YouVersion Logo
Search Icon

Iób 28

28
Iomann don Eagna
1Tá mianach ann don airgead
Agus tine ann leis an ór a ghlanadh.
2Tógtar iarann as an talamh,
Agus tagann copar ón gcloch leáite.
3Cuireann an duine deireadh le dorchadas.
Déanann sé an charraig dhorcha dhubhach a pholladh
Síos go híochtar agus go grinneall.
4Déanann muintir an lampa mianaigh a thochailt,
In áiteanna atá gan teannta don chois,
Agus bíonn siad ar cheann téide i gcéin ó dhaoine.
5An talamh as a dtagann an t‑arán,
Déantar é a chreachadh laistíos le tine.
6Is leaba saifírí a chlocha,
Agus ór is luaithreach aige.
7Níl eolas na slí ag an éanlaith chreiche,
Agus ní fhaca súil na baidhbhe í.
8Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin,
Ná níor leag an leon a chosa air.
9Leagann an duine a lámh ar an mbreochloch,
Agus iompaíonn sé na cnoic bunoscionn.
10Gearrann sé tolláin trí na carraigeacha,
Agus é ag faire amach do gach sórt seoide.
11Cuardaíonn sé foinsí na n‑aibhneacha,
Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach.
12Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáil
Agus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?
13Ní eol don duine an bealach chuici,
Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo.
14Deir an duibheagán: “Níl sí ionamsa,”
Agus an fharraige: “Níl sí faramsa.”
15Ní féidir í a cheannach ar ór,
Ná díol aisti le meáchan airgid.
16Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír,
Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.
17Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi,
Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.
18Ní fiú cuireal ná criostal a lua–
I gcóimheas léi ní fiú péarla an t‑iascach.
19Tópás na hAetóipe ní ionann agus í,
Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre.
20Ach inis dom, cad as don eagna?
Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil?
21Tá sí i bhfolach ó shúile na mbeo go léir,
Agus ceilte ar éanlaith an aeir.
22Deir Abadón agus an Bás:
“Ní bhfuaireamar ach clos tráchta uirthi.”
23Ag Dia amháin is fios a cosán,
Agus dó is eol a háit lonnaithe.
24Mar tá radharc aige go imill na cruinne,
Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.
25Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth,
Agus a thomhais sé toirt na n‑uiscí,
26Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach,
Agus cosán le leanúint don toirneach,
27Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas;
Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í.
28Agus dúirt sé leis an duine:
“Féach, eagla an Tiarna an eagna,
Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”

Currently Selected:

Iób 28: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in