Matha 7
7
Ná Tugaigí Breith
1“Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh; 2óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.
3“Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n‑airíonn tú an tsail i do shúil féin? 4Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: ‘Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit’; agus sin í an tsail i do shúil féin! 5A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar.
6“Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.
7“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. 8Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. 9Nó cén duine agaibh a n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? 10Nó más iasc a iarrann, an sínfidh sé nathair nimhe chuige? 11Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?
An Riail Órga: An Dá Bhóthar
12“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.
13“Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach. 14Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.
Na Fáithe Bréige a Sheachaint
15“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh. 16Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó fígí dʼfheochadáin? 17Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí. 18Ní féidir don chrann maith drochthorthaí a thabhairt, ná don drochchrann torthaí fónta a thabhairt. 19Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é. 20Agus dá réir sin, is ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad.
21“Ní hé gach aon duine a deir liom: ‘A Thiarna, a Thiarna!’ a rachaidh isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil mʼAthar atá ar neamh. 22Déarfaidh mórán liom an lá sin: ‘A Thiarna, a Thiarna, nach i dʼainmse a rinneamar tairngreacht, agus i dʼainm a chaitheamar amach na deamhain, agus fós nach i dʼainm a rinneamar mórán míorúiltí?’ 23Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: ‘Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim, sibhse a dhéanann an t‑olc!’
24“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig: 25thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus ghabh siad ar an teach sin, ach níor thit sé, mar bhí bonn carraige faoi.
An Focal Scoir
26“Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh: 27thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.”
28Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc; 29á dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin.
Currently Selected:
Matha 7: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.