Breithiúna 13
13
Samsón
1Chrom clann Iosrael ar an olc a dhéanamh arís i bhfianaise an Tiarna, agus thug an Tiarna ar láimh iad do na Filistínigh ar feadh daichead bliain.
2Bhí fear ó Zorá de threibh Dhán darbh ainm Mánóach, agus bhí a bhean aimrid, gan aon chlann uirthi. 3Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin don bhean seo agus dúirt sé léi: “Féach, tá tú aimrid, gan chlann (ach gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac). 4Bí ar dʼaire le barr cúraim dá bhrí sin as seo amach, agus ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hith aon ní neamhghlan, 5mar féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac. Ná luíodh rásúr ar a cheann mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó bhroinn a mháthar; eisean a chuirfidh tús le fuascailt Iosrael ó láimh na bhFilistíneach.” 6Dʼimigh an bhean ansin agus dúirt lena céile: “Tháinig giolla ó Dhia chugam agus bhí a ghnúis mar ghnúis aingeal Dé le maorgacht. Níor chuir mé ceist air cárbh as dó, ná níor inis seisean dom cad ab ainm dó. 7Ach dúirt sé liom: ‘Gabhfaidh tú gin, féach, agus béarfaidh tú mac; ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, dá bhrí sin, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó lá a shaolaithe go lá a bháis.’ ”
8Ansin rinne Mánóach achainí chun an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna, tagadh, impím ort, an giolla Dé a chuir tú cheana, chugainn arís; agus múineadh sé dúinn céard atá le déanamh againn leis an mac nuair a shaolófar é.” 9Dʼéist an Tiarna le glór Mhánóach agus tháinig aingeal Dé arís chun na mná agus í ina suí sa ghort, gan Mánóach a céile ina teannta. 10Rith sí le teann deabhaidh agus dúirt lena fear: “Féach, an fear a tháinig chugam an lá eile, thaibhsigh sé arís dom.” 11Dʼéirigh Mánóach agus lean a bhean agus tháinig chun an fhir agus dúirt leis: “An tú an té a labhair leis an mbean seo?” “Is mé,” ar sé. 12Ansin dúirt Mánóach: “Anois, nuair a chomhlíonfar do bhriathra, cén sort riail bheatha a bheidh ag an ógánach agus conas a dhéanfaidh sé é féin a iompar?” 13Agus dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: “Na nithe a choisc mé ar an mbean seo, seachnaíodh [seisean] chomh maith. 14Ná blaiseadh [sé] aon ní de thoradh na fíniúna, agus ná hóladh sé aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hitheadh sé aon ní neamhghlan; déanadh sé de réir na n‑orduithe go léir a thug mé don bhean seo.”
15Dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: “Fan farainn, le do thoil, nó go n‑ullmhóimid meannán duit,” 16mar nach raibh a fhios ag Mánóach gurbh é aingeal an Tiarna é. Dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: “Fiú amháin má fhanaim faraibh, ní íosfaidh mé bhur mbia; ach más mian libh íobairt uileloiscthe a dhéanamh, ofráil í don Tiarna.” 17Ansin dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: “Cad is ainm duit, i dtreo go dtabharfaimis ómós duit nuair a chomhlíonfar do bhriathra?” 18Dʼfhreagair aingeal an Tiarna é: “Cad a ba áil leat ag fiafraí mʼainm díom, mar is iontach é.” 19Ansin thóg Mánóach an meannán leis an abhlann agus dʼofráil é mar uileloscadh ar an gcarraig don Tiarna, an té a dhéanann iontais a chur i gcrích. 20Nuair a bhí an bhladhm ag dul in airde chun na bhflaitheas ón altóir, ghabh aingeal an Tiarna suas i lasracha na haltóra os comhair súl Mhánóach agus a mhná, agus thiteadar ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh. 21Níor thaispeáin aingeal an Tiarna é féin a thuilleadh do Mhánóach agus dá bhean; thuig Mánóach as sin gurbh é aingeal an Tiarna a bhí ann. 22Ansin dúirt Mánóach lena bhean: “Gheobhaimid bás, gheobhaimid, mar chonaiceamar Dia.” 23Ach dúirt a bhean leis: ‘Dá mba mhian leis an Tiarna sinn a chur chun báis, ní ghlacfadh sé íobairt uileloiscthe ná abhlann ónár lámha, ní thaispeánfadh sé na nithe seo go léir dúinn, ná ní inseodh sé a leithéidí seo dúinn.” 24Rug an bhean mac agus thug sí Samsón air. Dʼfhás an leanbh, agus chuir an Tiarna a bheannacht air, 25agus thosaigh spiorad an Tiarna ar é a spreagadh i Longfort Dhán idir Zorá agus Eisteáól.
Currently Selected:
Breithiúna 13: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.