Íseáia 20
20
Gabháil Aisdeod
1An bhliain ar tháinig an tArdoifigeach go hAisdeod, arna chur uaidh ag Sargon, rí na hAsaíre, dʼionsaigh sé Aisdeod agus ghabh é. 2San am sin, bhí an Tiarna tar éis labhairt trí mhinistreacht Íseáia mhic Ámóz. Dúirt sé leis: “Gabh agus scaoil an t‑éadach róin atá thart ar do choim agat agus bain na cuaráin de do chosa.” Rinne sé amhlaidh agus bhí sé ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht. 3Ansin dúirt an Tiarna: “Díreach mar bhí mo sheirbhíseach Íseáia ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht ar feadh trí bhliain, ina chomhartha agus ina mhana don Éigipt agus do Chúis, 4is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht. 5Agus beidh eagla agus náire oraibh as Cúis, a raibh bhur muinín ann, agus as an Éigipt, a raibh sibh chomh teann sin aisti. 6Agus déarfaidh muintir an chósta anseo: ‘Féach ar tharla don té a raibh muinín againn ann agus a ndeachaigh muid chuige ar lorg cabhrach agus dídine ar rí na hAsaíre. Cén bealach éalaithe atá againn anois?’ ”
Currently Selected:
Íseáia 20: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.