YouVersion Logo
Search Icon

Iúidit 9

9
Paidir Bhanghaiscígh
1Ansin bhain Iúidit di anuas go dtí an sacéadach a bhí uimpi, chuir luaithreach ar a ceann, agus shín í féin béal fúithi ar an talamh. An t‑am sin díreach de thráthnóna a bhí an íobairt túise á hofráil os comhair sanctóra Dé in Iarúsailéim, agus dʼéigh Iúidit amach in ard a cinn chun an Tiarna:
2“A Thiarna, a Dhia Shimeon mo dhuine sinsir, fadó chuir ginte masla agus náire agus aithis ar mhaighdean. Scaoil siad a crios agus nocht a ceathrúna agus dʼéignigh a broinn. Ach chuir tusa claíomh i láimh Shimeon chun díoltais orthu. Bhí tú tar éis a rá: ‘Ná déantar seo,’ 3agus féach go ndearnadar é. Mar gheall air sin thug tú a gcuid taoiseach suas dʼeirleach, agus dʼordaigh tú díol fola ar an leaba a raibh smál a gcuid fill uirthi, agus threascair tú idir íseal is uasal díobh, fiú an t‑uasal ar a chathaoir ríoga. 4Dʼordaigh tú a gcuid ban a dhul mar chreach, agus a gcuid iníonacha mar sclábhaithe, agus a gcuid maoine uile a roinnt ar chine do pháirte, an mhuintir ar dhíograis dóibh do chúis agus ar ghráin leo an aithis sin ar a sliocht, agus gur chugat a ghlaodar ag iarraidh cabhrach.”
“A Dhia, a Dhia liom, éist liomsa leis, ar baintreach mé. 5Tusa faoi deara seo go léir, agus ar tháinig roimhe agus a dtiocfaidh as: tusa a cheap gach a bhfuil ann anois agus gach a dtiocfaidh. Na rudaí a mheabhraigh tusa, tharla siad; 6na rudaí ba mhian leat, bhíodar chugat agus ‘Féach! táimid anseo,’ ina mbéal acu. An bóthar a ghabhann tú, bíonn sé ceaptha roimh ré; bíonn súil romhat agus breith á tabhairt agat.”
7“Féach na hAsaírigh seo i mbarr a mustair–iad ag maíomh as a bhfuil de chapaill agus de mharcaigh acu, agus ag déanamh mórtais as neart a gcoisithe. An sciath is an tsleá is an bogha is an crann tabhaill is ábhar muiníne dóibh, mar tá siad dall air seo–gur tusa an Tiarna a chuireann cogaí faoi do chois. 8An Tiarna is ainm duit!”
“Cloíghse an neart sin acu le do chumhacht: glac fearg agus bris a gcuid fórsaí. Mar tá sé de rún acu do thearmann naofa a shárú agus an taibearnacal mar a lonnaíonn dʼainm glórmhar a thruailliú, agus maise dʼaltóra a threascairt leis an gclaíomh. 9Féach an sotal seo acu agus tar sa mhullach anuas orthu le dʼfhearg. Neartaigh lámh na baintrí seo don ghníomh atá beartaithe agam. 10Trí chluain mo bheol, tabhair bascadh ar an sclábhaí i dteannta an duine uasail acu, ar an duine uasal i dteannta a gharda. Cloígh an t‑éirí in airde seo acu le tréithláimh mná. 11Ní ionann do neartsa agus neart na sluaite; ní cumas gaiscíoch do chumas-sa. Ní hea–tusa Dia na mbochtán, agus cosantóir a bhfuil faoin mbráca, agus taca na lag; is tú tearmann a bhfágtar gan chabhair agus slánaitheoir a mbíonn gan dóchas.”
12“Ó a Dhia, a Dhia mo shinsir, a Dhia a bhí riamh ag Iosrael, a Thiarna neimhe agus talún, a chruthaigh na huiscí fadó, a Rí na cruinne uile, éist le mo ghuí. 13Cuir i mo bhéal an focal mealltach a bheidh mar chneá is mar ghoin orthu seo, a bhfuil díol dian beartaithe acu i gcoinne do chonartha agus dʼárais naofa agus cnoic Shíón agus an tí atá ag do chlann. 14Sa tslí sin, léirigh do do mhuintir uile agus do gach cine ar domhan gur tusa Dia; gur leat gach cumhacht is cumas, agus gur tú amháin is dídean do phobal Iosrael.”

Currently Selected:

Iúidit 9: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in