YouVersion Logo
Search Icon

Iób 11

11
Admhaíodh Iób Eagna Dé
1Ansin dʼfhreagair Zófar ó Namát agus dúirt:
2Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht?
An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart?
3An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost?
An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú?
4Agus an ndéarfaidh tú: “Is íon é mo theagasc,
Agus an bhfuilim glan i do radharc?”
5Uch nach labhródh Dia
Agus a bhéal a oscailt chugat,
6Agus rúin na heagna a nochtadh duit!
Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí
Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.
7An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh
Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?
8Is airde é ná na spéartha!–Cad tá ar do chumas?
Is doimhne é ná Seól!–Cad tá ar eolas agat?
9Is faide é a thomhas ná an domhan,
Is fairsinge é ná an fharraige.
10Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm,
Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis?
11Is eol dó a pheacúla atá an duine;
Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi.
12Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana;
Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.
13Má chuireann tú do chroí in ord,
Agus do lámha a leathadh chun Dé–
14Má bhíonn an t‑olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é,
Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth–
15Ansin ardóidh tú do cheann agus gan máchail air,
Agus beidh tú daingean, gan eagla ort.
16Déanfaidh tú dearmad de dʼainnise,
Gan de chuimhne agat air ach mar an tuile a ghabh thart.
17Beidh do shaol níos gile na meán lae,
Agus déanfar láchan dá dhorchadas.
18Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat;
Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte.
19Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort,
Ach a lán ar thóir do ghnaoi.
20Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta;
Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu,
Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.

Currently Selected:

Iób 11: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in