Íseáia 33:15-16
Íseáia 33:15-16 ABN
An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic, agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra, a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú, a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t‑olc –beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.





