Iób 9
9
Cóir Dé i Reim
1Ansin dʼfhreagair Iób agus dúirt:
2Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá;
Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?
3Dá mbʼáil leis conspóid a dhéanamh leis
Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.
4Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart.
Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?
5Eisean a dʼaistrigh na sléibhte gan fhios dóibh;
Agus déanann sé iad a threascairt ina fhraoch.
6Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad,
Ionas go gcritheann a colúin go léir.
7Eisean a thugann ordú don ghrian ionas nach n‑éiríonn sí,
Agus a chuireann na réaltaí i bhfolach.
8Eisean amháin a leath na spéartha amach,
Agus a shatail ar thonnta na mara.
9Eisean a rinne an Camchéachta agus Slat an Rí,
An Treighdín agus Réaltaí Lána an Deiscirt.
10Eisean a dhéanann éachtaí thar cuimse
Agus iontais thar áireamh.
11Féach! Gabhann sé tharam, agus ní fheicim é;
Gluaiseann sé thar bráid, agus ní thugaim faoi deara é.
12Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc?
Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”?
13Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloí
Agus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.
14Nach lú ná sin fós a dʼfhéadfainnse freagra a thabhairt air,
Agus mo bhriathra a roghnú ina aghaidh?
15Fág go bhfuilim sa cheart, ní fhéadfainn freagra a thabhairt.
Óir an té a chúisím, is é freisin is breitheamh.
16Dá gcuirfinn toghairm air agus go bhfreagródh seisean mé,
Ní chreidim go n‑éistfeadh sé le mo bhriathar.
17Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,]
Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.
18Eisean nach ligeann dom anáil a tharraingt
Agus a líonann mé le dobrón.
19Más neart atá i gceist–siúd é an tUilechumhachtach!
Más cúirt bhreithiúnais, cé dhéanfaidh é a sheirbheáil?
20Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé;
Dá mbeinn gan choir, dʼáiteodh sé coir orm.
21Mé a bheith neamhchiontach–ní bheadh a fhios sin agam.
Chaithfinn uaim mʼanam féin.
22Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim:
Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.
23Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann,
Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh.
24Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach;
Cuireann sé folach ar aghaidh a bhreithiúna.
Nó murab eisean, cé heile?
25Is mire mo laethanta ná teachtaire reatha;
Teitheann siad, ní fheiceann siad aon sonas.
26Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí,
Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg.
27Má deirim: “Déanfaidh mé dearmad de mo ghearán,
Cuirfidh mé malairt cuntanóis orm féin, agus beidh mé gealgháireach”;
28Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm,
Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.
29Is mise a dhaorfaí,
Cad ab áil liom ag obair in aisce?
30Dá nífinn mé féin le huisce sneachta,
Agus mo lámha a ghlanadh le buac,
31Ansin do thumfá mé sa cheachair,
Agus ba ghráin le mo chuid éadaigh féin mé.
32Óir ní fear é, mo dhála-sa, le go dtabharfainn freagra air,
Agus go bpléifí ár gcúis le chéile.
33Níl aon idirghabhálaí eadrainn,
A leagfadh a lámh orainn araon.
34Baineadh sé díom a shlat,
Agus ná bíodh a scéin do mo sceonú;
35Ach labhróidh mé ansin gan eagla roimhe,
Ní mar sin a thaibhsím dom féin ar aon chor.
Currently Selected:
Iób 9: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.