YouVersion Logo
Search Icon

Irimia 16

16
Siombail í Beatha an Fháidh
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“Ní ghabhfaidh tú bean chugat ná ní bheidh mac ná iníon agat san áit seo. 3Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n‑iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n‑aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo: 4Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia dʼéanlaith an aeir agus do bheithígh na talún. 5Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Ná téigh isteach i dtigh an tórraimh le go ndéana tú caoi agus truamhéil leo; mar thóg mise mo shíocháin ón bpobal seo–an Tiarna a labhraíonn–mo shíocháin agus mo thruamhéil. 6Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son. 7Ní bhrisfear aon arán don fhear caointe á chomhfhortacht ar son na marbh: ní mó a ofrálfar cupán sóláis dó i mbás athar ná máthar. 8Agus ná téigh isteach i dteach an fhéasta chun suí leo, chun ithe agus ól. 9Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige. 10Nuair a inseoidh tú na briathra seo uile don phobal seo agus a déarfaidh siadsan leatsa: ‘Cén fáth ar fhógair an Tiarna an anachain uafásach seo inár n‑aghaidhne? Céard é ár n‑éigeart? Céard é an peaca atá déanta againn in aghaidh an Tiarna, ár nDia?’ 11Ansin déarfaidh tú leo: ‘Is ar an ábhar gur thréig bhur n‑aithreacha mé–an Tiarna a labhraíonn–agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n‑adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí. 12Agus rinne sibhse níos measa ná bhur n‑aithreacha. Féach, siúlann gach uile dhuine agaibh de réir chomhairlí a chruachroí oilc féin agus ní éisteann liomsa. 13Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n‑aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus dʼoíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.’
14“Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht–an Tiarna a labhraíonn–nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’ 15ach: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.’ Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir.
16“Seolfaidh mé anois mórán iascairí–an Tiarna a labhraíonn–agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig. 17Óir tá mo shúile ar a n‑imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile. 18Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar mʼoidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”
19Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean,
mo chúl dídine i lá na hainnise!
Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún
agus déarfaidh siad:
“Níor ghabh ár n‑aithreacha dʼoidhreacht ach bréaga,
díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.
20An bhféadann duine déithe a dhéanamh dó féin?
Más ea, ní déithe iad in aon chor!”
21“Éist anois, tabharfaidh mé orthu admháil,
tabharfaidh mé orthu an uair seo
mo lámh agus mo neart a admháil;
agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna mʼainm.”

Currently Selected:

Irimia 16: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Irimia 16