Iób 23
23
Ag an Urchóideach atá an Bua
1Ansin dʼfhreagair Iób agus dúirt sé:
2Is ceannairceach mo chasaoid fós inniu,
Cé go bhfuil mo lámh ag luí ar mʼosnaíl.
3Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é,
Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh.
4Chuirfinn mo chás in iúl os a chomhair
Agus bheadh clab orm le hargóintí.
5Dʼfhoghlaimeoinn gach focal cosanta a labhródh sé,
Agus thuigfinn gach a ndéarfadh sé liom.
6An rachadh sé chun aighnis liom le lán a chumais?
Ní dhéanfadh! Níorbh fholáir dó éisteacht a thabhairt dom.
7Is duine ionraic a bheadh ag argóint leis
Agus bhuafainn mo chás go dearfa.
8Féach! Má ghabhaim soir, níl sé ann;
Nó siar, ní bhfaighim radharc air.
9Má chuardaím thuaidh é, níl fáil air;
Má chasaim ó dheas, ní fheicim é.
10Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí,
Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.
11Lean mo chos go dlúth dá chéimeanna,
Chloígh mé lena bhealach gan casadh i leataobh.
12Níor chlaon mé ó aithne a bheola,
Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.
13Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a dʼfhéadfadh é a chur ar mhalairt treo?
Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.
14Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom,
Dála a lán beartas eile atá socair aige.
15Uime sin, tá uafás orm ina láthair;
Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe.
16Scaip Dia mo mhisneach,
Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.
17Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air,
Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé.
Currently Selected:
Iób 23: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: