YouVersion Logo
Search Icon

Iób 27

27
1Agus lean Iób air lena aitheasc agus dúirt:
2Dar Dia beo a bhain díom mo cheart,
Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar mʼanam,
3Fad tá an dé ionam,
Agus spiorad Dé i mo pholláirí,
4Ní labhróidh mo bheola focal éithigh go brách
Ná ní thiocfaidh bréag as mo bhéal!
5Gura fada uaim a admháil go bhfuil tú sa cheart!
Go lá mo bháis ní shéanfaidh mé mʼionracas.
6Seasaim ar fhód mʼfhíréantachta, agus ní bhogfaidh mé.
Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm de bharr mo shaoil.
7Droch-chríoch ar mʼeascara, dála an urchóidigh,
Agus ar mo namhaid, dála an éagráifigh.
8Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó,
Agus ag ardú a anama chun Dé?
9An n‑éistfidh Dia lena ghlao
Nuair a thagann an mí-ádh sa mhullach air?
10An é an tUilechumhachtach is gean leis?
An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé?
11A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé,
Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt.
12Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad,
Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.
An Mac Mallachtan
13Sé seo atá i ndán ag Dia don choirpeach,
Agus an oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ar an tíoránach.
14Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh;
Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.
15Déanfaidh an bás an mhuintir a bheidh fágtha a adhlacadh,
Agus ní dhéanfaidh a mbaintreacha olagón.
16Cruinníodh sé airgead mar luaithreach,
Agus cnuasaíodh sé éadach mar chré.
17Bíodh aige! Ach is duine cóir a chaithfidh,
Agus roinnfear a chuid airgid ar an muintir ionraic.
18Thóg sé nead damhán alla dó féin,
Agus seantán fhear faire.
19Luíonn sé síos saibhir, ach ní bheidh sé amhlaidh arís,
Nuair a dhúiseoidh sé beidh gach ní imithe.
20Tiocfaidh uafáis sa mhullach air mar thuile,
Agus fuadóidh stoirm é san oíche.
21Ardóidh an ghaoth anoir ón talamh é, agus béarfaidh sí léi é,
Sciobfaidh sí é óna áit chónaithe.
22Déanfar sprioc lámhaigh de gan trua ná taise;
Caithfidh sé teitheadh ó lucht a bhagartha.
23Buailfear bosa nuair a leagfar ar lár é,
Agus beifear ag drannadh air ó gach aird.

Currently Selected:

Iób 27: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in