Íseáia NA FÁITHE
NA FÁITHE
Brollach
Tagraíonn an teideal “Na Fáithe” inniu, i gcomhthéacs an Bhíobla, do na sé leabhar déag sin a bhfuil leo ainm duine den seisear déag a dʼfhógair briathar Dé dʼIosrael ó lár an ochtú haois R.Ch. síos amach go dtí an ré iardheoraíochta. Is féidir an focal a úsáid ag tagairt, ar ndóigh, do na daoine úd féin chomh maith, na daoine sin a chomhlíon mineastrálacht an fháidh. Tugtar na Mór-Fháithe ar an gcéad cheathrar–Íseáia, Irimia, Eizicéil, agus Dainéil; agus na Mion-Fháithe ar an gcuid eile. Níl an t‑idirdhealú seo bunaithe ar thábhacht na leabhar ná na bhfáithe, ach ar thoirt na leabhar amháin. Seo a leanas ainmneacha na Mion-Fháithe san ord ina bhfuil siad sa Bhíobla Eabhraise agus sa Vulgáid: Hóisé, Ióéil, Amós, Obaidiá, Ióna, Míocá, Nahúm, Habacúc, Zafainiá, Hagaí, Zacairia, agus Malaicí. Sa Vulgáid agus sa Bhíobla Gréigise tagann Barúch agus Olagóin (ach ar mhalairt oird sa Ghréigis) tar éis Irimia. Cuireann an Vulgáid Litir Irimia le Barúch, ach an Ghréigis le hOlagóin.
Ní réitíonn an Bíobla Eabhraise go hiomlán leis an nGréigis agus an Vulgáid maidir le téarmaí. Chiallaigh “na Fáithe” cnuasach níos mó do na hEabhraigh agus roinneadh é ina dhá chuid: (1) “na Fáithe Mocha”, .i. Iósua, Breithiúna, Samúéil, Ríthe, agus (2) “na Fáithe Déanacha”, .i. Íseáia, Irimia, Eizicéil, agus na Mion-Fháithe a luamar romhainn. Cuireadh Dainéil agus Olagóin leis an tríú roinn den Bhíobla ar a dtugtaí “na Scríbhinní”. Chuirtí “na Fáithe Déanacha” in ord díreach i ndiaidh “na bhFáithe Mocha”. Cuireann an t‑ord agus na teidil i gcuimhne dúinn gurb é an traidisiún Eabhrach é gur fáithe iad údair na leabhar seo go léir agus go bhfuil dlúthghaol eatarthu maidir leis an gcúram fáithe a dhéanann siad do chlann Iosrael.
Fáithe agus Fáistine
Na húdair a luaitear leis na leabhair seo anois, ní gá a rá, is dócha, nár scríobh siad iad díreach mar atáid ar fáil inniu. Scéal casta go leor is ea conas a cumadh iad. Daoine ab ea na fáithe, sa chuid is mó de, a raibh misean acu, agus a labhair ó bhéal le lucht a linne ar cheisteanna creidimh agus cleachtaithe i gcúinsí áirithe staire. Chuaigh a mbriathra i bhfeidhm chomh mór sin ar dhaoine gur síleadh gurbh fhiú iad a chaomhnú, agus chaomhnaigh daoine iad, ar dtús i mbéaloideas beo a ndeisceabal, is é is dóichí; ansin, sa dara háit, i ndréachtaí scríofa dá n‑aithisc nó dá mbéaloideas, agus faoi dheireadh sa chló inar seachadadh dúinn iad. Sé a thug tábhacht dá mbriathra ná an chinnteacht a bhí ag an bhfáidh féin, agus ag an muintir a chaomhnaigh a theagasc gur dhuine é a bhí ceaptha ag an Tiarna lena bhriathar a fhógairt dá phobal.
Níorbh iad Iosrael an t‑aon chine amháin sa Ghar-Oirthear fadó a chreid go raibh daoine ina measc féin arbh é a bhfeidhm toil a ndé a nochtadh dá muintir. Tá fianaise dhaingean scríofa i dtíortha eile, a bhfuil gaol cultúrtha acu le hIosrael, ar imeachtaí a bhfuil cosúlachtaí dearfa idir iad agus an fháidheoireacht sa Sean-Tiomna. I gcartlann Mari ó aimsir Hammurabi, i dtreo deireadh an ochtú haois déag R.Ch., tá fianaise ar dhaoine cosúil le fáithe a fhoilsíonn dʼardoifigigh teachtaireachtaí a fhaigheann siad óna ndéithe i mbrionglóidí. In aon téacs amháin, abair, dearbhaíonn an dia Hadad, ó bhéal a fháidh, gur chuir sé an rí ina ríchathaoir agus go raibh sé de cheart aige é a athríogadh chomh maith. In áit eile tá tagairt dʼfhísithe a thaistealann leis an arm agus a fhógraíonn toil a ndé dóibh. San aonú haois déag léimid gur tharla ógánach i mByblos ar Wen-amon a dʼfhoilsigh toil Amón dá mháistir in uair an adhartha de thoradh taom buile nó deamhanseilbhe. Bhí físithe nó aislingeoirí sa tSír san ochtú haois le teachtaireachtaí a thabhairt ón dia go dtí an rí. Tugtar tuairisc ar na nithe seo amhail is nach raibh iontu ach gnáthimeachtaí i dtaithí chreidimh an chine.
Is léir go bhfuil cosúlachtaí áirithe idir a leithéidí sin agus an fháidheoireacht in Iosrael. Ach san am céanna ní foláir a chur in iúl go teann nach raibh aon ní ar aon chor sa Ghar-Oirthear sna Cianaoiseanna ar aon dul ó thaobh fairsinge agus tábhacht le fáidheoireacht agus teachtaireacht fháithe creidimh Iosrael.
Sé an focal Eabhraise is coitianta in úsáid do “fáidh” ná nabi’. Níl sanasaíocht an fhocail seo róshoiléir; deir scoláirí áirithe go bhfuil baint aige le fréamh ársa a chiallaigh “bheith ag brúchtaíl go glórach”, agus feiceann siad baint ag an nabi’ le corraithe eacstaiseacha. Tuairimíonn scoláirí eile go bhfuil nabi’ gaolmhar le fréamh a chiallaigh “labhairt”, agus go gciallaíonn an focal féin “cainteoir”, “teanga labhartha”. Tá tuairim eile fós ann, tuairim níos úire ach a bhfuil tacaíocht mhór aige; dá réir sin tá gaol ag an bhfocal nabi’ le fréamh Acadach a chiallaíonn “gairm” nó “glaoch”, agus go gciallaíonn an focal féin “duine a ghlaonn” nó “duine a ghlaoítear”. Úsáidtear sa Sean-Tiomna é ag tagairt do dhaoine a nglactar leo mar fháithe fíora nó mar fháithe bréige, mar fháithe leis an Tiarna nó mar fháithe le Bál.
Sa sliocht 1 Sam. 9:6-12 baintear feidhm as trí focail, agus iad go léir ag tagairt do Shamúéil agus gan aon idirdhealú eatarthu. Siad na focail: nabi’, ish ha’elohim (“Giolla (lit. “fear”) Dé”), agus ro’eh (“fear na bhfíseanna”) le gluais “an té ar a dtugtar fáidh (nabi’) thugtaí fear na bhfíseanna air fadó”. Úsáidtí hozeh (“físí”) níos minice ná ro’eh agus tá sé ar fáil taobh leis agus le nabi’ (Ís. 30:10; Amós 7:12; Míocá 3:6-7). Sé an scéal céanna é ag hôlem (“aislingeach”). Tugtar “teachtaire”, agus “giolla” an Tiarna ar an bhfáidh in áiteanna eile. Ní foláir glacadh leis an bhfocal “giolla” sa chiall “oifigeach iontaofa rí”, duine a raibh eolas aige ar chuspóirí agus aidhmeanna an rí, á mbeartú agus á gcur i ngníomh.
Is léir ó théarmaí mar “físí”, “fáidh”, agus “aislingeach”, gur glacadh le fáidheoireacht mar thoradh ar fhios ar leith a bheadh ag an bhfáidh, fios nach mbeadh ag an ngnáthdhuine. Na téarmaí “giolla Dé”, “teachtaire” nó “giolla an Tiarna”, cuireann siad in iúl gur creideadh go raibh dlúthchaidreamh ag an bhfáidh leis an Tiarna. Cuirtear é sin in iúl níos soiléire sa mhéid go dtuigtear don fháidh féin go mbíonn sé i gcomhairle leis an Tiarna (Ir. 23:18-22; Ís. 6:1-10; 1 Ríthe 22:19; cf. Amós 3:7). Tá leid eile faoi chiall an fhocail nabi’ in Eax. 7:1-12, mar a ceapadh Maois ina “dhia do Fhorann” agus Árón a dheartháir mar fháidh aige, le go n‑inseodh seisean do Fhorann gach a ndéarfadh Maois leis-sean. Bhí Maois tar éis a ghearán go raibh tutbhéalaíocht air féin, agus ansin ceapadh Árón le labhairt ar a shon. Chiallódh nabi’ dá réir sin duine a labhródh ar son duine eile, teanga labhartha sa chiall sin.
Ach táthar tar éis teacht ar thuiscint níos soiléire fós ar bhrí an fhocail nabi’ le blianta beaga anuas de bhrí gur aimsíodh an ghné liteartha a úsáidtear i gcuid de na leabhair nuair a bhíonn glaoch an fháidh á chur i láthair (Ís. 6:1-10; 40:1-11; Ir. 1:4-10; Eiz. 1:1–3:11). Is í an ghné atá i gceist ná an ghné a mbaineadh taidhleoir nó ambasadóir údaraithe feidhm aisti ag cur a dhintiúirí i láthair cúirte iasachta chuig a seolfaí é. Tá béim sa ghné sin ar an bpáirt a bhíonn ag an bhfear labhartha ag socrú treoracha a chúraim féin; tá sé eilimint i gceist: (1) teacht i láthair, (2) briathar tionscnaimh, (3) ordú gnótha, (4) cur in aghaidh, (5) athdhearbhú, (6) comhartha. Tá sampla an-mhaith de cheapadh ambasadóra agus dósan ag cur a dhintiúirí i láthair i nGein. c. 24, mar a gcuireann Abrahám a sheirbhíseach chuig a thír dhúchais le bean a fháil dʼÍosác. Nuair a úsáidtear an ghné liteartha seo ag tagairt do na fáithe, cuireann sí i láthair iad mar fhir labhartha údarásacha an Tiarna. Tá ceithre cinn, nó breis, de na heilimintí in úsáid i gcás ghairm Íseáia, Irimia, Eizicéil, agus an Dara hÍseáia. Tá sí á, húsáid freisin i gcás ghairm Mhaois. Ós fir labhartha chreidiúnaithe iad, cuireann na fáithe a n‑oracail, a bhfáistiní, i láthair le nathanna údarásacha mar: “a deir an Tiarna”, “briathar an Tiarna”, “dúirt an Tiarna liom”. An tuiscint dʼfheidhm an fháidh a chuirtear in iúl in úsáid na “gairmghné” seo, mar nár mhiste a thabhairt uirthi, tá dlúthcheangal idir é agus an tuiscint gur idirghuítheoir chomh maith é an fáidh: is minic a dhéanann sé idirghabháil le fóill a chur ar lámh Dé agus é ag bagairt pionóis (Amós 7:1-6; Ir. 7:1; 11:14; 14:11; 15:1; 18–20; Eiz. 9:8; cf. Gein. 18:16-22). Tuigeadh dʼEizicéil gurbh fhear faire é féin agus nach raibh de chúram air ach briathar an Tiarna a fhógairt dʼIosrael (3:16-21; 33:1-9); ní bheadh aon fhreagracht ar fhear labhartha an Tiarna sa chás nach n‑éisteodh an pobal leis an mbriathar sin.
Na fáithe a bhfuil a mbriathra ar caomhnú i leabhair na bhfáithe, níorbh iadsan amháin na fáithe a bhí in Iosrael fadó; ní mó ná sin a thaibhsigh siad go tobann gan réamhtheachtaí. Bhí páirt mhór ag fáithe i saol Iosrael ó aimsir Shamúéil anuas, tugtar fáidh, giolla Dé, agus breitheamh ar Shamúéil (1 Sam. 3:20; 7:15; 9:8-11). Fuair sé a ghairm le linn dó a bheith ag freastal faoi stiúir Éilí ag scrín ársa Shileo agus ar feadh an chuid eile dá shaol fuair sé agus dʼfhógair sé briathar Dé in Iosrael. Bhí baint mhór aige le forbairt na ríogachta. Bhí baint ag Nátán, Gád, Aichíá, Éilias, agus Eilíseá le géarchéimeanna na ríogachta níos déanaí (2 Sam. 7:1-17; 12:1-5; 24:12-19; 1 Ríthe 1:10-40; 11:29-39; 14:15-16; 2 Ríthe 1:2-17; 9:1-3). Thug Nátán agus Gád tacaíocht mhór do Dháiví, ach cháin siad go dóite é nuair a pheacaigh sé. Chuathas i gcomhairle le hAichíá faoi bhreoiteacht linbh (1 Ríthe 14:1-18); glacadh le hEilíseá mar oidhre spioradálta ar Mhaois agus mar chosantóir ar an gcreideamh a foilsíodh trí Mhaois. Maois féin, ba gheall le sinsear na bhfáithe uile é ag glúinte i bhfad ina dhiaidh ar a laghad (cf. Deot. 18:15). Tá éachtaí agus briathra Éilias agus Eilíseá caomhnaithe ina dtraidisiún (1 Ríthe 17–2 Ríthe 13).
Bhí fáithe de shórt eile leis in Iosrael. Le linn Shamúéil bhí gasraí fáithe a mhainreadh ar shlí mar chuallacht, agus a chosain traidisiún Iosrael in aghaidh na bhFilistíneach: bhainidís feidhm as rithim agus ceol cnaguirlisí le sórt taom buile nó eacstaise a mhúscailt; thugtaí fáidheoireacht ar a mbíodh ar siúl acu sa staid sin. Na scoláirí a deir go ndíoraíonn an focal nabi’ ó fhréamh a chiallaíonn “bheith ag brúchtaíl go glórach”, baineann siad feidhm as an bhfianaise seo mar chruthú ar a dtuairim. Fág go mbíodh Samúéil, Éilias, agus Eilíseá i gcuideachta na ngasraí fáidhiúla sin ar uaire, ní dhéanaidís aithris ar a dtaomanna eacstaise. Dealraíonn sé go ndeachaigh na gasraí seo i léig, ó thaobh éifeachta chun na dea-bheatha de, tar éis leasú Ieáhú; ach bhí grúpaí fáithe ar fáil fós le linn Amós (7:12), agus fiú síos go tar éis na deoraíochta (Zac. 7:3).
Le linn Éilias thug fáithe Iosrael agus na fáithe págánacha faoina chéile ceann ar aghaidh. I lár ghéarleanúint Ízeibil tugann Éilias féin leis dúshlán cheithre chéad go leith fáidh ríoga Bhál. Tugtar cur síos fonóideach ar ghnásanna adhartha na bhfáithe págánacha lena radaireacht, agus iad ag glaoch in ard a gcinn, agus á ngearradh féin le claimhte. Bhí na fáithe sin ag seirbhís do Bhál, dia fáis is torthúlachta, agus bhídís ag iarraidh é a ionramháil chun a dtola le cabhair a n‑íobairtí cultais (1 Ríthe 18:19-40). Cé gur dócha go raibh gaol ag fáidheoireacht Iosrael léi siúd i measc ciní ina gcóngar, ní théann sí thar fóir in aon chás faoi mar a rinne fáithe agus fáidheoireacht Bhál.
Rinneadh ionsaí níos baolaí ón taobh istigh ar fháidheoireacht in Iosrael. Anois agus arís tháinig fáithe bréige ar an bhfód; cur i gcéill agus calaois a bhí i gceist i gcás cuid acu, agus baois agus éagantacht i gcásanna eile. Thug na fáithe fíora fúthu go nimhneach. Bhí ceithre chéad fáidh den sórt sin ag Acháb; chuaigh sé i gcomhairle leo faoina fheachtas míleata, agus thug siad freagra air de réir mar dʼoir dá mhianta agus dá chás. De réir Mhíocáia mhic Imleá, líon an Tiarna na fáithe sin le spiorad éithigh le hAcháb a mhilleadh. Agus bhí a fhios sin aige mar go raibh, a dúirt sé, fios aige faoi chomhairle chúirt neimhe (1 Ríthe 22:5-23). Dʼfhulaing Irimia a lán ó lámha fáithe den sórt sin. Thairngir sé bás Hanainiá de bharr a thairngreachtaí mealltacha bréagacha (Ir. 28); cháin sé na fáithe bréige coirpeacha a cheap iad féin, agus a bhí á gcur féin agus daoine eile amú, agus arb é dianphionós an Tiarna ba dhual dóibh mar luach saothair (Ir. 23:9-40). Tugann Hóisé (4:4-11), Íseáia (28:7-13), Míocá (3:5-11), agus Eizicéil (13:1-13) léasadh teanga chomh maith do na fáithe bréige. Tugann an Sean-Tiomna dhá shlat tomhais dúinn le na fáithe bréige a aithint: comhlíonadh a dtairngreachtaí (Ir. 28:9 et seqq.; Deot. 18:22), agus a dteagasc a bheith ag réiteach le traidisiún Mhaois (Deot. 13:1-6).
Cúlra Staire
Ina seanmóireacht ó bhéal phléigh na fáithe leis na cúinsí ina raibh siad. Tháinig gach duine riamh díobh geall leis ar an bhfód le linn éigeandála náisiúnta. Ní fhéadfadh aon fháidh déileáil le cruachás na linne gan tuiscint do na himeachtaí staire as ar fáisceadh é, nó gan spléachadh a thabhairt ar a raibh á thuar aige. Cé gurb iad cúrsaí creidimh Iosrael féin ba chás leo, mar sin féin chaith siad déileáil le himeachtaí seachtracha a mbeadh drochthionchar acu ar an gcreideamh sin. Tharla trí mhórimeacht ar stáitse an tsaoil mhóir amuigh a chuaigh i bhfeidhm go mór ar shaol Iosrael:
(1) Fás impireacht na hAsaíre san ochtú haois.
(2) Meath na hAsaíre agus fás na Bablóine sa seachtú haois.
(3) Turnamh na Bablóine agus fás na Peirse sa séú haois.
Tharla gabháil Alastair Mhóir i dtreo dheireadh an cheathrú haois. Tháinig Iosrael faoi réim na Ptoiliméach agus na Seiliúcach ina dhiaidh sin: bhí fáidheoireacht ag dul i léig faoin tráth sin agus bhí an stíl apacailipteach ag teacht chun cinn ina háit. Sé leabhar Dhainéil an t‑aon leabhar de chuid na bhFáithe a bhaineann leis an tréimhse sin.
Bhí sé bunúsach maidir le creideamh Iosrael gur chreid siad gur roghnaigh an Tiarna (Iáivé) Iosrael mar phobal dó féin gur fhuascail sé í ón Éigipt agus gur thug sé seilbh di ar thír le maireachtáil go buan ann agus a Dia a adhradh gan cur isteach uirthi. De réir mar a bhrúigh an Asaír siar sa dara leath den seachtú haois, tosaíodh ag luí ar Ríocht an Tuaiscirt: bhí an ríocht sin lag, easaontaithe, truaillithe, agus gan aon seans aici teacht slán. Faoin mbliain 738 bhí cáin á íoc aici, cé gur le doicheall é, leis an Asaír. Ansin tháinig seisear rí sna sála ar a chéile go tapa, agus gan ach aon duine amháin díobh a fuair bás le hadhairt. Rinneadh ionradh gan chiall ar Iúdá, agus dʼfhill an Asaír ar ais agus dʼéiligh breis cánach agus smacht níos déine. Ansin faoi dheireadh rinne Ríocht an Tuaiscirt ceannairc éigiallta, ag brath go baoth ar gheallúint cabhrach ón Éigipt: sé toradh a bhí air sin ná gur scriosadh í féin, gur tugadh a muintir ar shiúl agus gur plandáladh daoine deoranta ina críocha.
Ba fhadhb mhór chreidimh é daoine iasachta a bheith i seilbh talún a thug an Tiarna (Iáivé) dʼIosrael. Dʼeascair ceisteanna bunúsacha as: an raibh ar chumas an Tiarna an fód a sheasamh in aghaidh na hAsaíre agus dhéithe na nAsaíreach? An bhféadfadh sé a ghealltanais a chomhlíonadh? An raibh a leithéid ann ar aon chor? Rinne Amós agus Hóisé go háirithe iarracht ar fhreagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin agus na daoine a thabhairt ar ais chun creidimh. Bhí Ríocht an Tuaiscirt ar lár: mheath sí ó laistigh mar nach raibh sí dílis don chonradh: an mhídhílseacht sin faoi deara gur chaill sí a tailte; dílse don chonradh an t‑aon urra a bhí leosan. Mar sin féin fad a bhí creidmhigh éigin fágtha sa Deisceart agus iad ag teacht slán mar phobal, ní fhéadfaí a rá gur theip ar fad ar na gealltanais.
Ach ní raibh Ríocht an Deiscirt gan bhárthainn. De thoradh Áchaz a lorg cabhrach ón Asaír, chaith sé dul faoina smacht agus ansin glacadh le déithe na hAsaíre chomh maith le Iáivé (an Tiarna) i dTeampall Iarúsailéim féin. Bhí na doirse ar leathadh ansin don phágánachas dúchais, do fhaisin, do phiseoga, agus do chultais iasachta. Bhí an conradh a dʼaithin Iáivé mar aon Dia phobal Iosrael á chreimeadh ina chroí, mura raibh sé á chur ar ceal ar fad. Rinne Hiziciá (715-687) iarracht ar bheartas Áchaz a chur ar ceal agus an fíorchreideamh a athbhunú, ach theip air agus ní raibh de bharr a shaothair aige ach cánacha breise. Níor briseadh air sa cheannairc eile a rinne sé ach, tar éis bháis dó, ghéill Iúdá don Asaír agus ghlac lena ceannas agus lena déithe gan cheist ar feadh daichead bliain.
Throid beirt fháidh ar son anam Iúdá i dtús na géarchéime seo. Bhí ceannasaíocht ag an Asaír ar thír agus ríshliocht Dháiví le chéile. Mheas daoine áirithe go raibh conradh Mhaois agus conradh Dháiví á milleadh. Mheas dream eile nach raibh de fhreagra ar an bpráinn ach muinín fhanaiceach sna gealltanais. Léirigh Íseáia gur loic idir náisiún agus rí, idir shagart agus fháidh maidir lena ndualgais chonartha a chomhlíonadh; go raibh an Asaír mar bhata pionóis ag an Tiarna á smachtú: ach ar deireadh thiar go dtiocfadh náisiún naofa chun cinn agus go mbeadh síocháin agus cóir Iáivé i réim. Thug Míocá rabhadh go raibh drochíde i ndán dóibh de bhrí go raibh na boicht agus na dearóile faoi leatrom ag an dream dar dhual a ndídean: ach nuair a ghlanfaí is a scagfaí an pobal go mbeadh dlí an Tiarna i réim arís, agus an tsíocháin acu dá bharr.
Nuair a bhí an Asaír ag meathlú, tháinig Ióisíá (640-609) i réim agus chrom sé gan mhoill ar leasú a chur i bhfeidhm. Thóg sé deas socair ar dtús é, ach ansin de réir a chéile chuir sé beartas iomlán leasaithe sa siúl; chuir sé na cultais phágánacha go léir idir dhúchasacha agus iasachta faoi chois; dʼfhonn glaine chultas Iáivé a chinntiú, lárnaigh sé an t‑adhradh poiblí go léir in Iarúsailéim. Ní fada a mhair neamhspleáchas Iúdá. Chuir an Bhablóin a riail, a nósanna agus a gnásanna creidimh féin i bhfeidhm. Tharla ceannairc, ach ní raibh de thoradh uirthi ach gur scriosadh an ríocht a príomhchathair, Iarúsailéim, agus a Teampall; agus gur tugadh ar deoraíocht chuig an Bhablóin idir rí agus phrionsaí agus lucht ceirde; mhair an deoraíocht leathchéad bliain.
Smacht seo na n‑eachtrannach, agus an ghabháil iomlán seo, dʼeascair na seancheisteanna astu, ach anois ba phráinní ná riamh iad. An uair seo tharla an tubaiste tar éis dóibh an seanchonradh a athnuachan go sárshollúnta agus an leasú is uileghabhálaí dár cuireadh i bhfeidhm riamh a chur i gcrích. Rinne Zafainiá agus Irimia iarracht ar an bpobal a thabhairt slán ón ngábhadh seo. Cháin Zafainiá na droch-chleachtaithe cultais agus iompair mar cheannairc in aghaidh an Tiarna, agus bhagair go mbeadh drochíde dá mbarr; ach dʼfhógair sé leis go mbeadh iarmhar íonghlanta mar thoradh ar an aithrí. Chuaigh Irimia i muinín an ghrá agus na dílseachta gan cheist a bhí suas i ré chonartha Mhaois. Dhearbhaigh sé le fórsa nach saorfadh an Teampall, ná Cathair an Tiarna, an pobal mura nglacfaí ó chroí go hiomlán leis an gconradh úd agus go gcuirfí i bhfeidhm é gan cheist, agus gan éigean ó lasmuigh. Sna cúinsí nua sin, go neadódh an Tiarna a dhlí go doimhin i gcroithe na ndaoine agus go ngéillfidís dʼéilimh agus do ghríogadh an dlí sin. Ach nárbh fholáir do Iúdá leorghníomh a dhéanamh ina teip, trí ionnarbadh agus dheoraíocht. Mhóraigh Nahúm an Tiarna nuair a dʼimir sé pionós ar Asaír an uabhair agus na cruálachta agus a scrios sé í. Habacúc, a bhí beagán níos déanaí ná Nahúm, tuigeadh dó gurb iad na Bablónaigh uirlis smachtaithe an Tiarna; ach go scriosfadh a gcruálacht thar cailc iad féin fós ar deireadh.
Chuir Eizicéil peacaí agus ceannairc an chine, a tharraing díoltas Dé orthu féin, ar a súile don phobal sa chéad trí dheichniúr dá ndeoraíocht–agus sular fhág sé Iúdá freisin bʼfhéidir go raibh sin ar siúl aige. Chuir sé an ruaig ar éadóchas na ndeoraithe le cumhacht agus glóir an Tiarna a fhógairt dóibh; thaispeáin sé nach raibh siadsan teoranta do Iarúsailéim ná don áit naofa. Dʼfhéadfadh an Tiarna anáil na beatha, an t‑anam, a shéideadh isteach sna cnámha bána agus pobal athbheoite a shocrú arís i dtír a ndúchais nuair a bheadh sé nite glan ó gach coirpeacht.
Thit an Bhablóin thíoránach roimh chlaíomh Chíoras na Peirse in 539. An bhliain dár gcionn díreach dʼeisigh Cíoras forógra a cheadaigh do na Giúdaigh filleadh ar a dtír dhúchais. Sna deichniúir dheiridh den deoraíocht bhí an Dara hÍseáia ag fógairt teachtaireacht sóláis agus dóchais dá mhuintir: bhí glactha ag an Tiarna le haithrí Iosrael agus bhí sé ar tí iad a threorú abhaile in eaxodus glórmhar nua.
Ach is baolach nár thuras mar a thuairisc é an filleadh, ná níorbh ionann a bhfuarthas rompu agus sprioc a ndóchais. Dʼéirigh go maith le cuid de na deoraithe sa Bhablóin agus bhí saol dá gcuid féin tógtha acu ina dtimpeall: is beag fonn a bhí orthusan cur chun bóthair arís. Iad siúd a dʼfhill, bhí na céadta fadhb rompu–an chathair agus an Teampall ar lár, an talamh gan saothrú agus i seilbh iarmhair eile, naimhdeas na Samárach, agus tiormach ar thriomach agus barraí gan toradh. Bhí a ndóthain cúraim ar Hagaí, Zacaria, agus ar an Tríú hÍseáia a chur ina luí ar na deoraithe a dʼfhill nach raibh sna deacrachtaí sin go léir ach íona fáis an chine athnuaite. De bharr an mhisnigh a mhúscail siadsan, agus an dóchais go mbunódh an Tiarna réim rí Dháiví athuair in Iarúsailéim, sáraíodh na deacrachtaí agus atógadh an Teampall. Chuaigh Malaicí, Ióéil, Obaidiá, agus Ióna i ngleic le fadhbanna eile a bhí ag an bpobal a dʼfhill–sagairt mhídhílse, póstaí measctha, colscaradh, plá lócaistí, caidreamh le sean-naimhde, fadhbanna faoin Tiarna ag cúiteamh, agus faoina ghrá agus a thoil uilíoch slánaithe.
Ba leis an dream deiridh sin a chuaigh an fháidheoireacht chun suain. Áirítear Dainéil i measc Leabhair na bhFáithe sa Bhíobla Gréigise agus sa Vulgáid, ach is leis na Scríbhinní a áiríonn an Bíobla Eabhraise é, agus sin le ceart. Baineann sé leis an ngné apacailipteach, agus is é a théama ná leithleachas Dé agus na nIosraelach. Cumadh é le linn éirí amach na Macabaech in aghaidh ghéarleanúint na Seiliúcach 167-164 R.Ch.
Leabhair na bhFáithe
Luadh cheana na trí céimeanna i bhfás leabhar fáidh: briathar beo an fháidh, a bhéaloideas beo, agus cuntas scríofa. Is léir óna lán sleachta gur thug an fáidh a theachtaireacht uaidh ó bhéal. Ní deirtear lena lucht éiste briathar an Tiarna a léamh ach cluas a thabhairt dó, éisteacht leis. Is féidir lámh dhuine eile a fheiceáil sna sleachta iomadúla atá sa tríú pearsa agus sna teidil eagarthóra. Tá fianaise an-luachmhar in Ir. c. 36 faoi cén sórt rud a tharla le tús a chur le leagan scríofa de theachtaireacht. Dheachtaigh Irimia, dá ghraifneoir, Barúch, na briathra go léir a labhair an Tiarna leis in imeacht na dtrí bliana fichead roimhe sin. Theastaigh uaidh an cosc a bhí air dul isteach i bpálás an rí a shárú, agus go léifí a bhriathra i láthair an rí agus a theaghlaigh, ós rud nach bhféadfadh sé iad a rá os a chomhair. Dhóigh an rí Iahóiácaím stiall ar stiall den scrolla de réir mar a dʼoscail sé agus é á léamh, amhail is dá gcuirfeadh sin na horacail faoi chois. Dheachtaigh Irimia a oracail do Bharúch arís, ach an uair seo scríobh sé siúd mórán briathra eile i dteannta a raibh ar an gcéad scrolla. Ní raibh sa chéad scrolla ach nithe a bhain le timpeall leath de mhineastrálacht Irimia. Is léir gur tuigeadh do Bharúch go raibh a lán rudaí, seachas ar dheachtaigh Irimia dó, arbh fhiú a chaomhnú. Bʼfhéidir go raibh ráitis a thug Irimia sna blianta tar éis an scrolla a scríobh i gceist. An scéal seo faoi scrolla Irimia tugann sé chun cuimhne an treoir a thug Íseáia dá dheisceabail céad bliain díreach roimhe sin: bhíothas tar éis diúltú don chomhairle a thug sé gan dul i gcomhar leis an Éigipt, a bhí chomh guagach sin, in éirí amach in aghaidh na hAsaíre tar éis bháis do Shargon in 705 R. Ch.; theastaigh ó Íseáia go gcaomhnófaí a chomhairle ar phár, agus thug sé treoir dá réir sin dá dheisceabail: “Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo, scríobh ar scrolla é, chun go mbeidh sé ann san am le teacht ina fhianaise bhuan” (30:8). Tríocha bliain roimhe sin, nuair a theip air a áiteamh ar Áchaz gan cabhair a lorg ar an Asaír agus sa tslí sin gan teacht faoi ghéillsine di féin agus dá déithe, chuir sé a thiomna faoi chúram thraidisiún beo a dheisceabal: “Tá an tiomna faoi chlúdach, an teagasc faoi shéala agam i gcroí mo dheisceabal” (8:16).
Taispeánann na samplaí sin conas a chaomhnaítí briathra an fháidh lena linn féin. Is é is dóichí gur do dheisceabail na bhfáithe ar leith atá ár mbuíochas ag dul ar son a lán den bheathaisnéis atá le fáil sna leabhair. Is ó thraidisiún sin na ndeisceabal, is dócha, a shíolraigh a lán den sórt sin ábhair atá i Leabhair na Ríthe agus in Íseáia (Ís. cc. 36-39: 2 Ríthe cc. 18-20). Is iomaí rud a shocródh conas a dhéanfaí caomhnú agus eagrú ar oidhreacht an fháidh. Bheadh claonadh ag oracail agus ráitis a bhain leis an ábhar céanna, nó le hábhair ghaolmhara, leis na daoine céanna, nó na dúichí céanna, briseadh leis an ord ama agus dlúthú le chéile. Go deimhin dealraíonn sé nach é an t‑ord ama is mó shocraigh ord an ábhair. Sampla soiléir den ábhar a bheith ag socrú an oird agus an eagair is ea mar a bailíodh na horacail in aghaidh na náisiún in Íseáia (cc. 13-23), Irimia (cc. 46-51) agus Eizicéil (cc. 25-32). Bheadh cnuasaigh dʼaonaid ar leith, agus ghlacfaí sna cnuasaigh sin le hábhar den sórt céanna de réir mar a thiocfaidís isteach sa traidisiún. Bheadh deisceabail chráifeacha dhílse ag coimeád ráiteas na bhfáithe móra beo; bheadh na ráitis sin ina n‑ábhar misnigh acu féin, agus ina gcabhair le croíthe daoine eile sa phobal i gcoitinne a spreagadh chun creidimh agus aithrí. Bheadh cúinsí a linne ag éileamh go ndéanfaí ráitis chaothúla ón seansaol a chur i bhfeidhm ar imeachtaí an lae; bhí sé de réir nós na linne go ndéanfaí athruithe beaga maidir le focail, agus le hainmneacha dílse, go ndéanfaí lomadh agus bearradh, oiriúnú agus fadú, dʼfhonn an teachtaireacht bhunúsach a chur i bhfeidhm ar chás na linne agus abhaile ar an bpobal. Sampla den sórt sin oiriúnú, is dócha, is ea an sliocht deiridh in Amós a dhéanann athbhunú ríocht Dháiví a thairngreacht (Amós 9:11-15).
Sa phlé ar na leabhair ar leith inár ndiaidh leanfaimid ord an Bhíobla i gcás na Mór-Fháithe; sin é an t‑ord ceart ama cibé scéal é; agus i gcás na Mion-Fhaithe leanfaimid an t‑ord ama mar is fearr is féidir linn sin a chinntiú.
Íseáia
Tá na scoláirí dʼaon aigne geall leis inniu gur i gcc. 1-39 amháin den leabhar seo atá ábhar le fáil a shíolraíonn ó Íseáia mac Ámóz ó Iarúsailéim, an té a fuair a ghlao chun fáidheoireachta sa bhliain a fuair Uiziá bás (740 R.Ch.) agus ar lean a mhineastrálacht trí réimeas Iótám (†736), Áchaz (†715) agus Hiziciá (†687). Dá bhfuil fágtha, cuirtear cc. 40-55 i leith fáidh anaithnid ó ré na deoraíochta ar a dtugtar an Dara hÍseáia anois; agus cuireann a lán scolairí cc. 56-66 i leith fáidh nó scoil fáithe ón ré iardheoraíochta, agus tugann siad an Tríú hÍseáia ar an gcuid sin. Is é a thug ar na scoláirí teacht ar na tuairimí sin faoi fhoinsí agus faoi údair an leabhair ná nithe mar cúrsaí stíle, cúlra stairiúil, smaointe, béim agus cur i láthair.
Fuair Íseáia a ghlao fáidh an bhliain a fuair Uiziá bás (740). Bá é tóir na hAsaíre ar cheannas an domhain an cor polaitiúil ba mhó sa saol idirnáisiúnta lena linn. Chuaigh an tóir seo i bhfeidhm go cinniúnach ar Iúdá trí huaire go háirithe ar shlí a mhúnlaigh mineastrálacht Íseáia go bunúsach agus a shocraigh a lán dʼábhar a theagaisc:
(1) Nuair a dʼiarr Áchaz coimirce na hAsaíre in aghaidh ionradh Eafráim agus na Suíre in 736-733.
(2) Nuair a bhí Hiziciá ag manaois le ceannairc a bhí á spreagadh ag an Éigipt in aghaidh na hAsaíre in 714-711.
(3) Nuair a dʼéirigh Hiziciá amach in aghaidh na hAsaíre in 705 agus in 688.
Nuair a ghlac Áchaz le coimirce na hAsaíre, ghlac sé chomh maith lena ceannasaíocht, agus le hadhradh a déithe sa Teampall in Iarúsailéim (2 Ríthe 16:5-18). Chuir Íseáia ina aghaidh sin le barr dúthrachta. Thairngir sé titim na hAsaíre agus, mar gheall le dílse an Tiarna do theaghlach Dháiví, thairngir sé breith Imeánuéil. Níor tugadh aon aird ar an impí a rinne sé muinín a chur sa Tiarna in áit i gcumhachtaí daonna. Baineann formhór na n‑oracal i gcc. 6-12 leis an tréimhse sin.
Leasaitheoir ab ea an rí Hiziciá agus bhí sé ag faire na faille leis an náire Asaíreach a dhíbirt. Rinne an Éigipt iarracht ar é a mhealladh chun éirí amach (714), ach dʼimpigh Íseáia air gan muinín a chur i gconarthaí míleata ach sa Tiarna. Ní raibh, a dhearbhaigh sé, mar theannta ag Iúdá, ach an chóir agus an dílse; chiallódh conarthaí le cumhachtaí iasachta go gcaithfí géilleadh dá ndéithe bréige agus go leanfadh mímhacántacht shóisialta agus truailliú creidimh as sin. Rinne sé agóid; ghabh sé timpeall cosnocht agus tarnocht mar chime cogaidh, ina shiombail ghlé dá mbeadh i ndán do cheannaircigh (20:1-6). Glacadh lena chomhairle. Ach nuair a cailleadh Sargon dʼéirigh Hiziciá amach; ghabh Sanaichéiríb a chathracha, agus chuir Iarúsailéim faoi léigear in 701. Cháin Íseáia an beartas mar bhaois agus mar fhianaise shoiléir ar easpa creidimh sa Tiarna (28:14-22; 30:1-17; 13:1-3). Dealraíonn sé gur ansin, nuair a diúltaíodh dá chomhairle, a chur sé a ráitis ar an gceist faoi chúram a dheisceabal (30:8). Faoi cheann deich mbliana ba é an scéal céanna arís é. Ach tuigeadh dʼÍseáia go raibh an Asaír ag dul thar fóir in áit bheith mar uirlis pionóis ag an Tiarna (10:15-19), agus go scriosfaí í ar thalamh Iúdá (14:24-27; 17:12-14). Fuasclaíodh Iarúsailéim go diamhrach (37:33-38). Ba é sin an uair dheiridh a luaitear go raibh lámh ag Íseáia in imeachtaí poiblí.
Níor mhiste ábhar leabhar Íseáia a rianú mar leanas:
c. 1. Oracail in éadan Iúdá ó bhlianta eagsúla.
cc. 2-5, 9:7–12:6. Cnuasach eile dʼoracail in éadan Iúdá, agus dhá thairngreacht faoi Shíón (2:2-4) agus a rí (11:1-9).
6:1–9:6. Glao Íseáia; tairngreacht faoi Imeánuéil le linn na géarchéime leis an tSuír agus Eafráim; tairngreacht faoin rí le teacht.
cc. 13-23. Oracail in éadan na náisiún ó bhlianta éagsúla, agus cuid díobh nach le hÍseáia.
cc. 24-27. “Apacailipsis Íseáia”, sliocht a ghabhann níos fearr le tréimhse an Dara hÍseáia nó níos déanaí.
cc. 28-32. Oracail faoi Iosrael agus Iúdá, a bhformhór le hÍseáia agus ag baint leis an tréimhse 705-701.
cc. 33-35. Ábhar le hÍseáia le blaiseadh níos déanaí.
cc. 36-39. Cuntais staire ar ghéarchéim Shanaichéiríb ón bhfoinse chéanna le 2 Ríthe 18:13–20:19.
Siad naofacht Dé agus peacúlacht an duine (cf. 6:1-13) an dá mhór smaoineamh ag Íseáia. Ba náisiún peacúil é Iúdá ina raibh an rí, an fáidh, agus an sagart tar éis an Tiarna a thréigean agus dímheas a chaitheamh ar Neach Naofa Iosrael. Bhí ceart ag an Tiarna chun seirbhíse dílse; dʼéiligh a naofacht go nglanfaí an talamh agus dʼfhéadfadh sé feidhm a bhaint as an Asaíreach chuige sin (10:25-30). Ach bhí a ghrá féin dʼIosrael, a naofacht, agus a dhílse dá ghealltanais á chinntiú go bhféadfaí a bheith ag súil le ré síochána faoi rí idéalach rafar de shliocht Dháiví.
An Dara hÍseáia
(cc. 40-55)
Ní bhaineann na caibidlí seo ar aon chor leis an seachtú agus an ochtú céad R.Ch., ach le teacht Chíorais (559-529) chun cumhachta agus le heaxodus nua an náisiúin ó bhroid na Bablóine. Ní aon chabhair a bheith ag cur físeanna agus tairngreachtaí speisialta i leith Íseáia.
Tá an Dara hÍseáia gafa leis an tuairim go bhfuil Dia tagtha lena phobal a fhuascailt. Dia na staire, an té a bhain feidhm as na hAsaírigh mar a uirlis sa Chéad Íseáia, is é leis Tiarna na Staire. Glaonn sé ar Chíoras chun cumhachta, ach ní le bheith ina shás pionóis, ach ina aoire dá phobal. Agus is é Tiarna na Cruthaíochta é chomh maith le Tiarna na Staire; déanfaidh sé gach ní a athnuachan. Na héachtaí fuascailte a rinne sé sa chéad eaxodus ón Éigipt is beag iad i gcomparáid leo sin a ghabhfaidh leis an bhfuascailt nua agus leis an bhfilleadh ó bhroid na Bablóine (40:12-26; 41:8-24; 43:1-21). Leagtar béim ar an aon Dia san fhonóid faoi dhéithe págánacha (44:6-20). Réim nua an Tiarna bheadh sí uilíoch, ar ghintlithe agus ar Ghiúdaigh le chéile (49:6); chasfadh na náisiúin uile ar an Tiarna, a bhfuasclóir Dé (45:7-25). Déantar ceithre amhrán Ghiolla fulaingthe an Tiarna a fhí isteach leis an ábhar seo (42:1-7; 49:1-9; 50:4-9; 52:12–53:12); pearsa dhiamhrach é seo a chinnteoidh go gcuirfear beartais an Tiarna i gcrích trína dhíomua féin.
Tá dán ar ghlao an fháidh mar réamhrá leis an roinn seo (40:1-11); ansin tagann dhá mhór-aiste, iomann do Dhia an Fuasclóir (40:12–48:22), agus iomann do Iarúsailéim Fuascailte (49-55).
An Tríú hÍseáia
(cc. 56-66)
Tá an Phailistín tar éis na deoraíochta le feiceáil ar chúl na gcaibidlí seo. Tá bailte agus cathracha ar lár ag feitheamh le hatógáil. Tá an Teampall agus ballaí Iarúsailéim freisin ar lár. Ach tá tús áite sa tógáil ag pobal Iúdá, agus tá sin le déanamh ar bhunsraith na fíréantachta, an ionracais agus na síochána.
Is léir ón struchtúr comhchruthach cáiréiseach atá ar an aonad seo go bhfuil eagrú cúramach déanta ar an ábhar, nó gur cumadh mar aonad ar dtús é in áit a bheith ina chnuasach dʼoracail bhéaloidis. Nochtann an struchtúr cad ar a bhfuil béim sa téacs féin: cuid de bheartas uilíoch fuascailte Dé is ea fuascailt Iosrael; éilíonn an fhuascailt admháil pheaca agus aithrí roimh ré; an fáidh a fhógraíonn an dea-scéal don phobal faoi leatrom, tá páirt shuaithinseach aige, faoi réir Dé, ag atógáil phobail Iúdá. Seo é an struchtúr, agus mar a ghabhann an t‑ábhar, cé gur ar bhonn níos traidisiúnta ná seo atá an leagan amach téacsúil:
(a) Cruinníonn an Tiarna muintir scaipthe Iosrael agus cách eile chuige féin (56:1-8).
(b) Chonaic an Tiarna peaca an phobail agus mar a thréig siad é féin (56:9–57:13).
(c) Fógraítear an fhuascailt agus a cúrsa (57:14–58:14).
(d) Duan impithe (59:1-14).
(e) Fógraíonn an Tiarna é féin mar dhíoltach agus mar fhuasclóir (59:15-21).
(f) Déantar Iarúsailéim a athnuachan faoi ghlóir (60:1-22).
(g) Misean an fháidh (61:1-11).
(f¹) Déantar Iarúsailéim a athnuachan faoi ghlóir (62:1-12).
(e¹) An Tiarna an díoltach agus an fuasclóir (63:1-6).
(d¹) Duan impithe (63:7–64:11).
(c¹) Fógraítear an fhuascailt agus a cúrsa (65:1-25).
(b¹) Chonaic an Tiarna peaca an phobail ach fógraíonn a bhfilleadh (66:1-17).
(a¹) Cruinníonn an Tiarna ciníocha na n‑uile theanga (66:18-24).
Irimia
Fuair Irimia a ghairm chun fáidheoireachta sa bhliain 627 R.Ch. Bhí sé comhaimsireach leis an leasaitheoir rí, Ióisíá, ach mhair sé cúig bliana fichead eile tar éis a bháis-sean; roimh dheireadh a shaoil chonaic sé Iúdá ag turnamh ó laethanta bríomhara an leasú creidimh agus thúsú neamhspleáchais leis an Asaír, go dtí tamall géillsine don Éigipt, agus ansin go daoirse iomlán agus scrios faoin mBablóin nuair scartáladh an phríomhchathair agus a díbríodh an pobal. Chaith Irimia deireadh a shaoil san Éigipt mar ar tugadh é ag dream a bhásaigh Gadailiá, an gobharnóir a cheap an Bhablóin.
Fuair leasú Iósíá spreagadh agus treoir ó “Leabhar an Dlí” a fuarthas le linn don Teampall a bheith á dheisiú; ba é buaic an leasaithe sin ná athnuachan ghlórmhar ar an gconradh in 622 (cf. 2 Ríthe 22:3–23:18; 2 Croin. 34:1–35:19). Ba inspioráid do Irimia freisin an leabhar úd–leagan de Leabhar Dheotrainimí–agus bhain sé taitneamh ar leith as a theagasc faoi chonradh Mhaois le linn an ghuardail san fhásach. Ach ní mó ná sásta a bhí sé lena lán dár bhain le leasú a linne. Cháin sé go háirithe an fhoirmiúlacht, an easpa athnuachana croí agus meoin i gcás a lán; an tslí ina raibh glacadh leis an leasú mar fhaisean. Thug sé faoi deara go raibh cultas seachtrach fústrach ag fás agus go raibh muinín phiseogach á cur i ngnásanna creidimh (6:16-21).
Chuir bás Ióisíá in 609, agus an ghéillsine don Éigipt ar dtús, agus ansin don Bhablóin, isteach go mór ar an leasú creidimh. An Dia úd lena ndearna Ióisíá conradh thar ceann a phobail, ní raibh ar a chumas an fód a sheasamh in aghaidh déithe na hÉigipte ná na Bablóine. Chuaigh an leasú i léig faoi Iahóiácaím, agus thosaigh tréimhse leatroim agus géarleanúna i mineastrálacht Irimia (15:10-18; 20:7-10). In áit na teachtaireachta faoi fhilleadh ar dhíograis chreidimh mar a bhí faoi Mhaois (2:1–6:30) agus ar chonradh nua le leasú croí (30:1–31:40) a bhí aige roimhe sin, is fáistiní faoi scriosadh agus mí-ádh a bhí anois le cloisteáil uaidh. Toisc gur thréig Iúdá an conradh, ní raibh an Tiarna faoi cheangal a ghealltanais a thuilleadh–seachas an gealltanas faoi scriosadh an náisiúin dá mbeadh sé mídhílis. Chuirfí an scriosadh sin i gcrích leis nuair a dhéanfadh an Bhablóin ionradh ón tuaisceart (5:15-7; 6:22-26; 11:9-17). Dhíol sé go daor as an teachtaireacht sin; rinneadh magadh agus fonóid faoi agus cuireadh i gceapa agus i gcarcair é (11:18–12:6; 26; 36). Mhol sé don chéad dream a tugadh ar deoraíocht socrú síos sa Bhablóin mar go mbeadh moill mhór ar an bhfilleadh (29:1-32); agus nuair a bhí an t‑ionsaí deiridh ar siúl mhol sé fiú do shaoránaigh gabháil leis an namhaid, agus géilleadh, mar nach mbeadh ansin ach an daoirse a bhí ceaptha ag Dia mar phionós orthu (21:8-10). Lean sé air, fiú agus é ar deoraíocht i gcoinne a thola san Éigipt, ag fógairt dhaorbhreith Dé ar a mhuintir de bharr a bpeacaí.
Luamar romhainn cuntas scríofa Bharúch ar sheanmóireacht Irimia, agus na nithe a cuireadh leis. An dara scrolla méadaithe sin, rinneadh de eithne leabhair Irimia mar atá sé anois againn; tá sé ar fáil, le breiseanna agus forlíonadh, i gcc. 1-25. Tá na horacail bailithe le chéile sna caibidlí seo de réir oird ama: baineann cc. 1-6, sa chuid is mó, le réimeas Ióisíá (627-609); cc. 7-20 le ré Iahóiácaím (609-597); cc. 21-25 le ré Zidicíá (597-587). Tá ábhar beathaisnéiseach i gcc. 26-45–cuimhní cinn Bharúch, bʼfhéidir–agus “Leabhar na Sólás” (cc. 30-33). Tá na horacail in éadan na náisiún bailithe le chéile i gcc. 46-51. Is aguisín staire, ón bhfoinse chéanna le 2 Ríthe 24:18–25:30, atá i gcaibidil 52.
Níl aon fháidh a thugann léargas chomh soiléir dúinn ar mhineastrálacht an fháidh agus a thugann Irimia, go háirithe ina “fhaoistiní” (11:18–12:6; 15:10-21; 17:14-18; 18:18-23; 20:7-18). Duine cneasta cúthail ab ea é, a raibh fuath aige don fhoréigean, agus a raibh eagla air roimh an saol poiblí. Ba gheall le fógairt a theachtaireachta, a shaol féin; is í an teachtaireacht ná gur trí fhulaingt, trioblóidí agus gannchúis, is ea tá an fhuascailt le baint amach.
Olagóin
Cuireann traidisiún, bunaithe ar 2 Croin. 35:25, an cnuasach seo i leith Irimia, ach ní réitíonn an fhianaise inmheánach lena údaracht, cibé scéal é ag mínithe traidisiúnta ar chuid di. In 2:9 tá trácht ar an fháidheoireacht a bheith ina tost: tá moladh ar Zidicíá in 4:20, agus muinín as cabhair na hÉigipte léirithe in 4:17.
Sé tá sa leabhar ná cúig dánta–tá na ceithre cinn tosaigh aibítreach–ag caoineadh thitim Iarúsailéim in 587 R.Ch. Tá na loinneoga faoi ardmheas fós i liotúirge na nGiúdach, agus úsáidtear iad i liotúirge na Seachtaine Móire i measc na gCríostaithe lena ndólás faoi pháis agus bhás Chríost a chur in iúl.
Barúch
Cuireann an leabhar seo in iúl gur scríobh Barúch, rúnaí Irimia, é sa Bhablóin in 582, agus gur cuireadh ar ais chuig cuallacht in Iarúsailéim é mar aon le roinnt airgid agus le hárais áirithe, a fuarthas, de chuid an Teampaill. Tugann an fhianaise inmheánach le tuiscint gur tar éis na deoraíochta a scríobhadh an leabhar: níltear cinnte an bhfuil an Teampall ar lár nó ina sheasamh; tugtar Béilseazar, trí dhearmad, ar mhac Nabúcadnazar. Is é is dóichí nach raibh Barúch riamh sa Bhablóin. Tá argóintí tréana dá réir sin in aghaidh glacadh leis gurbh é Barúch a scríobh.
Tá pictiúr de shaol na nGiúdach sa Bhablóin sa chéad chuid den leabhar–saol aithrí agus urnaí, agus imní faoi Iarúsailéim. Dhá dhán atá sa dara cuid, ceann ag moladh na hEagna, agus ceann ina iomann do Iarúsailéim. Sa Vulgáid cuirtear Litir Irimia le Barúch mar chaibidil 6. Déanann sí sin iarracht ar aon mhíthuiscint a dʼfhéadfadh teacht as litir Irimia ina leabharsan (29:10-14) a cheartú trí rabhadh a thabhairt faoi íoladhradh i measc na mBablónach. Cé gur in Eabhrais a scríobhadh an litir seo, dealraíonn sé go mbaineann sí leis an ré Heilléanach.
Eizicéil
Cuireann leabhar Eizicéil gairm agus mineastrálacht an fháidh i láthair amhail is dá mba sa Bhablóin i measc na ndeoraithe a tharla an t‑iomlán. Ghlactaí gan cheist go coitianta leis sin mar thuairim go dtí le déanaí; tugadh faoi deara ansin go raibh nithe áirithe nach raibh ag teacht leis. Ansin dʼfhás teoiricí iomadúla ag míniú an scéil. Níor mhiste na teoiricí a choimriú faoi dhá phríomhdhearcadh:
(1) Mineastrálacht sa Phailistín amháin bhí i gceist.
(2) Bhí mineastrálacht ar dtús sa Phailistín agus ina dhiaidh sin sa Bhablóin; nó bhí an mhineastrálacht sa Bhablóin, ach, lena linn, dʼfhill an fáidh ar feadh tamaill ar an bPáláistín.
Na sleachta a úsáidtear mar fhianaise ar mhineastrálacht sa Phailistín is sleachta iad, sa chuid is mó de, atá físiúil agus nach féidir a lán muiníne a chur sna sonraí tíreolais iontu i gcomparáid leo siúd ag baint leis an mBablóin atá i bhfad níos soiléire. Rud eile, ní thagraíonn Eizicéil ná Irimia dʼimeachtaí an duine eile, rud ba dheacair a mhíniú dá mbeidís araon ag mineastráil in Iarúsailéim idir an dá ionnarbadh. Turas físe a rinne Eizicéil ar Iarúsailéim i ngach cás. Dealraíonn sé go réitíonn sé níos fearr leis an bhfianaise a mheas gur tugadh Eizicéil an sagart i ndaoirse leis na deoraithe in 598, agus gur cuireadh tús lena mhineastrálacht cúig bliana níos déanaí, in 593. Cuirtear dáta fiche bliain níos déanaí lena fhís den Teampall nua.
Ba ar na chéad deoraithe dá bhrí sin a dʼfhreastail Eizicéil ar dtús: bhí siadsan ag súil le filleadh go luath ar a dtír dhúchais, agus go n‑athbhunófaí Iúdá neamhspleách (cf. Ir. 28-29). Cháin Eizicéil na fáithe a bhí ag treisiú le dóchas den sórt sin agus chuir sé iad i gcomparáid le dream a bheadh ag iarraidh balla a bheadh ag titim a chothú lena dhathú le haol (13:1-16). Dúirt Eizicéil leis na deoraithe gurb é a n‑íoladhradh gan staonadh, tréigean an chonartha, agus a gcoirpeacht leis na cianta, a thug an tubaiste gan teip sa mhullach ar an náisiúin (2:3-4; 6:1–11:22; 16; 20; 22-24). Chuir sé deireadh leis an muinín bhaoth a bhí acu as Teampall an Tiarna a bheith in Iarúsailéim; dhearbhaigh sé go raibh an Tiarna imithe as an Teampall cheana féin (9:3; 10:15-19); ach go raibh briathar an Tiarna fós lena phobal ar deoraíocht (1:1-3), agus dá dtabharfaí aird ar an mbriathar sin go bhfuasclódh sé iad go fóill. A fhís de chnámha tirime ar tháinig an t‑anam iontu (37:1-14), chuir sí in iúl a chreideamh i gcumhacht fuascailte an Tiarna dʼainneoin na n‑ainneon. Ar gach duine leis féin a bhraith sé glacadh le briathar Dé; bheadh a chúram déanta ag an bhfáidh nuair a bheadh an briathar fógartha aige (3:16-21; 33:1-20); ní luífeadh díoltas an Tiarna ach ar an muintir chiontach (14:12-23; 18:1-38). Ghlanfaí pobal agus talamh, chuirfí croí nua fola in áit chroí cloiche, chinnteodh spiorad an Tiarna go mbeidís dílis go deo arís don chonradh nua (36:1-38; 11:14-21). Sa chúigiú bliain fichead den deoraíocht chuir sé i láthair an phobail fís den Teampall agus é atógtha go foirfe agus an pobal go brách arís láneolach agus lánfhiosach ar a nDia ina measc (cc. 40-48).
Tá a leithéid dʼord agus de shlacht ar an leabhar go dtugann sé le tuiscint go bhfuil an fáidh níos gaire don saothar deiridh féin ó thaobh ama agus eagarthóireachta ná mar atá i gcás na bhfáithe roimhe. Is féidir ábhar an leabhair a chur i láthair mar seo:
cc. 1-3. Gairm Eizicéil.
cc. 4-24. Oracail tubaiste in éadan Iúdá agus Iarúsailéim ó na blianta roimh thitim dheiridh Iarúsailéim in 587.
cc. 25-32. Oracail in éadan náisiúin iasachta, go háirithe iad siúd a chlis ar Iúdá in am an ghátair.
cc. 33-37. Athnuachan; conas a tharlódh sin agus gach ar éiligh sé.
cc. 38-39. Caithréim agus bua Iosrael ar a naimhde.
cc. 40-48. Fís an phobail arna athnuachan.
Is deacair méar a leagan ar shonraí staire agus tíreolais ar uaire sa leabhar seo mar go mbaineann Eizicéil feidhm as gnéithe liteartha mar an bhfís, an fáthscéal, an mhím, agus an gníomh siombalach. Ach níl aon amhras ná doiléire faoin Dia a chuireann sé i láthair, Tiarna Uilechumhachtach na córa, an ghrá, agus na fuascailte.
Dainéil
Tá suíomh scéalta leabhar Dhainéil sa Mheaspatáim sa séú haois R.Ch. I gcuid díobh is é Nabúcadnazar, rí na Bablóine (605-562), atá ag rialú. Tá beirt eile rialtóirí luaite sna scéalta, beirt nach bhfuil aon lua orthu sa stair, Béilseazar agus Dáire mac Aisiuéaróis. Luaitear leis Cíoras na Peirse (559-530), agus Dáire an Méideach, duine anaithnid. Murab ionann agus na leabhair fháidhiúla eile, ní hé údar a oracal a thugann a ainm don leabhar, ach laoch a scéalta.
Na haimhréitigh ó thaobh staire, na haidhmeanna soiléire, an dímheas follas ar dhéithe a bhí á mbrú ar na hEabhraigh lena n‑adhradh, taispeánann siad sin go léir gurb amhlaidh atá scéalta le blas éigin staire orthu á n‑úsáid le creideamh pobail faoi ghéarleanúint a neartú. Is léir leis gurb í an ghéarleanúint atá i gceist ná í siúd faoi Aintíochas IV Eipifeanaes (175-164). Ar an míchruinneas staire is fiú a lua, tá: Béilseazar á lua mar rí ar an mBablóin (5:1) agus mar mhac le Nabúcadnazar (5:2); an Mhéide á meas mar chumhacht dhomhanda a tháinig i ndiaidh na Bablóine (5:28-31); meascán mearaí faoi Dháire (5:30–6:1; 6:29; 9:1); an tríú bliain de réimeas Iahóiácaím (1:1) á lua le titim Iarúsailéim.
Clár heilléanaithe Aintíochas Eipifeanaes, é ag truailliú an Teampaill, ag cur cosc le híobairtí Iosrael, agus ag brú cultais phágánaigh ar an bpobal, sin é atá mar chúlra ag na scéalta i nDainéil. Mórann na scéalta sin comhlíonadh na ngnásanna Giúdacha; díríonn siad aird ar an Tiarna a aithint mar Dhia os cionn gach dé fiú ag na gintlithe, agus ar eagna na nEabhrach thar aon ní dá short sa Mheán-Oirthear. Is féidir an leabhar a chur síos do na blianta 167-164 R.Ch. dá réir sin, rud a mhíneodh cén fáth ar fhág Bein Síorach Dainéil ar lár ina liosta laochra: bhí sin curtha i gceann a chéile faoin mbliain 180 R.Ch.
Tá an leabhar ina thrí codanna soiléire:
cc. 1-6. Scéalta spreagúla ag teaspáint neart agus misneach na nEabhrach agus iad faoi ghéarleanúint.
cc. 7-12. Físeanna a fuair Dainéil arb é a gcuspóir dóchas a chothú go rachadh fearg Dé chun suain, go scriosfaí an tíoránach, agus go mbeadh deireadh leis an anachain.
Breiseanna sa leagan Gréigise–Guí Azairiá agus Caintic an Triúr Ógánach (3:24-90); trí scéal bleachtaireachta faoi Shúsanna, Béil, agus an Dragan (cc. 13-14).
Fág go bhfuil na breiseanna deiridh seo i nGréigis, bʼfhéidir go raibh leagan bunaidh Eabhraise nó Aramaise i gcás cc. 13-14. Tá 2:4a–7:28 in Aramais, agus an fuílleach in Eabhrais. Dáta déanach an leabhair agus a dhátheangachas, i gcás cuid (a) agus (b) romhainn, is dócha gurb iad sin faoi deara é a bheith ar “na Scríbhinní” sa Bhíobla Eabhraise: bhí canóin na bhFáithe socair faoin am sin. Tá na sleachta déanacha deotracanónach.
Na Mionfháithe
Amós
Aoire ó Theacóá ab ea Amós an té is luaithe de na fáithe sa chanóin. Baile beag ar imeall fhásach Iúdá, dhá mhíle déag laisteas de Iarúsailéim, ab ea Teacóá. Fuair Amós a ghairm le linn Iarobám II (783-743) le dul ó thuaidh agus fáidheoireacht a dhéanamh i Ríocht an Tuaiscirt.
Bhí an rath ar Iosrael le linn Iarobám II. Bhí an rí seo gan freasúra sa bhaile, agus an bua aige in eachtraí míleata lasmuigh; bhí ar a chumas trádáil agus tionscail a chur chun cinn. Bhí saint chun maoine i réim, áfach, rud a dʼfhág na boicht faoi bhráca na gcánacha agus faoi sháil na n‑úsairí. Bhí an creideamh thíos leis chomh maith; bhí sé ag fónamh don lucht gnótha nó á chaitheamh i leataobh acu.
Cháin Amós lucht toice na leisce de bharr chruas a gcroí, a gcalaoise, agus na slí ina raibh feidhm á baint acu as an gcreideamh ar mhaithe leo féin. Bhí dul amú ar fad orthu nuair a shíl siad gurb é a bheadh i gceist le “Lá an Tiarna” ná an Tiarna ag téarnamh go taibhseach i gcabhair orthu; bhí drochíde i ndán dóibh de bharr a ndíchreidimh. Chuir ardsagart scrín an rí ag Béitéil tréas i leith Amós agus rinne é a ionnarbadh, ach, sular fhág Amós, rinne sé tairngreacht go scriosfaí teaghlach Iarobám.
Tá oracail Amós ar caomhnú go beoga ina leabhar, ach gan iad a bheith san ord inar fhógair sé iad. Tá na haonaid bailithe ar bhonn ábhair agus foirme. Oracail in éadan na náisiún, agus in éadan Iosrael mar bhuaic, atá i gcc. 1-2. Tá áireamh pheacaí Iosrael i gcc. 3-6, agus taispeántar conas mar a theip uirthi bearta leasaithe a chur i gcrích. Tá sraith físeanna i gcc. 7-9, agus an cur síos ar an gcoimhlint leis an ardsagart istigh ina measc. In 9:11-15 tá oracal dóchais do theaghlach Dháiví, agus dála an chinn ag bagairt ar Iúdá in 2:4-5, is cumadóireacht níos déanaí é.
Hóisé
Bhain Hóisé le Ríocht an Tuaiscirt de réir dúchais agus lean sé ar Amós. Iarobám II (783-743) an t‑aon rí tuaisceartach a luaitear i véarsa teidil a leabhair; ach luaitear Uiziá, Iótám, Áchaz, agus Hiziciá de ríthe an deiscirt, agus dá réir sin cuirtear mineastrálacht ina leith a shínfeadh ó 743 to 715 R.Ch. ar a laghad, agus anonn thar scriosadh na Samáire in 721 R.Ch. Bʼfhéidir go gciallaíonn sé gur imigh Hóisé ó dheas go dtí Ríocht an Deiscirt nó ar a laghad go ndearna traidisiún beo a ráiteas amhlaidh.
Bhí an scéal go hainnis in Iosrael tar éis bháis Iarobám II. Bhí sí á stolladh as a chéile ó laistigh ag achrainn agus easaontais shibhialta, gan ar a cumas cur i gcoinne aon bhrú a chuirfí uirthi ó lasmuigh. Is féidir tuairim éigin a fháil faoin suaitheadh inmheánach ón stair a bhí ag na ríthe san fhiche bliain dheireanach dá saol; bhí sé ríthe sa tréimhse sin; bhí ceathrar díobh gan gaol leis an té a ghabh roimhe; feallmharaíodh ceathrar díobh chomh maith. Bhí an scéal níos measa fós ná mar a bhí le linn Amós.
Tugtar an-aird ar shaol pearsanta Hóisé féin, mar sna caibidlí tosaigh den leabhar–go háirithe cc. 1 agus 3–bíonn Hóisé, a bhean Goimir, agus a thriúr mac–a fuair ainmneacha siombalacha–ag iompar a theachtaireachta fáidhiúla ar bhealaí siombalacha. Is beag difríocht a dhéanann sé do shoiléire na teachtaireachta féin, agus tá sin i gc. 2, cé acu an iad cúrsaí a chlainne mar a bhí siad atá i gceist sna sleachta sin nó an comharthaí fáidhiúla á gcur i bhfeidhm go fáthchiallach nó go siombalach atá iontu. Is bean chéile mhídhílis í Iosrael: déanfaidh an Tiarna, a céile, a bhronntanais fhiala a thógáil ar ais uaithi, dʼfhonn í a sheoladh ar ais chun an ghrá gan cháim a bhí aici dó i laethanta an ghuardail san fhásach. Cuireann Hóisé an milleán ar son staid shuaite na tíre ar a ceannairí; ar na ríthe mar nach bhfuil an chóir á cur i bhfeidhm acu; ar na sagairt mar nach bhfuil eolas fíor ar Dhia á mhúineadh acu; ar na fáithe mar nach bhfuil a bhfís á fógairt acu (4:4-11; 5:1-7); táid go léir chomh holc le chéile. Tá Iosrael iompaithe chuig Bál na gCanánach, agus a cúl tugtha aici ar an ngrá caoin a bhí ag an Tiarna di ar feadh a staire (6:1–7:7; 11:1-6). Ós rud é gur dhiúltaigh Iosrael don Tiarna, diúltóidh seisean di, agus caithfidh sí filleadh ar staid an deoraí ina raibh sí san Éigipt (5:13-15; 9:3-6; 11:1-6). Ach goilleann sé sin go mór ar an Tiarna. Tá sé de shíor ag glaoch ar Iosrael chun aithrí, agus cuirtear a thnúthán lena filleadh in iúl le barr cineáltachta (2:16-25; 10:11-12; 11:7-9; 12:10-11; 14:2-9).
Tá téacs Hóisé lochtach ina lán áiteanna agus is deacair é a leasú. Ach níl aon bhunús poinn leis na hiarrachtaí a bhíodh á ndéanamh go dtí le déanaí ar na horacail dhóchais a scriosadh as an leabhar. Briseadh chuing an phósta, ní chuireann sé deireadh le grá an Tiarna dʼIosrael; fad tá an grá ann, maireann an dóchas.
Míocá
Bhí Míocá suas le linn Hóisé agus Íseáia. Ba as Móraisit dó, baile atá cúig mhíle fichead siar ó dheas ó Iarúsailéim. Scriosadh agus bánaíodh an chomharsanacht sin le Sargon agus Sanaichéiríb lena linn. Thosaigh a mhineastrálacht fáidh roimh thitim na Samáire (1:1-7); agus dealraíonn sé go raibh sé gnóthach fós faoi thús an tseachtú céad. Labhraíonn sé leis an tír ar fad.
Baineann Míocá feidhm as foirm an chúis dlí lena cionta a chur abhaile ar Iosrael. In 6:1-8 glaoitear ar na finnéithe: cuireann an Tiarna an bonn faoina éileamh ar sheirbhís óna phobal in iúl–dʼfhuascail sé iad ón Éigipt; is lag é freagra an phobail: tugtar an bhreith; tá an conradh briste ag Iosrael. Ní dhéanfadh aon chultas an gnó in áit na fíréantachta agus an ghrá mar a dʼéiligh an conradh. Is líonmhar le háireamh iad peacaí na ndaoine; ar a gcionta troma, tá maoin á gabháil, an fháistine fhíor á ceilt, mná agus leanaí á gcur as seilbh, lucht breithiúnais ag déanamh faillí ina ndualgas, peacaí an tomhais, agus clampar ar an tinteán. Caithfear pionós a chur i bhfeidhm. Scartálfar an tSamáir agus rachaidh an céachta thar Iarúsailéim.
Ach níltear gan dóchas. Dʼfhéadfadh Iarúsailéim fós filleadh ar a gairm agus na náisiúin uile a mhealladh chun an fhíorchreidimh a fhógrófaí ón Teampall.
Tá seanmóireacht Mhíocá ar caomhnú i gcnuasach eagartha mar a bhfuil bagairt agus gealltanas ag guailleáil a chéile mar a leanas:
(1) Oracail in éadan Iosrael agus Iúdá (cc. 1-3).
(2) Gealltanais do Iúdá (4-5).
(3) Oracail in éadan Iosrael agus Iúdá (6:1–7:7).
(4) Gealltanais do Iúdá (7:8-20).
Tá a dhealramh ar shleachta áirithe .i. 2:12-13; 4:6-7: 5:6-7; 7:8-20, go mbaineann siad le tréimhse níos déanaí ná le linn Mhíocá. Tá 4:1-5 le fáil in Ís. 2:2-5, agus bʼfhéidir gur téacs liotúirgeach é ar a raibh seanaithne, agus a dʼúsáid an bheirt go neamhspleách lena chéile.
Zafainiá
Bʼfhéidir gur den sliocht ríoga é Zafainiá, de cheap Hiziciá. Déantar a mhineastrálacht a shuíomh le linn Ióisíá (640-609). Tugtar leid go mbaineann a sheanmóireacht le hóige Ióisíá sa mhéid nach ndéantar aon tagairt don rí ach go ndéantar oifigigh na cúirte a cháineadh agus go ndamnaítear cleachtaithe iasachta agus déithe bréige.
Sé príomhthéama atá ag Zafainiá ná go bhfuil Lá an Tiarna ar tí teacht go tapa, lá díbheirge, lá léirscriosta agus millte (1:4 et seqq.). Tá tomhas cosmach le pionós an Tiarna; scriosfar idir dhuine agus ainmhí de chlár na cruinne. Scuabfar ar shiúl Bál agus a shagairt (1:4-7), na prionsaí, lucht aithris a dhéanamh ar eachtrannaigh (1:8-9), mangairí (1:10-11), agus díchreidmhigh (1:12-13). Sínfidh díoltas an Tiarna ó Fhilistía thiar go Móáb thoir agus go dtí an Asaír thuaidh (2:1-15). Níl ach aon tslí amháin chun an pionós a sheachaint–an Tiarna a lorg le barr fíréantachta agus umhlaíochta.
Ba mhian le scoláirí áirithe a shéanadh go mbaineann oracail áirithe in aghaidh na náisiún, agus na gealltanais go léir i gc. 3 le seanmóireacht Zafainiá. Ní féidir, áfach, amhras a chaitheamh ach i gcás 2:11; 3:9-11; agus 3:18b-20; dʼfhéadfadh na sleachta sin a bheith in mbreiseanna déanacha.
Nahúm
Sé atá i Nahúm ná laoi chaithréime faoi thitim Nínivé, rud a tharla in 612 R.Ch. Deir sé gur chuir Dia, Tiarna na cruinne agus Iúdá go háirithe, pionós ar Nínivé de bharr a coireanna uafáis agus cruála.
Habacúc
Níl aon eolas sa leabhar seo faoi Habacúc féin, agus is ar éigean a dʼfhéadfaí muinín a chur sa scéilín taibhseach faoi i nDainéil (14:33-39). Déanann sé tagairt shoiléir do na Caildéigh (1:6) mar lucht ansmachta; is fearr glacadh leis gurb iadsan seachas na hAsaírigh nó an rí Iahóiácaím (609-598) an tíoránach arb í foighne an Tiarna leis ceist mhór a thairngreachta.
Feiceann Habacúc foréigean faoi réim sa tír (1:1-4), agus glacann leis gurb í an Bhablóin uirlis an Tiarna ag pionósú na n‑urchóideach (1:5-11). Ach conas is féidir don Tiarna cur suas le hurchóid níos mó fós in uirlis a phionósaithe (1:12-17)? Faigheann sé an oracal freagra: níl ann ach socrú sealadach: tiocfaidh an tubaiste sa mhullach fós ar an mBablóin (2:1-20). Guíonn sé le foighne agus le dóchas ag feitheamh go socair le fuascailt an Tiarna (c. 3).
Hagaí
Is é Hagaí an chéad fháidh tar éis na deoraíochta agus tá meon agus stíl nua aige. Is é atá sa leabhar ná cuntas ó údar anaithnid ar chúrsaí na Pailistíne tar éis na deoraíochta, ar fháistiní Hagaí sna cúinsí sin, agus ar conas a glacadh leo.
Is féidir dáta cruinn a chur leis na fáistiní: Lúnasa go Meán Fómhair, agus Samhain go Nollaig, 520 R.Ch. Bhí na deoraithe ar ais ach ní raibh tosaithe acu fós ar atógáil an Teampaill. Chuir Hagaí an milleán ar son na ndrochfhómhar a bhí acu i leith na faillí a bhí déanta acu an Teampall a atógáil. Thug sé misneach do Zarubáibil, agus do Iósua, an t‑ardsagart, cur chun na hatógála, agus neartaigh sé lena bhfonn trína chur ar a súile dóibh go daingean go raibh ceart ag an Tiarna chun maoin an tsaoil (1:1-9). Sa dara cuid den leabhar cuirtear na nithe céanna abhaile.
Zacairia
Bhí an fáidh Zacairia ag mineastráil in Iúdá tar éis na deoraíochta. Is féidir 520 agus 518 R.Ch. a chur mar dhátaí go cruinn lena oracail (1:1, 7; 7:1). Rinne sé cúram éigin dʼatógáil an Teampaill agus na cathrach, ach i bhfad níos mó ná sin den phobal féin a atógáil. Déanann sé creideamh a lucht éiste a fhorbairt i sraith de ocht bhfíseanna (1:7–6:8). Tá síocháin tugtha isteach sa saol ag an Tiarna; tá trua aige do Shíón: tá naimhde Iosrael scriosta. Tá a leithéid de thodhchaí i ndán do Iarúsailéim nach cóir balla a chur ina timpeall; beidh an Tiarna féin mar chosaint uirthi. Seasann Iósua an t‑ardsagart agus Zarubáibil an gobharnóir i láthair an Tiarna ar son Iosrael; titfidh mallacht ar na peacaigh. Tá an urchóid díbeartha as an tír, agus rachaidh briathar an Tiarna amach uaidh ar fud na cruinne agus cruinneoidh sé a lán náisiún chuig an fíor-Dhia. Beidh cineáltacht agus cneastacht i réim sa tír sin: ní bheidh an bhaintreach ná an dílleachta, an deoraí ná an bochtán, faoi leatrom a thuilleadh (7:9-10). Beidh Iarúsailéim ina cathair síochána agus aontais (8:1-8).
Ní bhaineann ach na hocht gcaibidlí tosaigh le Zacaria na staire. Tá na scoláirí uile dʼaon aigne anois go mbaineann cc. 9-14 le tréimhse chorraíola, murab ionann agus an tsíocháin a ghabh le cc. 1-8 i ré na bPeirseach. Luaitear an ré Ghréagach go soiléir (9:13); níl trácht ar Zarubáibil ná Iósua a thuilleadh, agus níl meas ar “na haoirí” nach luaitear ó ainm. Is leis an ré Ghréagach is nádúrtha a ghabhann na horacail seo. Is é an cur síos ar an rí uiríseal (9:9-10) agus an caoineadh do Iúdá, “an té a tholl siad” (12:10), na sleachta is ainmniúla sa roinn seo.
Malaicí
Níl aon eolas againn faoi Mhalaicí; tharlódh sé nach bhfuil san ainm féin ach teideal–“mo theachtaire”. Baineann na fáistiní leis an tréimhse idir athnuachan an chultais sa Teampall in 516 R.Ch. agus an cosc ar phóstaí measctha a chuir Nihimiá i bhfeidhm in 445.
I bhfoirm trialacha cúirte atá an leabhar: déanann Dia, nó an fáidh, cúiseamh: déanann an cosantóir (sagairt nó an pobal) cosaint nó ceistiú; cruthaíonn an cúisitheoir a chás agus tugtar breith. Cuirtear i leith na sagart go mbíonn ainmhithe agus ofrálacha máchaileacha á n‑ofráil acu: sa tslí sin bíonn a nDia, atá á admháil ar fud na cruinne, á shéanadh: caithfear i leataobh iad (1:2-9). Tá daoine áirithe ag pósadh lucht adhartha déithe deoranta; tá a thuilleadh ag scaradh óna gcéile. Is truailliú ar an gconradh na bearta sin. Tá a thuilleadh ag diúltú deachúna–sin iarracht ar chalaois a dhéanamh ar Dhia nach féidir a mhealladh. Fógraíonn an fáidh Lá an Tiarna, lá breithiúnais, nuair a imreofar pionós ar na hurchóidigh, ach go mbeidh an lá leis na fíréin.
Cuireann an leabhar roimhe freagra a thabhairt ar chuid de na fadhbanna creidimh a dʼeascair tar éis na deoraíochta: bhí an t‑am ag sleamhnú thart agus ní raibh na hathruithe lena rabhthas ag tnúth ag teacht. Leagtar an milleán ar an bhfaillí a bhí á déanamh ag na daoine féin ar dhualgais an chonartha. Maireann gealltanais Dé go buan.
Obaidiá agus Ióéil
Ciallaíonn an t‑ainm Obaidiá “searbhónta an Tiarna”, agus an t‑ainm Ióéil “Is Dia é Iáivé”. Is ainmneacha coitianta go leor iad sa Sean-Tiomna. Is beag atá ar eolas againn faoin mbeirt, ach glactar leis de ghnáth anois go mbaineann a bhfáistiní leis an ré iardheoraíochta. Dán achasáin faoi scriosadh Eadóm is ea Obaidiá; luann sé coireanna Eadóm in aghaidh Iúdá; fógraíonn sé díoltas an Tiarna ar Eadóm, agus athnuachan Iúdá, an té ar mhian le hEadóm a dhísciú. Tá fíoch bunaidh dian le hEadóm agus tá macalla de ina lán áiteanna (cf. Gein. 25-36; Salm 137: Olag. 4:21-22). Chonacthas scriosadh Eadóm mar chuid den bheartas diaga trína leagfaí naimhde Iúdá ar lár faoi dheireadh.
Tosaíonn leabhar Ióéil le caoineadh faoin milleadh a rinne plá lócaistí (1:2-12). Baintear feidhm as an bplá mar ócáid le glao chun aithrí a dhéanamh (1:11-20), mar gur foilsiú ghlóir an Tiarna í an phlá (2:1-14). Ansin déanann an aithrí shollúnta an Tiarna a bhogadh; déanann sé cúiteamh san anachain a bhí, agus sa tslí sin nochtann sé gurb é Dia na taise agus na trócaire é an Tiarna (2:18-27).
I dtús an dara coda den leabhar tá sliocht taibhseach a thugann cur síos ar Spiorad Dé á dhoirteadh amach ar an gcine daonna uile (3:1-5). De thoradh dhoirteadh seo an Spioraid déanfar Iosrael a athnuachan go hiomlán agus baileofar na náisiúin eile isteach (4:1-8). Ní bailiú le chéile le bheith ag tiarnú ar na náisiúin é sin, ach bailiú chun síochána nuair a dhéanfar claimhte a bhualadh ina gcorráin bhainte (4:9-21).
Ióna
Cumadóireacht an-taitneamhach atá anseo: is é is cuspóir di ná a thaispeáint cé mar is mian le Dia an uile dhuine a shlánú agus cé mar atá sé socair aige sin a dhéanamh trína mhinistrí fiú nuair nach réitíonn a bheartas leo. Taispeánann an míchruinneas staire, agus an easpa creidiúna a ghabhann leis, gur cumadóireacht atá i gceist: labhraítear faoi “rí Nínivé”: iasc a raibh sé de thoirt ann duine a shlogadh: duine i mbroinn an éisc ar feadh trí lá: seanmóireacht shárthapa agus aithrí chathrach móire thar oíche.
Tugann an príomhcharachtar, Ióna, a ainm don leabhar. Cuirtear eisean i láthair mar fháidh; teitheann sé óna fhreagracht, agus téann siar in áit dul soir; síos i mbroinn loinge in áit amach i gcearnóga cathrach; titeann i dtoirchim suain in áit fanacht i bhfaireachán fáidh. Ach fónann an nádúr, na mairnéalaigh phágánacha, agus na dúile beo, do bheartas an Tiarna. Déanann Ióna seanmóireacht le go mairfeadh muintir Nínivé, ach tóraíonn sé an bás dó féin. Ar deireadh glacann sé go doicheallach le beartas uilíoch slánaithe Dé.
Is glaoch chun na nEabhrach, tar éis na deoraíochta, an leabhar seo, á iarraidh orthu éirí as a leithleachas agus filleadh ar an uilíochas a bhí i réim fadó, rud atá nochtaithe chomh soiléir sin sa Dara hÍseáia. Fág nach fáidh é údar anaithnid an leabhair tuilleann sé go maith a ríomh ar lucht fáidheoireachta Iosrael.
Currently Selected:
Íseáia NA FÁITHE: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.