Iób 30
30
1Ach is ceap magaidh mé anois
Ag na sóisir, ag dream is óige ná mé féin,
Nárbh fhiú liom a n‑aithreacha
A chur i bhfeighil mo thréad le mo mhadraí.
2Cén tairbhe dom neart a lámh,
Mar ní raibh aon lúth fágtha sa dream úd
3Le gannchúis agus le gorta!
Bhídís ag cogaint fréamha luíonna an fhásaigh,
4Agus na leamhaí buí agus duilliúr na dtor;
Ní raibh de bhia acu ach fréamh an aitinn.
5Tiomáineadh ó chomhluadar daoine iad;
Tógadh liú ina n‑aghaidh dála an ghadaí;
6Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta,
In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige.
7Bhídís ag lógóireacht i measc na dtor,
Agus ag brú ar a chéile sna neantóga.
8Síol gan uaisleacht gan mheas,
Scriosadh iad as an tír.
9Sin iad an dream anois a bhfuilim mar ábhar amhrán acu!
Táim i mo sceith béil acu.
10Tá an ghráin acu orm agus seachnaíonn siad mé.
Ní scorn leo seile a chaitheamh san aghaidh orm.
11De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé,
Chaitheadar an béalbhach as a mbéal.
12Ar dheis, tá an ghramaisc ag éirí i mo choinne,
Agus ag caitheamh asachán [liom],
Agus ag céimniú go bagrach i mʼaghaidh.
13Tá bac ar mo chosáin go léir acu le mé a scrios;
Ritheann leo agus níl aon duine lena gcosc.
14Tagann siad ar aghaidh mar a bheadh trí bhearna leathan,
Agus basctar mé faoin mbruscar.
15Scaoileadh uafáis liom,
Agus séideadh mʼonóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth,
Agus dʼimigh mo chonách uaim mar a bheadh néal.
16Tá mʼanam ag leá uaim,
Agus greim ag laethanta péine orm.
17Bíonn doitheacha i mo chnámha san oíche;
Bíonn pianta do mo chreimeadh gan sos.
18Rug [Dia] ar bhrat orm le teann nirt,
Agus fuair greim ar bhóna mʼfhallainge.
19Chaith sé sa dríb mé
Agus is cuma mé nó lathach is luaithreach.
20Glaoim ort gan freagra a fháil;
Seasaim os do chomhair, ach ní thógann tú ceann díom.
21Dʼéirigh tú cruálach ag plé liom,
Agus buaileann tú mé le neart do láimhe.
22Ardaíonn tú ó thalamh mé le hiompar ag an ngaoth,
Agus suaitheann tú mé i súil na stoirme.
23Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith,
Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.
24Ach ar leag mise lámh riamh ar na boicht
Agus iad ag glaoch ag lorg fóirithinte óna dtubaiste?
25Ghoil mé go deimhin ar son lucht an tsaoil bhrónaigh,
Agus chaoin mé cás an bhochtáin.
26Bhí mé ag súil leis an maith, ach sé an t‑olc a tháinig.
Bhí mé ag súil leis an solas, ach sé an dorchadas a thit.
27Tá suaitheadh ar mo chroí, gan suaimhneas air choíche,
Agus é gach lá ag iompar a ualach bróin.
28Gabhaim timpeall go dubhach, gan [sólás ar fáil dom].
Seasaim sa chomhthionól, ach is le glaoch ar chabhair.
29Is bráthair don seacál mé,
Agus comrádaí don ostrais.
30Dhúigh mo chraiceann orm
Agus tá mo chnámha á loscadh ag fiabhras.
31Tá mo chruit i dtiúin don olagón,
Agus mʼfheadóg do ghlór lucht an chaointe.
Currently Selected:
Iób 30: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.