Iób 29
29
Iób ag Caoineadh a Cháis
1Lean Iób air lena aitheasc ansin agus dúirt:
2Uch nach bhfuil an scéal agam mar a bhí sna míonna atá thart,
Agus sna laethanta ina raibh Dia i mo chúram.
3Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn,
Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas,
4Mar a bhí mé i laethanta mo shéin,
Nuair a chuir Dia fál timpeall mo bhotha;
5Nuair a bhí an tUilechumhachtach fós faram,
Agus mo chlann i mo thimpeall;
6Nuair a bhí mo chosa á ní le huachtar,
Agus ola ina slaoda ó na carraigeacha!
7Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach,
Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,
8Chonaic na hógánaigh mé agus chuaigh siad i leataobh,
Agus dʼéirigh na seanóirí ina seasamh.
9Scoir na flatha den chaint.
Agus leag méara ar a mbeola.
10Dʼéist glór na dtaoiseach,
Agus níor bhog a dteanga ón gcarball.
11Nuair a chuala an chluas mé, chuir sí a beannacht orm,
Agus nuair a chonaic an tsúil mé thug sí fianaise orm.
12Óir dʼfhuascail mé an bocht nuair a ghlaoigh sé,
Agus an dílleachta a bhí gan lámh chúnta.
13Tháinig beannacht orm ón té a bhí ag saothrú an bháis
Agus chuir mé lúcháir ar chroí na baintrí.
14Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat;
Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart.
15Ba shúile mé don dall,
Agus cosa don bhacach.
16Ba athair mé don bhochtán,
Agus dʼiniúch mé cúis an duine anaithnid.
17Bhris mé giall an éagóraigh
Agus sciob mé a chreach óna fhiacla.
18Dúirt mé liom féin: “Gheobhaidh mé bás faoi onóir;
Rachaidh mo laethanta i líonmhaire dála an chrann pailme,
19Agus mo fhréamha leata i dtreo na n‑uiscí,
Agus an drúcht ag luí ar mo dhuilliúr san oíche.
20Ní rachaidh mo cháil ar gcúl,
Agus beidh neart úr sa bhogha i mo láimh.”
21Dʼéisteadh daoine liom go foighneach,
Agus thugaidís cluas do mo chomhairle gan focal astu.
22Nuair a bhíodh deireadh ráite agam ní labhraidís arís,
Agus thit mo fhocla orthu ceann ar cheann.
23Bhídís ag feitheamh liom mar a bheidís leis an mbáisteach.
Agus dʼosclaídís a mbéal mar a dhéanfaidís don bháisteach dhéanach.
24Dá ngairfinn fúthu, ní chreidfidís;
Dá réiteoinn, ní chuirfidís ina choinne.
25Dhéanainnse a gcúrsa a roghnú, agus shuínn mar thaoiseach;
Agus bhínn mar rí i measc a shluaite,
Agus mar shólásaí do lucht an chaointe.
Currently Selected:
Iób 29: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: