YouVersion Logo
Search Icon

Iób 15

15
Agallamh a Dó
Iób á Dhaoradh as a Bhéal Féin
1Ansin dʼfhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt:
2Ar chóir do dhuine gaoismhear freagairt le heolas baoth?
Agus a bholg a líonadh le gaoth anoir?
3An ndéanann sé a chúis a phlé le caint gan éifeacht
Agus le briathra gan tairbhe?
4Sea, tá eagla Dé á cur ar shiúl agat
Agus tá urraim á diúltú agat dó.
5Dʼurchóid a spreagann do ráite béil,
Agus is gean leat teanga na gcleasaithe.
6Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa,
Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i dʼaghaidh.
7An tú céadghin an chine dhaonna?
Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte?
8Ar chuala tú rún Dé?
Ar ghlac tú an eagna chugat féin amháin?
9Cén t‑eolas atá agatsa nach bhfuil againne?
Cén intlíocht atá agat nach bhfuil againne freisin?
10Tá an ceann liath agus an críonna inár measc,
Agus aos acu thar mar atá ag dʼathair.
11An beag ort na sóláis ó Dhia?
Agus an focal a labhraíonn go cneasta leat?
12Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú?
Agus go bhfuil faghairt i do shúile?
13A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia
Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal.
14Céard é an duine go mbeadh sé íon?
Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta?
15Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa,
Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.
16Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil,
Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce?
17Éist liom, tá ceacht agam duit,
Agus inseoidh mé duit cad a chonaic mé:
18Cad deir lucht gaoise,
Agus nár cheil a sinsir,
19Ar dóibh amháin a tugadh an talamh,
Agus nár ghabh aon deoraí ina measc:–
20I gcaitheamh a ré go léir,
Tá an t‑urchóideach á chiapadh
Agus tá blianta an tíoránaigh arna ríomhadh.
21Tá glórtha bagracha ina chluasa
Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.
22Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas;
Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó,
23Agus a bheith ina bhia ag badhbha.
Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige,
24Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air;
Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air,
Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.
25Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé,
Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt.
26Thug sé ruathar ceanndána faoi
le sciath ramharbhocóideach.
27Bhí brat blonaige ar a cheannaithe
Agus sprochaillí saille ar a cheathrúna.
28Chuir sé faoi i gcathracha scriosta
Agus lonnaigh i dtithe tréigthe,
A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha.
29Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin,
Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh.
30Ní scarfaidh sé leis an dorchadas;
Loscfaidh lasair a bhachlóga
Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.
31Ná téadh sé i muinín a thoirt;
Tá breall air, níl aon tathag ann.
32Feofaidh a ghéaga roimh a n‑am;
Ní bheidh a chraobha glas.
33Ligfidh sé dá thorthaí titim agus gan iad abaí, dála na bhfíniúna,
Agus caithfidh sé uaidh a bhláth dála na holóige:
34Óir níl an rath ar chuideachta na n‑urchóideach,
Agus loscfar bothanna na breibe le tine.
35Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid,
Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach.

Currently Selected:

Iób 15: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in