YouVersion Logo
Search Icon

Iób 25

25
Dia Uilechumhachtach
1Ansin dʼfhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:
2Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]!
Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda.
3An bhfuil áireamh ar líon a shluaite,
Ar tháinig aon duine slán óna [luíocháin]?
4Arbh fhéidir dʼaon duine a bheith fíréanta i láthair Dé?
Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?
5Níl an ghealach féin geal,
Ná na realtaí glan ina láthair.
6Nach lú ná sin an duine, nach bhfuil ann ach cruimh,
Agus mac an duine, nach bhfuil ann ach péist.

Currently Selected:

Iób 25: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in