YouVersion Logo
Search Icon

Ióna 4

4
Cantal Incháinte Ióna: Iltrócaire Dé
1Bhí Ióna an-mhíshásta leis seo agus tháinig fearg air. 2Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc. 3Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois mʼanam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.” 4“An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin?” arsa an Tiarna leis.
5Dʼimigh Ióna leis agus chuir sé faoi ar an taobh thoir den chathair. Thóg sé botháinín dó féin ann agus shuigh sé síos faoina scáth; dʼfhan sé ansin chun go bhfeicfeadh sé cad a tharlódh sa chathair. 6Ansin shocraigh an Tiarna Dia go bhfásfadh planda suas os cionn Ióna chun fothain a thabhairt dó i dtreo go bhfaigheadh sé faoiseamh éigin óna anró. Ábhar mór áthais do Ióna ba ea an planda seo. 7Ach an lá dár gcionn, le breacadh an lae, shocraigh Dia go ndéanfadh péist éigin ruathar ar an bplanda agus go bhfeofadh sé. 8Nuair a dʼéirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”
9Dúirt Dia leis ansin: “An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin mar gheall ar an bplanda?” “Is ceart go deimhin,” dʼfhreagair Ióna, “is ea agus chomh feargach sin le bás a fháil dá bharr.” 10Dúirt an Tiarna: “Is trua leatsa an planda seo cé nár chuir tú aon dua ort féin leis agus nach tusa a chuir ag fás é; phéac sé aníos ó fhréamh san aon oíche amháin agus dʼfheoigh sé an oíche chéanna. 11Agus nach ceart trua a bheith agamsa do Nínivé, an chathair mhór sin, ina bhfuil breis agus céad is fiche míle duine nach eol dóibh conas rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an t‑olc gan trácht ar na beithígh gan áireamh atá inti?”

Currently Selected:

Ióna 4: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in