YouVersion Logo
Search Icon

Nihimiá 1:7-9

Nihimiá 1:7-9 ABN

Is coiriúil coirpeach a pheacaíomar i dʼaghaidh, gan na haitheanta, na dlíthe ná na gnásanna a leag tú ar do shearbhónta Maois a chomhlíonadh. Cuimhnigh, impím ort, ar an bhfoláireamh a thug tú do Mhaois do shearbhónta: ‘Má bhíonn sibh mídhílis, déanfaidh mé sibh a scaipeadh i measc na gciníocha; ach má fhilleann sibh agus mʼaitheanta a choimeád agus a chleachtadh, fiú dá mbeadh bhur ndíbeartaigh ar fán thar íor na spéire is faide i gcéin, déanfaidh mé iad a chruinniú ón áit sin agus a thabhairt ar ais chun na háite a roghnaigh mé le mʼainm a lonnú ann.’