Hóisé 5
5
Ciontacht na bhFlaith agus an Rí
1Tugaigí aird air seo, a shagarta!
Éistigí, a theaghlaigh Iosrael!
A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh!
Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint.
Ach dol ba ea sibh i Miozpá,
agus líon leata ar Thábór,
2agus tá poll domhain tochailte acu i Sitím.
Is mise áfach an té a smachtóidh iad go léir.
3Is aithnid dom Eafráim,
níl Iosrael folaithe uaim;
ach faoi láthair tá Eafráim ina striapach,
agus Iosrael truaillithe.
4Ní ligeann a ngníomhartha dóibh filleadh ar a nDia,
óir tá dúil a gcroí acu sa striapachas,
agus ní aithnid dóibh an Tiarna.
5Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne;
bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráim
agus tuisleoidh Iúdá mar aon leo.
6Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna,
ach ní bhfaighidh siad é;
is amhlaidh atá sé imithe uathu.
7Mar tá siad tar éis feall a dhéanamh ar an Tiarna
agus clann bhastard a bhreith.
Bíodh acu! Tá [creachadóir] ar tí iad féin agus a gcuid talún a scriosadh.
Cogadh na mBráithre
8Séidigí an stoc i nGibeá,
an buabhall i Rámá!
Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan.
Músclaígí Biniáimin!
9Beidh Eafráim ina fásach lá an smachtaithe.
I measc treibheanna Iosrael fógraím fírinne
a bhfuilim cinnte dearfa di.
10Lucht aistrithe teorainneacha is ea flatha Iúdá;
ligfidh mé mo racht amach orthu mar dhíle báistí.
11Déantar éagóir ar Eafráim, satlaítear ar an gceart,
óir níor mhiste leis dul ar thóir na graostachta.
12Is angadh mise dʼEafráim,
agus críonlobhadh do theaghlach Iúdá.
13Nuair a bhraith Eafráim a tinneas
agus Iúdá a chneá,
dʼimigh Eafráim chun na hAsaíre
agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí];
ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas
ná bhur gcneá a chneasú.
14Óir amhail leon a bheidh mise dʼEafráim,
agus mar liopard do theaghlach Iúdá.
Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n‑imeoidh mé;
ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í.
15Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin,
nó go n‑admhóidh siad a gcionta
agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg.
Nuair a bheidh siad i gcruachás,
cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]
Currently Selected:
Hóisé 5: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.