YouVersion Logo
Search Icon

Iób 3

3
An Chéad Agallamh
Mallacht ar Lá a Bhreithe
1Faoi dheireadh dʼoscail Iób a bhéal agus chuir a mhallacht ar lá a bhreithe. 2Seo mar a dúirt sé:
3Scrios ar an lá a rugadh mé
Agus ar an oíche a dúirt: “Gineadh mac.”
4Gura dorchadas an lá sin!
Nár chuire Dia in Airde aon spéis ann!
Nár lonraí solas air.
5Gura seilbh dhílis ag gruaim agus ag scáil an bháis é!
Go luí na scamaill air,
Agus go scanraí urú an lae é!
6Go bhfaighe dorchadas tiubh greim ar an oíche úd,
Nár [chuirtear] í le laethe na bliana,
Nár áirítear i le líon na míonna!
7Bíodh an oíche úd gruama,
Nár thaga gáir áthais ina gaire!
8Go gcuire mallachtóirí an lae a mallacht uirthi,
Agus an mhuintir atá réidh Leiviatan a mhúscailt!
9Gura dorcha iad réaltaí a camhaoire;
Ná bíodh toradh ar a fuireach le solas;
Nár fheice sí fabhraí na maidine!
10Uch nár dhún sé comhlaí na broinne orm
Agus nár cheil an brón ar mo shúile.
11Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn,
Nach bhfuair mé bás ag teacht dom aisti?
12Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom,
Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl?
13Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas,
Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,
14Mar aon le ríthe agus le comhairleoirí na cruinne,
A thóg dóibh féin na láithreacha a bhí bánaithe,
15Nó le flatha a mbíodh ór ina seilbh,
Agus a líonadh a dtithe le hairgead;
16Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann],
Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas.
17Ansiúd a scoireann na hurchóidigh dá n‑urchóid
Agus ansiúd a bhíonn lucht tuirse faoi shuaimhneas.
18Bíonn na cimí ar a suaimhneas le chéile,
Gan guth an tseiléara le clos a thuilleadh.
19Is cuma uasal agus íseal ansiúd,
Agus tá an daor saor óna mhaistir.
20Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt?
Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama,
21An drong a shantaíonn an bás ach gan é a theacht
Agus gur mó a dtóir air ná ar chiste folaithe;
22An drong a bhíonn ag rince le corp lúcháire,
Agus iad ag déanamh gairdis nuair a shroicheann siad an uaigh;
23Cad chuige a dtugtar an solas don duine a bhfuil a shlí i bhfolach,
Agus ar thóg Dia fál ina thimpeall?
24Mar bhia tagann chugam mʼosnaíl
Agus scaoiltear le mʼuchláin ina dtuile.
25An rud is baol liom, tagann sé i gcrích orm;
An rud is eagal liom, titeann sé sa mhullach orm.
26Níl agam suaimhneas ná síoth,
Níl agam sos, ach buaireamh i mo dháil.

Currently Selected:

Iób 3: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in