Hóisé 4
4
Coireanna Iosrael agus a Smachtú Íce
Coireanna an Phobail
1Éistigí le briathar an Tiarna,
a chlann Iosrael,
mar tá an Tiarna in aighneas dlí le háitritheoirí na tíre.
Óir níl aon dílse ná muintearas ná aithne ar Dhia sa tír,
2ach tá mallachtú agus éitheach agus feallbhású,
agus goid agus adhaltranas á n‑iomadú féin sa tír,
agus dúnmharuithe ag baint na sál dá chéile inti.
3Dá dheasca sin triomóidh an tír
agus meathlóidh a gcónaíonn inti,
mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir;
agus fiú amháin éisc na farraige féin,
rachaidh siad i léig.
Ciontacht na Cléire
4Ach ina dhiaidh sin féin,
ná cúisítear aon duine den choitiantacht,
ná cuirtear iomardú air,
óir is tusa, a shagairt, is mian liom a chúisiú.
5Bainfear tuisle asat i lár an lae ghil,
(tuisleoidh an fáidh mar aon leat san oíche)
agus dítheoidh mé do mháthair.
6Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú.
Ó chaith tusa uait an t‑eolas,
caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht;
agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne,
ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.
7Dá líonmhaire iad is ea is mó a pheacaíonn siad i mʼaghaidh;
malartóidh mise a nglóir ar an náire.
8Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad,
agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.
9Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal;
óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa,
agróidh mé a n‑ainghníomhartha orthu.
10Íosfaidh siad ach ní bheidh a ndóthain acu;
déanfaidh siad róstriapachas ach ní mhéadófar ar a líon,
mar tá siad tar éis an Tiarna a thréigean,
11chun a saol uile a chaitheamh le drúis.
Deasghnátha Drúisiúla Cultais
Is é an t‑úrfhíon a bheireann an chiall ó mo phobal.
12Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid,
agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh;
go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad,
agus is de dheasca striapachais
a dʼéirigh siad as bheith faoina nDia féin.
13Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí,
agus dónn siad túis ar na beanna
faoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint,
mar gur taitneamhach a scáth.
Is dá dheasca sin a théann bhur n‑iníonacha le striapachas,
agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas.
14Ach ní chúiteoidh mé a striapachas le bhur n‑iníonacha,
ná a gcuid adhaltranais le mná céile bhur mac;
óir déanann siad san caidreamh le striapacha ar leithligh,
agus ofrálann siadsan, na sagairt, íobairtí i gcuideachta meirdreach cultais.
Sa tslí sin tá pobal gan chiall ag brostú leo ar aghaidh ar bhealach a bhasctha.
15Ach seachainse an mbeifeá féin ciontach, a Iosrael!
Ná himígí go dtí Gilgeál, ná gabhaigí suas chun Béit Ávan,
ná mionnaigí dar an Tiarna beo.
16Go deimhin, tá Iosrael chomh ceanndána le bodóg stailceach!
Agus an amhlaidh go gcaithfidh an Tiarna iad a aoireacht anois
mar uain i bhfásach féir?
17Comhpháirtí íol is ea Eafráim.
18Síneann siad fúthu le hais pótairí.
Níl teorainn lena gcuid striapachais,
ach andúil dhoshásaithe acu sa drabhlás dínáireach.
19Scuabfaidh an ghaoth léi iad ina sciatháin,
agus náireofar iad de bharr a n‑altóirí.
Currently Selected:
Hóisé 4: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: