YouVersion Logo
Search Icon

Ióna 2

2
1Ansin shocraigh an Tiarna go ndéanfadh iasc mór Ióna a shlogadh siar ina chraos agus chaith Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg an éisc.
2Ghuigh Ióna as bolg an éisc chun an Tiarna, a Dhia, mar a leanas:
Salm Buíochais
3“Nuair a bhí mé i gcruachás,
scread mé ar an Tiarna,
agus thug sé cluas do mo ghuí;
ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ort
agus dʼéist tú le mo ghuth.
4Theilg tú mé síos san aibhéis,
i ndoimhneacht na farraige,
mar ar thimpeallaigh an díle mé,
agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile
ag madhmadh tharam.
5Dúirt mé liom féin, mar sin:
‘Tá mé díbeartha as do láthair.
Conas a gheobhaidh mé radharc arís
ar do Theampall naofa?’
6Bhí na huiscí do mo chiorclú,
agus mé i mbaol mo mhúchta;
bhí an duibheagán ag brú isteach orm ó gach taobh
agus chuaigh mo cheann in ascar san fheamainn.
7Síos liom go fréamhacha na sléibhte;
bhí barraí fhearann an Bháis
á ndaingniú orm feasta choíche.
Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mé
go beo beathach,
a Thiarna, a Dhia liom!
8Agus mé ag dul i laige le giorra anála,
chuimhnigh mé ar an Tiarna
agus tháinig mʼachainí chugatsa,
chomh fada le do Theampall naofa:
9Go n‑éirí lucht adhartha íol gan éifeacht
as a mbaothdhílseacht dóibh.
10I dtaca liomsa de, áfach
ofrálfaidh mé íobairt duit
mar aon le caintic bhuíochais;
agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé.
Is don Tiarna is dleacht
an fhuascailt a dhéanamh.”
11Ansin labhair an Tiarna leis an iasc agus ar an bpointe sceith sé Ióna aníos ar an talamh tirim.

Currently Selected:

Ióna 2: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in