YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 6

6
Míorúilt na mBuilíní
1Ina dhiaidh sin d'imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias. 2Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis. 3Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail. 4Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht.
5Nuair a d'ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?” 6Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh. 7D'fhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar d'arán chun go mbeadh greim an duine acu.” 8Dúirt duine dá dheisceabail leis - ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar: 9“Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?” 10Dúirt Íosa: “Cuirigí na daoine ina suí” - bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine. 11Agus thóg Íosa na builíní, d'altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b'áil leo de na héisc. 12Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: “Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.” 13Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d'fhág na daoine a fuair an béile. 14Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.” 15Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.
Íosa ag Siúl ar an Uisce
16Nuair a bhí an tráthnóna ann chuaigh a dheisceabail síos chun na farraige, 17agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós. 18Bhí gaoth mhór ag séideadh agus d'éirigh suaitheadh ar an bhfarraige. 19Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead d'fharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu. 20Ach dúirt sé leo: “Mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.” 21B'áil leo ansin é thógáil isteach sa long, agus bhí an long gan aon mhoill ag an talamh mar a raibh siad ag dul.
Seanmóir i gCafarnáum
22Lá arna mhárach chonaic an slua a d'fhan ar an taobh thall den fharraige nach raibh aon long eile ann ach an t‑aon long amháin agus nach ndeachaigh Íosa sa long lena dheisceabail ach gur imigh a dheisceabail leo féin. 23Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna. 24Nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa. 25Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: “A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?” 26D'fhreagair Íosa:
“Amen, Amen, a deirim libh,
tá sibh ar mo lorg,
agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí
ach de bhrí gur ith sibh na builíní
agus go bhfuair sibh bhur sáith.
27Ná saothraigí an bia a théann amú,
ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí,
é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh.
Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”
28Dúirt siad leis ansin: “Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimis oibreacha Dé?” 29D'fhreagair Íosa: “Is í seo obair Dé,” ar sé leo, “go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.” 30Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh? 31D'ith ár n‑aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa: ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.’ ” 32Dúirt Íosa leo ansin:
“Amen, Amen, a deirim libh,
ní hé Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh,
ach is é m'Athair a thugann an t‑arán ó neamh daoibh,
an t‑arán fírinneach.
33Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamh
agus a thugann beatha don domhan.”
34“A dhuine uasail,” ar siad ansin leis, “tabhair dúinn an t‑arán sin i gcónaí.” Dúirt Íosa leo:
35“Mise arán na beatha,
an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche,
agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.
36Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé
agus nach gcreideann sibh.
37Gach a dtugann an tAthair dom
tiocfaidh sé chugam,
agus an té a thagann chugam
ní chaithfidh mé amach é.
38Óir tháinig mé anuas ó neamh
ní chun go ndéanfainn mo thoil féin
ach toil an té a chuir uaidh mé.
39Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé,
nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom,
ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.
40Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé,
gach duine a fheiceann an Mac
agus a chreideann ann,
go mbeadh an bheatha shíoraí aige,
agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.”
41Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: “Is mise an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.” 42“Nach é seo,” a deiridís, “Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?” 43D'fhreagair Íosa: “Ná bígí ag cnáimhseáil eadraibh féin,” ar sé.
44“Ní féidir d'aon duine teacht chugam,
gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt,
agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach.
45Tá sé scríofa sna fáithe:
‘Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.’
An té a chluineann teagasc an Athar,
agus a fhoghlaimíonn,
tagann sé chugamsa.
46Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair;
ach an té atá tagtha ón Athair,
chonaic seisean an tAthair.
47Amen, Amen, a deirim libh,
an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige.
48Mise arán na beatha.
49D'ith bhur n‑aithreacha manna san fhásach
agus fuair siad bás.
50Is é seo an t‑arán a thagann anuas ó neamh,
i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.
51Is mise an t‑arán beo
a tháinig anuas ó neamh.
Má itheann duine an t‑arán seo
mairfidh sé go deo,
agus an t‑arán a thabharfaidh mé uaim
is é m'fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”
52Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?” 53Dúirt Íosa leo:
“Amen, Amen, a deirim libh,
mura n‑íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine,
agus a chuid fola a ól,
ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
54An té a itheann m'fheoil
agus a olann m'fhuil,
tá an bheatha shíoraí aige,
agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
55Is bia go fíor mo chuid feola
agus is deoch go fíor mo chuid fola.
56An té a itheann m'fheoil agus a ólann m'fhuil
cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
57Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh,
agus mar is beo mise tríd an Athair,
mar an gcéanna, an té a itheann mise,
mairfidh sé tríom.
58Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.
Ní ionann is an manna ar ith bhur n‑aithreacha é
agus go bhfuil siad marbh;
an té a itheann an t‑arán seo,
mairfidh sé go deo.”
59Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg. 60Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: “Is crua an chaint í seo, agus cé a d'fhéadfadh éisteacht léi?” 61Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?
62Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?
63Is é an spiorad a dhéanann beoú,
ní dhéanann an fheoil aon tairbhe.
Na focail atá ráite agam libh,
is spiorad agus is beatha iad.
64Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.”
Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath. 65Lean sé air: “Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d'aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m'Athair.” 66Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.
67Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: “Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?” 68D'fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí, 69agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.” 70D'fhreagair Íosa iad: “Nach ndearna mé, sibhse, an dáréag agaibh, a thoghadh? Agus is diabhal duine agaibh.” 71Is ar Iúdás mac Shíomóin ó Isceiriót a bhí sé ag caint; óir bhí seisean chun é a bhrath agus gur dhuine den dáréag é.

Currently Selected:

Eoin 6: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy