YouVersion Logo
Search Icon

Léivític 4

4
An Íobairt Pheaca
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Labhair le clann Iosrael agus abair:
Má pheacaíonn aon duine le barr neamhaire in aghaidh aon cheann dʼaitheanta an Tiarna agus ceann de na nithe a choisc sé a dhéanamh, sa chás sin:
3Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin. 4Tugadh sé an tarbh i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; leagadh sé a lámh ar cheann an tairbh agus maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna. 5Tógadh an sagart ungtha cuid dʼfhuil an tairbh agus tugadh sé leis isteach i mBoth na Teagmhála í. 6Tumadh an sagart ungtha a mhéar san fhuil agus croitheadh sé cuid den fhuil seacht n‑uaire os comhair fhial an tsanctóra i láthair an Tiarna. 7Ansin cuireadh an sagart beagán den fhuil ar bheanna altóir na túise cumhra i láthair an Tiarna i mBoth na Teagmhála; agus doirteadh sé an chuid eile de fhuil an tairbh ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála. 8Seo leanas a dtógfaidh sé de shaill tharbh íobairt an pheaca: an tsaill timpeall an ionathair agus an tsaill ar an ionathar, 9an dá dhuán agus an tsaill orthusan, agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin– 10mar a bhaintear ón ainmhí a íobraítear san íobairt chomaoineach–agus ní foláir don sagart an méid sin a dhó ar altóir an uileloiscthe. 11Ach seithe an tairbh agus a fheoil go léir agus a cheann agus a chosa agus a ionathar agus a otrach– 12an tarbh go léir, ní foláir é a bhreith ón gcampa amach go háit ghlan, mar a gcaitear amach an luaithreach, agus é a dhó ann ar thine bhrosna.
13Má dhéanann comhthionól Iosrael go léir peaca le barr neamhaire, agus rud éigin, atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, a dhéanamh gan fhios don chuallacht, agus go mbíonn siad ciontach, 14ofráladh an comhthionól tarbh óg gan mháchail ón táin mar íobairt pheaca nuair a thagann an peaca a rinneadar chun solais. Tugtar an tarbh os comhair Bhoth na Teagmhála, 15agus leagadh seanóirí an chomhthionóil a lámha ar cheann an tairbh i láthair an Tiarna, agus maraítear an tarbh i láthair an Tiarna. 16Ansin tugadh an sagart ungtha cuid de fhuil an tairbh go Both na Teagmhála. 17Ansin tumadh an sagart a mhéar san fhuil agus croitheadh sé í seacht n‑uaire os comhair an fhéil i láthair an Tiarna. 18Cuireadh sé beagán den fhuil ar bheanna na haltóra atá os comhair an Tiarna i mBoth na Teagmhála, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála. 19Ansin baineadh sé an tsaill go léir as an ainmhí agus dódh sé í ar an altóir. 20Déanadh sé leis an tarbh seo mar a rinne le tarbh an íobairt pheaca; déantar mar ar an gcéanna leis. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh ar son an phobail agus maithfear dóibh. 21Ní foláir dó an tarbh a bhreith amach as an gcampa agus a dhó mar a rinne leis an gcéad cheann. Íobairt pheaca ar son an chomhthionóil í seo.
22Má pheacaíonn uachtarán le barr neamhaire agus rud éigin de na nithe go léir atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a Dhia a dhéanamh agus é féin a fhágáil ciontach, 23nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé mar sin, tugadh sé leis, mar íobairt, gabhar, ceann fireann gan mháchail. 24Leagadh sé a lámh ar cheann an ghabhair agus maraíodh sé é mar a mharaítear an t‑íobarthach le huileloscadh i láthair an Tiarna. Íobairt pheaca í seo. 25Ansin tógadh an sagart beagán dʼfhuil an íobairt pheaca lena mhéar agus cuireadh sé ar bheanna altóir an uileloiscthe í; doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe. 26Agus dódh sé a shaill go léir ar an altóir dála saille an íobairt chomaoineach. Sin mar atá an sagart le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon seo á shaoradh ón bpeaca, agus maithfear dó.
27Má pheacaíonn duine den ghnáthphobal le barr neamhaire agus go bhfágann sé é féin ciontach mar go ndéanann sé rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, 28nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé, tugadh sé leis, mar íobairt ar son an pheaca a rinne, gabhar, minseach gan mháchail. 29Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh pheaca agus maraíodh sé an t‑íobarthach peaca mar a maraítear na huileloiscthigh. 30Tógadh an sagart beagán dá fhuil ar a mhéar agus cuireadh sé í ar bheanna altóir an uileloiscthe, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra. 31Baineadh sé an tsaill go léir de mar a bhaintear i gcás íobairt chomaoineach agus dódh an sagart í ar an altóir, agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna; agus déanfaidh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon agus maithfear dó.
32Más uan a thugann sé leis mar íobairt pheaca, tugadh sé leis ceann baineann gan mháchail. 33Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh pheaca, agus maraíodh sé é mar íobairt pheaca mar a maraítear na huileloiscthigh. 34Tógadh an sagart beagán dʼfhuil an íobairt pheaca ar a mhéar agus cuireadh sé í ar bheanna altóir an uileloiscthe, agus doirteadh sé an chuid eile dá fuil ag bun na haltóra. 35Baineadh sé an tsaill go léir aisti mar a dhéantar leis an gcaora san íobairt chomaoineach; dódh an sagart í go léir ar an altóir ar na hofrálacha uileloiscthe don Tiarna. Sin mar a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh ar son an duine agus maithfear dó.

Currently Selected:

Léivític 4: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Léivític 4