Iúidit 12
12
1Ansin thug sé faoi deara í a bhreith isteach mar a raibh a ghréithe airgid féin leagtha, agus dʼordaigh dóibh cóir a chur uirthi óna bhia féin, agus óna chuid fíona féin. 2Ach dúirt Iúidit: “Ní íosfainn é seo le heagla go mba choir dom é; is leor liom na nithe a thug mé liom.” 3Dúirt Holofarnaes: “Má ídítear do lón, cá bhféadfaimid a thuilleadh mar é a fháil le tabhairt duit? Níl aon duine de do chine anseo farainn.” 4Dʼfhreagair Iúidit: “Dar mʼanam agus dar mo shláinte, a thiarna liom, ní bheidh a bhfuil de lón agam caite ag do dhaoirseach, nó go mbeidh a chuspóir curtha i gcrích ag an Tiarna trí mo láimhse.”
5Ansin thug giollaí Holofarnaes isteach sa bhoth í agus chodail sí go meán oíche. I dtreo faire na maidine dʼéirigh sí, 6agus chuir sí teachtaire go Holofarnaes á rá: “Ordaíodh mo thiarna anois cead a thabhairt dá dhaoirseach dul amach agus guí.” 7Agus thug Holofarnaes ordú dá bhuíon chosanta gan cosc a chur léi. Dʼfhan sí sa longfort trí lá agus théadh sí amach gach oíche go Gleann Bhéitiúilia, agus dhéanadh í féin a ní sa tobar (sa champa). 8Ag teacht aníos di, ghuíodh sí chun Tiarna Dia Iosrael lena stiúradh ar an mbealach lena pobal a fhuascailt. 9Dʼfhilleadh sí arna híonghlanadh agus dʼfhanadh sí sa bhoth nó go gcaitheadh sí a cuid i dtreo an tráthnóna.
Fleá Holofarnaes
10Ar an gceathrú lá bhí fleá ag Holofarnaes dá ghiollaí féin amháin, gan aon chuireadh a thabhairt dʼaon duine dá fheidhmeannaigh. 11Dúirt sé le Bagóas, an coillteán a bhí i bhfeighil a ghnóthaí pearsanta go léir: “Imigh anois agus áitigh ar an Eabhraíoch atá faoi do chúram teacht agus bia agus deoch a chaitheamh farainn. 12Ba náire agus ba aithis é dá ligfimis do bhean dá leithéid imeacht gan caidreamh a bheith againn léi; mura meallfaimid í, déanfaidh sí fonóid fúinn.” 13Ghabh Bagóas amach dá bhrí sin ó láthair Holofarnaes agus chuaigh ag triall ar Iúidit agus dúirt: “Ar mhiste leis an ionailt sciamhach seo teacht chun mo thiarna agus onóir a fháil ina láthair, agus fíon a ól agus scléip a bheith aici inár gcuideachta, agus í féin a iompar inniu mar bhean choimhdeachta de chuid na nAsaíreach i bpálás Nabúcadnazar.” 14Dʼfhreagair Iúidit: “Cé hí mise a rá is go ndiúltóinn mo thiarna? Déanfaidh mé gan mhoill, ar ndóigh, cibé ní is áil leis, agus beidh sin mar lúcháir agam go dtí lá mo bháis.”
15Dʼéirigh sí dá bhrí sin, agus ghléas sí í féin le barr maise banúla; ghabh a hionailt roimpi amach agus leath os comhair Holofarnaes na seithí boga a fuair sí ó Bhagóas dá gnáthúsáid le go luífeadh sí orthu agus í ag caitheamh bia. 16Ansin tháinig Iúidit isteach agus luigh síos. Chuir sí draíocht ar chroí Holofarnaes agus suaitheadh ó bhonn é, agus tháinig fonn tréan air luí léi; ón gcéad lá a leag sé súil uirthi, bhí sé ag faire na faille chun cluain a chur uirthi. 17“Caith siar é,” arsa Holofarnaes léi, “agus bíodh scléip agat farainn!” 18Dúirt Iúidit leis: “Déanfaidh mé agus fáilte, a thiarna,” ar sise, “mar sháraigh an saol atá agam inniu ar aon lá ó rugadh mé.” 19Ansin thóg sí a raibh ullamh ag a hionailt di agus chaith sí bia agus deoch ina láthair. 20Chuir sí áthas croí ar Holofarnaes, agus dʼól sé a lán fíona, i bhfad níos mó ná mar a dʼól sé aon lá riamh ó rugadh é.
Currently Selected:
Iúidit 12: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.