YouVersion Logo
Search Icon

Matha 13

13
Parabail na Ríochta: An Síoladóir
1Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, 2agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. 3Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail.
Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. 4Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas. 5Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d'eascair sé gan mhoill. 6Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d'fheoigh sé de cheal fréimhe. 7Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d'fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. 8Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. 9A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
An Fáth a Labhraíonn Críost i bParabail
10Tháinig na deisceabail chuige á rá: “Cén fáth ar i bparabail atá tú ag caint leo?” 11Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd. 12Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. 13Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint. 14Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia:
‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh,
beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh,
15óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre,
d'éist siad le cluasa bodhránta,
d'iaigh siad a súile,
d'eagla go mbeadh radharc na súl acu,
ná clos na gcluas,
ná tuiscint an chroí,
agus go n‑iompóidís agus go leigheasfainn iad.’
16“Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n‑éisteann siad. 17Deirim libh go fírinneach, b'é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”
Parabal an tSíoladóra á Mhíniú
18“Sibhse mar sin, éistigí le parabal an tsíoladóra. 19Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair. 20An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach, 21ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air. 22An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é. 23Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”
An tArbhar agus an Cogal
24Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort. 25Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d'imigh. 26Tháinig an t‑arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin. 27Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’ 28Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaí leis, ‘go rachaimis á bhailiú chun a chéile?’ 29‘Ná déanaigí,’ ar seisean, ‘ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t‑arbhar aníos san am céanna. 30Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t‑arbhar isteach i mo scioból.’ ”
An Gráinne Mustaird: An Ghabháil
31Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort. 32Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.”
33D'inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”
34Labhair Íosa na nithe sin uile i bparabail leis na sluaite: ní dhéanadh sé caint ar bith leo gan pharabal, 35agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh:
“Labhróidh mé i bparabail,
nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.”
Parabal an Chogail á Mhíniú
36D'fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.” 37D'fhreagair sé iad á rá: “An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine. 38Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal, 39agus is é an diabhal an namhaid a scaipeann é. Is é deireadh an tsaoil an fómhar agus is iad na haingil na buanaithe. 40Amhail mar a bhailítear an cogal chun é dhó sa tine, sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil. 41Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t‑olc, 42agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. 43Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
An Stór Folaithe: An Péarla: An Eangach
44“Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d'aimsigh é d'fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.
45“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. 46Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus d'imigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
47“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt. 48Ar bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu. 49Sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil: rachaidh na haingil amach agus scarfaidh siad na drochdhaoine ó na fíréin 50agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
51“Ar thuig sibh na nithe sin uile?” “Thuigeamar,” ar siad leis. 52Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”
Íosa ina Dhúiche Féin
53Ansin, nuair a bhí deireadh na bparabal sin inste aige, d'fhág Íosa an áit sin; 54agus ar theacht ina dhúiche féin dó, bhíodh sé ag teagasc na ndaoine ina sionagóg, ionas gur ghabh iontas iad: “Cá bhfuair sé seo,” deiridís, “an eagna seo agus na míorúiltí? 55Nach é mac an tsaoir adhmaid é seo? Nach í a mháthair an bhean a bhfuil Muire uirthi? Agus nach iad Séamas agus Iósaef agus Síomón agus Iúdás a bhráithre? 56A shiúracha freisin, nach bhfuil siad uile inár measc? Cá bhfuair sé na nithe seo uile, mar sin?” 57Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche agus ina theaghlach féin.” 58Agus ní dhearna sé mórán míorúiltí ansiúd de dheasca a ndíchreidimh.

Currently Selected:

Matha 13: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy