YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 22

22
I gCoinne Gairdeas Míthráthúil Iarúsailéim
1Fáistine in aghaidh Ghleann Hionnom.
Cad tá ort go bhfuil tú imithe suas ar fad
ar bharr na dtithe,
2a chathair an challáin, a bhaile na círéibe,
agus tú lán de ghairdeas?
Ní coscar claímh do choscar,
ná ní sa chath a thit do chuid marbh;
3tá do cheannfoirt uile i ndiaidh a thabhairt do na boinn,
ina bpríosúnaigh gan bogha a lúbadh.
An chuid is cróga agaibh, tá siad ina bpríosúnaigh,
tar éis gur theith siad i bhfad ar shiúl.
4Is ar an ábhar sin a deirim:
“Iompaígí uaim go gcaoine mé go goirt;
ná bígí ag brú sóláis orm
i ndíothú iníon mo mhuintire.”
5Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn,
agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é.
Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan,
táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh.
6Tá Éalám ag breith chuige a bholgán saighead,
agus Arám ag dul sa diallait;
tá Cír ag baint an chumhdaigh dá sciath.
7An chuid is áille de do ghleannta,
tá siad breac le carbaid;
tá an marcshlua in ionad os coinne na ngeataí.
8Agus sin críoch le cosaint Iúdá.
I gCoinne Ullmhú Míleata
Bhí do shúil an lá sin
le harmlann Áras na Foraoise.
9Bhreathnaigh sibh chomh líonmhar
agus bhí na bearnaí i múr chathair Dháiví.
Cheap sibh uiscí na Linne Íochtair.
10Rinne sibh tithe Iarúsailéim a chuntas,
agus leag sibh cuid acu chun an múr a dhaingniú.
11I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúr
faoi choinne uisce na Seanlinne.
Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoir
ná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t‑iomlán fadó riamh.
12Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin
chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach,
chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.
13Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult,
mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt,
feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh:
“Ithimis agus ólaimis,
mar beidh an bás againn amárach.”
14Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua:
“Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo,
go dtí go bhfaighe sibh bás,”
a deir an Tiarna Dia na Slua.
In Éadan Aire
15Seo mar a deir an Tiarna Dia na Slua:
“Imigh leat chuig an feidhmeannach seo,
chuig Seabná, maor an pháláis, agus abair leis:
16‘Cén ceart nó cén gnó atá agat anseo
go bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann,
ag gearradh amach tuama ar an ard,
ag snoí seomra duit féin sa charraig?’
17Féach, steallfaidh an Tiarna amach thú
dʼaon steall amháin;
tá sé ag dul i ngleic agus i ngreim leat.
18Corann agus cornann sé thú i do chorna,
agus caitheann i do cheirtlín thú i dtír leitheadach amach.
Is ann a gheobhaidh tú bás,
agus is ann a fhágfar na carbaid a bhfuil tú chomh teann astu;
tusa atá i do chúis náire do theaghlach do thiarna.”
Fáistine eile in Éadan Sheabná
19Brisfidh mé as do phost thú,
as dʼionad stróicim thú anuas;
20agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach, Eiliácaím mac Hilciá.
21Tá mé chun a ghléasadh i dʼionarsa,
chun é a fheistiú le do shursaing,
agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh,
agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim,
agus ag teaghlach Iúdá.
22Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn;
má osclaíonn sé, ní dhúnfar;
má dhúnann, ní osclófar.
23Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean:
déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.
Turnamh Chlann Eiliácaím
24Beidh maoin theaghlach a athar ar fad crochta as–idir shíol agus shliocht–na mionghréithe go léir, idir choirn agus chrúisciní. 25Sa lá sin–briathar Thiarna na Slua–tabharfaidh sé uaidh, an tairne sin a cuireadh i bhfostú san áit dhaingean. Ropfar amach é agus titfidh sé. Agus an t‑ualach iomlán atá ag crochadh as, brisfear é, óir tá an Tiarna tar éis labhairt.

Currently Selected:

Íseáia 22: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in