YouVersion Logo
Search Icon

Ióna 3

3
Géilleadh Ióna: Aithrí na Nínivéach
1Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna athuair: 2“Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair ina haghaidh an t‑oracal a thabharfaidh mé duit.” 3Dʼéirigh Ióna ach an uair seo as go brách leis go Nínivé faoi mar a dʼordaigh an Tiarna dó. Dar ndóigh, cathair as cuimse mór ba ea Nínivé; thógfadh sé trí lá ó dhuine í a thrasnú. 4Isteach le Ióna sa chathair agus is ar éigean a bhí turas aon lae amháin siúlta aige agus an t‑oracal seo á fhógairt aige: “I gceann daichead lá eile scriosfar Nínivé,” 5nuair a chreid muintir Nínivé i nDia. Dʼfhógair siad troscadh agus chuir siad go léir, idir uasal agus íseal sacéadach orthu féin.
6Nuair a chuala rí Nínivé an scéal, dʼéirigh sé ina sheasamh óna ríchathaoir, bhain a fhallaing ríoga de, chuir sacéadach air féin agus shuigh síos sa luaithreach. 7Ansin chuir sé an forógra práinneach seo á chraoladh ar fud Nínivé: “Forógra an rí agus a mhóruaisle: Ná blaiseadh duine ná ainmhí, táin ná tréad aon ní; ná hithidís bia, ná hólaidís uisce. 8Cuireadh idir dhaoine agus ainmhithe sacéadach orthu féin agus glaoidís os ard ar Dhia. Tréigeadh cách a ndrochiompar agus cuiridís díobh an lámh láidir. 9Cá bhfios ná go ndéanfadh Dia athchomhairle agus go dtiocfadh aithreachas air agus go n‑imeodh an fhearg de agus nach gcaillfí sinne?” 10Chonaic Dia cad a rinne siad agus conas mar a thréig siad a ndrochiompar. Mar sin de, tháinig aithreachas air i dtaobh na tubaiste a bhí sé tar éis a bhagairt orthu agus níor chuir sé i gcrích í.

Currently Selected:

Ióna 3: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in