Irimia 37
37
Zidicíá
1Rinneadh rí de Zidicíá mac Iahóiácaím i ndiaidh Choiniá mac Ióisíá; rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine, rí de i dtír Iúdá. 2Ach níor thug sé féin ná a mhuintir, ná pobal na tíre aon aird ar bhriathra an Tiarna a labhair sé tríd an bhfáidh Irimia. 3Chuir an rí Zidicíá Iahucal mac Shealaimiá agus an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá chun an fáidh Irimia, á rá: “Guigh chun an Tiarna ár nDia ar ár son.” 4Anois bhí cead a chos fós ag Irimia i measc an phobail; níor cuireadh fós i bpríosún é. 5Idir an dá linn thug slua Fhorainn an bóthar orthu as an Éigipt agus nuair a chuala na Caildéigh a bhí ag cur léigir ar Iarúsailéim an scéala dʼimigh siad ón gcathair. 6Ansin tháinig briathar an Tiarna chuig Irimia fáidh: 7“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Le rí Iúdá a chuir chugamsa thú le dul i gcomhairle liom, abair é seo: An bhfuil slua Fhorainn ag teacht i gcabhair oraibh? Fillfidh siad dá dtír féin, an Éigipt. 8Tiocfaidh na Caildéigh arís, ionsóidh siad an chathair seo; tógfaidh siad í agus dófaidh go talamh í. 9Ná meallaigí sibh féin á rá: Tá na Caildéigh ag imeacht uainn faoi dheireadh. Níl siad ag imeacht. 10Dá mbʼea go leagfadh sibh slua uile na gCaildéach atá ag troid in bhur n‑aghaidh anois agus nach mairfeadh díobh ach na fir loite, dʼéireoidís arís, gach uile fhear acu ina bhoth, chun an chathair seo a dhó go talamh.’ ”
Irimia faoi Ghlas
11Tharla, nuair a scoir slua na gCaildéach den léigear ar Iarúsailéim ar eagla shlua Fhorainn, 12gur thug Irimia aghaidh ó Iarúsailéim le dul go tír Bhiniáimin chun a shealúchas a dhealú ansin i measc a phobail féin. 13Bhí sé i nGeata Bhiniáimin nuair a thóg fear faire ansin darb ainm Iríá mac Shealaimiá, mac Hanainiá, Irimia fáidh i láimh. “Tá tú ag dul do thaobh na gCaildéach,” ar sé. 14“Ní fíor sin!” a dúirt Irimia. “Nílimse ag dul do thaobh na gCaildéach.” Ach ní éisteodh Iríá le Irimia agus thóg i láimh é go dtí na feidhmeannaigh. 15Bhí na feidhmeannaigh ar deargbhuile le Irimia, dʼordaigh siad é a bhualadh agus a chur faoi ghlas i dteach Iónátán rúnaí a ndearnadh príosún de. 16Is mar sin a dʼéirigh do Irimia a bheith i gcillín faoi thalamh. Agus dʼfhan sé seal fada ann. 17Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” dʼfhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé. 18Ansin dúirt Irimia leis an rí Zidicíá: “Céard a rinne mise i dʼaghaidhse, nó in aghaidh do sheirbhíseach, nó in aghaidh an phobail seo, as ar chuir tú i bpríosún mé? 19Cén áit anois a bhfuil do fháithe a thairngir duit á rá: ‘Ní thiocfaidh rí na Bablóine in bhur n‑aghaidhse, ná in aghaidh na tíre seo?’ 20Éist anois liom, iarraim dʼachainí ort, mo thiarna an rí; go nglactar go fabhrach leis an impí a dhéanaim i do láthair. Ná hordaigh mé a bhreith ar ais go teach Iónátán rúnaí, ar fhaitíos go bhfaghainn bás ansin.” 21Ansin dʼordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin dʼfhan Irimia i gCúirt an Gharda.
Currently Selected:
Irimia 37: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.