Íseáia 53
53
1“Cé a chreidfeadh an scéal is clos dúinn,
agus neart an Tiarna, cé dó a nochtadh é?”
2Amhail bachlóg is ea a dʼfhás sé os ár gcomhair
a mbeadh a fréamh i dtalamh tirim.
Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinne
ná scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann;
3ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine,
fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air;
a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise,
ba tháir agus ba tharcaisne linn é.
4Ní hea! ach ár mbreoiteachtaí a bhí sé a iompar
agus ár bpianta, ba iad a thromualach.
Sinne, áfach, dar linn gur milleadh é,
gur leag Dia lámh air agus go raibh sé cloíte.
5Goineadh é as ucht ár gcoireanna,
bascadh é as ucht ár gcionta.
Airsean a cuireadh an pionós a thug sláinte dúinn
agus trína fhearbacha tháinig cneasú orainne.
6Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán,
gach aon ag dul a bhealach féin.
Agus dʼaifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.
7Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin,
agus níor oscail sé a bhéal.
Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas,
mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha,
níor oscail sé a bhéal.
8Le barr éigin agus le breithiúnas tugadh ar shiúl é;
cé atá buartha faoina chríoch?
Sea! Teascadh é as tír na mbeo;
as ucht ár gcoireanna a ciorraíodh é.
9Tugadh uaigh dó i measc na gcoirpeach
agus tuama i gcuideachta na saibhre,
cé nach ndearna sé éagóir ar aon duine
agus nach raibh cluain ná cealg ina bhéal.
10Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht.
Má thugann sé a anam in éiric an pheaca,
feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol,
agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.
11“Tar éis saothar a anama,
feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air.
Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite,
á luchtú féin le hualach a gcionta.
12Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air
agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana,
cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás
agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach,
cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige
agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”
Currently Selected:
Íseáia 53: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.