Iób 24
24
1Cén fáth nach bhfuil a thaisce tráthanna féin ag an Uilechumhachtach?
Agus cén fáth nach bhfeiceann lucht a aitheantais a laethanta?
2Tógann na [coirpigh] marcanna teorann chun siúil;
Fuadaíonn siad idir chaoirigh agus [aoire].
3Tiomáineann siad asal an dílleachta chun siúil,
Agus tógann siad damh na baintrí mar gheall.
4Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra,
Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach.
5Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n‑asal fiáin,
Agus ocras a gclainne [á ngriogadh]
Chun bia a lorg sna steipeanna loma.
6Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile,
Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh.
7Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach,
Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht.
8Fliuchtar go craiceann iad ó fhearthainn na sléibhte,
Agus le heaspa fothana, síneann siad le taobh carraige.
9Baintear a dtalamh de leanaí gan athair,
Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.
10Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh,
Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia.
11Caitheann siad brothall an mheán lae idir sraitheanna na bhfíniúna.
Déanann siad na cantaoirí fíona a phasáilt agus tart orthu féin.
12Bíonn osnaíl na mbásachán le cloisteáil ón gcathair,
Agus screadann an duine gonta ó chroí.
Ach ní thugann Dia cluas [dá nglao].
13Is cuma iad nó naimhde an tsolais;
Ní eol dóibh a bhealaí,
Agus seachnaíonn siad a chosáin.
14Éiríonn an dúnmharfóir roimh lá,
Leis an mbocht agus an dealbh a mharú.
Téann an gadaí timpeall san oíche,
15Bíonn an t‑adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir,
Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm,
Agus cuireann sé brat thar a aghaidh.
16Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas.
Sa lá téann siad i bhfolach;
Ní eol dóibh siúd an solas.
17Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha,
Mar is eol dóibh a huafáis.
18Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí;
Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh.
Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
19Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána.
Dá scrúdódh Dia an peacach,
20Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air,
Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh.
Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.”
21Mhaslaigh sé an bhean aimrid nár iompair leanbh,
Agus ní raibh sé cneasta leis an mbaintreach.
22Ach cuirtear fad le laethanta an tíoránaigh,
Agus beireann sé bua le barr nirt,
Nuair a chailleann sé a mhuinín ina bheatha,
23Tugtar dó socracht agus taca.
Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí,
24Dʼardófaí iad ar feadh tamaillín, agus ansin theipfidís.
Thitfidís ar lár, agus thréigfidís ar nós na leamhaí buí,
Dʼfheofaidís ar nós diasa arbhair.
25Muran mar sin atá, cé a chruthóidh gur thugas mʼéitheach,
Nó cé a thaispeánfaidh nach fíor iad mo ráite?
Currently Selected:
Iób 24: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: