YouVersion Logo
Search Icon

Iósua 5

5
1Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael. 2Um an dtaca sin dúirt an Tiarna le Iósua: “Déan sceana breochloiche agus déan clann Iosrael a thimpeallghearradh arís den dara huair.” 3Rinne Iósua sceana breochloiche agus thimpeallghearr sé clann Iosrael ar Chnoc na bhForchraiceann. 4Sé cúis gur thimpeallghearr Iósua iad ná seo: na fireannaigh go léir ar an bpobal a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, fuaireadar bás san fhásach ar an tslí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt amach. 5An mhuintir go léir a tháinig amach do timpeallghearradh iad; ach an méid daoine a rugadh san fhásach ar a slí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt, níor timpeallghearradh iadsan. 6Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. 7Is iad a gclann dá bhrí sin, an mhuintir a thóg sé ina n‑áit, a thimpeallghearr Iósua; bhíodarsan gan timpeallghearradh mar nár timpeallghearradh iad ar an tslí. 8Nuair a bhí timpeallghearradh déanta ar an bpobal ar fad, dʼfhanadar mar a raibh acu sa champa nó gur chneasaíodar. 9Agus dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin rinne mé aithis na hÉigipte a dhíbirt uaibh.” Uime sin tugadh Gilgeál ar an áit go dtí an lá atá inniu ann.
10Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó. 11Amárach na Cásca, an lá sin díreach, dʼitheadar cuid de thorthaí na tíre, cístí gan ghabháile agus arbhar tíortha. 12As sin ar aghaidh, ón uair a dʼitheadar cuid de thorthaí na tíre, níor thit an manna a thuilleadh; bhí clann Iosrael gan mhanna as sin amach, ach dʼitheadar torthaí thír Chanán an bhliain sin.
Gabháil Ireachó
13Nuair a bhí Iósua i ngar do Ireachó, dʼardaigh sé a shúile, chonaic fear ina sheasamh ansiúd os a chomhair, agus claíomh nocht ina láimh aige. Shiúil Iósua ina threo agus dúirt leis: “An ar ár dtaobhna atá tú, nó ar thaobh ár naimhde?” 14Dʼfhreagair sé: “É seo eile,” ar sé, “is mé captaen arm an Tiarna. Táim ag teacht anois...” Thit Iósua ar a bhéal agus ar a fhiacla chun talún agus dʼadhar é agus dúirt leis: “Cad iad orduithe mo Thiarna dá shearbhónta?” 15Dʼfhreagair captaen arm an Tiarna Iósua: “Bain do chuaráin de do chosa, óir is naofa é an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh.” Agus rinne Iósua rud air.

Currently Selected:

Iósua 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in