh an sagart faoi deara don bhean mionn na mallachta a thabhairt agus abradh sé léi–‘go ndéana an Tiarna mallú agus mionn díot i measc an phobail ag seargadh do shliasta agus ag at do bhoilg. 22Go dté uisce seo na mallachta isteach i do chliabhlach, go n‑ata sé do bholg agus go searga sé do shliasaid!’ Freagraíodh an bhean: ‘Amen, Amen!’ 23Breacadh an sagart na mallachtaí seo i leabhar agus níodh sé glan iad in uisce an tseirfin. 24Cuireadh sé faoi deara don bhean ansin uisce an tseirfin agus na mallachta a ól agus rachaidh an t‑uisce mallachta isteach inti agus beidh sé searbh istigh inti. 25Tógadh an sagart abhlann an éada as láimh na mná agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í le comharthaí sóirt ofrála, agus tugadh sé chun na haltóra í. 26Tógadh sé dorn den abhlann mar chuid chuimhneachán agus dódh sé ar an altóir é. Ansin cuireadh sé faoi deara don bhean an t‑uisce a ól. 27Tar éis dó é a chur dʼiallach uirthi é a ól, más fíor gur thruailligh sí í féin agus gur fheall sí ar a fear, ansin beidh an t‑uisce mallachta a théann inti searbh go cinnte; atfaidh a bolg agus seargfaidh a sliasaid agus beidh sí ina hábhar gránach i measc a muintire. 28Ach murar thruailligh sí í féin agus go bhfuil sí glan, ansin rachaidh sí slán agus beidh clann uirthi.
29Sin é an gnás i gcásanna éada, nuair a théann bean ar fán agus í féin a thruailliú agus í faoi údarás a fir, 30nó nuair a bhuaileann taom éada fear agus go dtagann éad air faoina bhean. Nuair a thugann fear bean mar sin i láthair an Tiarna, cuireadh an sagart an gnás seo i bhfeidhm uirthi go hiomlán. 31Beidh an fear gan chiontacht, ach, ní foláir don bhean pionós a peaca a iompar.”
Currently Selected:
Uimhreacha 5: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.