YouVersion Logo
Search Icon

Iósua 8

8
Gabháil Háí
1Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam. 2Déan le Háí agus lena rí mar a rinne tú le Ireachó agus lena rí. Maidir le creach, ná tógaigí ach a mhaoin agus a eallach daoibh féin. Cuir luíochán ar an gcathair i leith a cúil.” 3Ansin dʼéirigh Iósua agus a lucht cogaidh go léir chun ionsaí a dhéanamh ar Háí. Thogh Iósua tríocha mile gaiscíoch agus sheol uaidh iad i gcoim na hoíche, 4leis na horduithe seo: “Féach, téigí i luíochán ar an gcathair i leith a cúil, ach ina cóngar; bígí ar bhur n‑aire. 5Rachaidh mise agus a bhfuil de dhaoine i mo theannta faoi dhéin na cathrach; nuair a thiocfaidh siadsan amach inár gcoinne mar a rinneadar an chéad uair, teithfimid uathu. 6Rachaidh siadsan sa tóir orainn agus meallfaimid ón gcathair iad agus iad á rá: ‘Tá siad ag teitheadh uainn mar a rinneadar an uair dheireanach.’ Teithfimidne rompu, más ea, 7agus tiocfaidh sibhse as bhur luíochán agus gabhfaidh sibh an chathair, óir tabharfaidh an Tiarna bhur nDia ar láimh daoibh í. 8Nuair a bheidh an chathair gafa agaibh, cuirigí trí thine í de réir aithne an Tiarna. Féachaigí chuige go ndéanfaidh sibh mar a dʼordaigh mé daoibh.” 9Sheol Iósua chun siúil iad dá bhrí sin, agus chuadar chun an láthair luíocháin idir Béitéil agus Háí, laistiar de Háí. Chaith Iósua an oíche sin i measc an phobail.
10Dʼéirigh Iósua go moch ar maidin, chuir sé tionól ar an bpobal agus chuir sé féin agus seanóirí Iosrael chun siúil roimh an bpobal i gcoinne Háí. 11Ghabh na fir chogaidh go léir ina theannta suas os comhair na cathrach agus shuíodar a gcampa lastuaidh de Háí agus gleann idir iad agus Háí. 12Thug sé leis timpeall cúig mhíle fear agus chuir i luíochán iad idir Béitéil agus Háí, laistiar den chathair. 13Sin mar a suíodh an slua–campa an phobail lastuaidh den chathair agus lucht an luíocháin laistiar di; chaith Iósua an oíche sin sa ghleann féin. 14Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair. 15Lig Iósua agus clann Iosrael go léir orthu go rabhthas á gcloí acu agus theitheadar i dtreo an fhásaigh. 16Glaodh ar a raibh sa chathair chun dul sa tóir orthu agus nuair a chuadar sa tóir ar Iósua dʼfhágadar an chathair féin gan chosaint. 17Níor fágadh fear i Háí (ná i mBéitéil) nár ghabh amach ar thóir Iosrael; dʼfhágadar an chathair ar leathadh agus leanadar Iosrael.
18Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Sín an ga atá i do láimh i gcoinne Háí óir táim ar tí í a thabhairt i do láimh duit.” Agus shín Iósua an ga a bhí ina láimh aige i gcoinne na cathrach. 19A luaithe a shín sé a lámh dʼéirigh lucht an luíocháin go mear as a láthair agus ritheadar ar aghaidh agus isteach sa chathair leo; ghabhadar í agus chuireadar trí thine í gan mhoill. 20Nuair a dʼfhéach muintir Háí siar chonaiceadar an deatach ag éirí ón gcathair chun na spéire; ní raibh breith acu ar theitheadh mar seo ná mar siúd, mar an mhuintir a theith i dtreo an fhásaigh, dʼfhilleadar ar ais ar an tóir. 21Nuair a chonaic Iósua agus clann Iosrael go léir go raibh an chathair gafa ag lucht an luíocháin, agus deatach na cathrach ag éirí in airde, dʼiompaíodar ar ais agus dʼionsaíodar muintir Háí. 22Tháinig an dream eile amach as an gcathair ina n‑aghaidh chomh maith i dtreo go rabhadar teanntaithe ag na hIosraelaigh, cuid díobh seo ar thaobh agus an chuid eile ar an taobh eile. Thugadar fúthu go dtí nár fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil díobh, 23ach gur gábhadh rí Háí ina bheatha agus gur tugadh go Iósua é. 24Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, dʼfhill clann Iosrael go léir ar Háí agus dʼimríodar faobhar claímh uirthi. 25Ba é líon na ndaoine a thit an lá sin, idir fhir agus mhná, dhá mhíle dhéag. De mhuintir Háí iad uile.
26Níor tharraing Iósua ar ais an lámh lenar shín sé an ga nó gur scrios sé lucht Háí go léir. 27Níor thug clann Iosrael leo mar chreach as an gcathair sin ach a heallach agus a héadáil de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Iósua. 28Loisc Iósua Háí agus dʼfhág ina fothrach follamh í go brách, mar atá sí inniu féin. 29Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine dʼordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.
Íobairt ar Shliabh Éabál–agus an Dlí á Léamh ann
30Ansin thóg Iósua altóir don Tiarna, Dia Iosrael, ar Shliabh Éabál, 31faoi mar a dʼordaigh Maois óglach an Tiarna do chlann Iosrael de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois, “altóir de chlocha nár snoíodh agus nár luigh aon uirlis iarainn riamh orthu”; agus dʼofráladar íobairtí dóite uirthi don Tiarna agus íobairtí comaoineach chomh maith.
32Ansiúd ar na clocha scríobh Iósua, i láthair phobal Iosrael, cóip den dlí a scríobh Maois. 33Ansin Iosrael go léir, deoraí agus dúchasach, idir sheanóirí agus scríobhaithe agus bhreithiúna–sheas siad ar dhá thaobh na háirce os comhair na sagart Léivíteach a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna; bhí leath díobh os coinne Shliabh Ghirizím agus leath os coinne Shliabh Éabál faoi mar a dʼordaigh Maois óglach an Tiarna de chéaduair do bheannú phobal Iosrael. 34Ina dhiaidh sin léigh Iósua briathra uile an dlí, na beannachtaí agus na mallachtaí, de réir mar atá scríofa i leabhar an dlí. 35Ní raibh focal dár aithin Maois nár léigh Iósua do chomhthionól chlann Iosrael go léir idir mhná agus leanaí, agus dheoraithe ag cur fúthu ina measc.

Currently Selected:

Iósua 8: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in