YouVersion Logo
Search Icon

Iób 13

13
1Féach! Chonaic mé é sin go léir le mo shúile cinn!
Chuala mo chluas é, agus thug mé aird air.
2An ní is eol daoibhse, is eol domsa freisin;
Níl an tosach agaibh orm!
3Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach;
Bʼáil liom áiteamh le Dia.
4Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige;
Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!
5Uch nach gcoimeádfadh sibh bhur mbéal dúnta!
Ba chríonna an mhaise daoibh é!
6Éistigí anois, le bhur dtoil, le mo ghearán,
Agus tugaigí aird ar na hargóintí ó mo bhéal:
7An ndéanfaidh sibh cúis Dé a chothú le héitheach,
Agus bréag a insint ar a shon.
8An mbeidh sibh ag déanamh leathchuma ar a shon?
An mbeidh sibh mar abhcóidí aige?
9An mbeidh an scéal ar fónamh nuair a dhéanfaidh sé sibh a phromhadh?
An meallfaidh sibh eisean, mar a mheallfaí daoine?
10Déanfaidh sé sibh a cheartú gan amhras,
Má dhéanann sibh leathchuma faoi cheilt.
11Nach gcuirfidh a mhórgacht scanradh oraibh?
Agus nach dtitfidh a uafás sa mhullach oraibh?
12Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí,
Agus freagraí cré bhur bhfreagraí!
13Cuirigí uaibh! Ligigí dom agus labhróidh mise freisin,
Is cuma cad a thiocfaidh as dom!
14Cuirfidh mé mʼanam i gcúl mo dhoirn,
Agus rachaidh mé sa seans leis!
15Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam
Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair.
16Sé a bheidh mar shlánú agam,
Nach coirpeach atá ag teacht os a chomhair.
17Tugaigí aird ar a bhfuil le rá agam,
Agus cluas ghéar do mo bhriathra:
18Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt,
Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.
19Cé rachaidh chun aighnis liom?
Mar is gearr go mbeidh mé i mo thost agus in éag.
20Deonaigh dhá achainí dom, sin uile,
Agus ansin ní rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis.
21Bog díom do lámh,
Agus ná bím ar crith le heagla romhat!
22Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort!
Nó cead cainte domsa agus freagairse mé!
23Cé mhéad coir agus peaca a rinne mé?
Inis dom mo locht agus mʼéagóir.
24Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúise
Agus gan ach meas namhad agat orm?
25An ndéanfaidh tú duilleog ghaoithe a chiapadh,
Agus dias chríon a thóraíocht?
26Óir scríobhann tú nithe searbha i mʼaghaidh,
Agus greamaíonn tú cionta mʼóige díom;
27Cuireann tú mo chosa i gceap,
Agus faireann tú mo bhealaí go léir,
Agus tugann tú aird ar rian mo chos.
28[Tá mo shaol] go léir ag creimeadh mar chríonach,
mar bhrat ite ag leamhain.

Currently Selected:

Iób 13: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in