Hóisé 2
2
An Slánú atá le Teacht
1[Ní lia gaineamh na mara nach féidir a thomhas ná a chomhaireamh ná an chlann a bheidh fós ag Iosrael.
Mar san áit ar gairmeadh Coimhthíoch díobh,
glaofar orthu clann mhac Dé bheo. 2Baileofar clann Iúdá agus clann Iosrael le chéile
agus ceapfaidh siad aon cheann urra amháin dóibh féin
agus tiocfaidh siad i seilbh na tíre arís,
óir is lá mór a bheidh ann lá Izréil.
3Abraigí mar sin le bhur ndeartháireacha: “A phobal liom”,
agus le bhur ndeirfiúracha: “A mhuirnín.”]
Mídhílse Iosrael
4Cúisigí bhur máthair, cúisigí í!
Mar ní hí mo bhean chéile í a thuilleadh,
ná ní mó is mise a fear.
Tógadh sí comharthaí a striapachais óna haghaidh,
agus suaitheantais a hadhaltranais ó lár a cíoch,
5nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir di
agus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í,
agus déanfaidh mé fásach di,
agus beidh sí ina talamh tirim,
agus maróidh mé í le tart.
6Ní bheidh trua agam dá clann,
mar is clann striapachais iad.
7Óir rinne a máthair striapachas;
an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin.
“Rachaidh mé ar thóir mo leannán,” ar sise,
“a thugann dom mʼarán agus mʼuisce,
mʼolann agus mo líon, mʼola agus mo chuid dí.”
8Ar an ábhar sin dúnfaidh mé an bóthar uirthi le sceacha,
agus tógfaidh mé balla le nach n‑aimseoidh sí an tslí.
9Rithfidh sí ar thóir a leannán,
ach ní thiocfaidh sí suas leo;
lorgóidh sí iad ach ní bhfaighidh.
Déarfaidh sí ansin: “Fillfidh mé ar ais arís ar mo chéad fhear,
mar is fearr a bhí mé as an uair úd ná mar atá mé anois.”
10Níor aithin sí gur mise a thug di
an t‑arbhar agus an t‑úrfhíon agus an ola nua,
agus a bhronn uirthi an fhlúirse airgid agus óir,
as a ndearna siad Bálaím.
11Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arís
mʼarbhar ina ionú agus mʼúrfhíon ina thráth;
bainfidh mé di mʼolann agus mo líon,
a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.
12Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán,
agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh.
13Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán,
lena féilte agus lena réanna nua,
lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir
14Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu:
“Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.”
Déanfaidh mise mothar díobh,
agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch.
15Cúiteoidh mé léi na féilte,
ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaím
agus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád,
chun dul ar thóir a leannán,
agus mise dearmadta aici ar fad!
–an Tiarna a labhraíonn.
Ré Aithrí
16Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh,
agus a threorú isteach san fhásach,
chun labhairt léi go muirneach.
17Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici,
agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór.
Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige,
nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte.
Conradh Nua Slánaithe
18An lá sin–an Tiarna a labhraíonn–
is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm;
choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.
19Glanfaidh mé ainmneacha na mBálaím dá béal,
agus ní luafar a n‑ainmneacha arís go deo.
20An lá sin déanfaidh mé conradh thar do cheann,
le beithígh an mhachaire agus le héanlaith an aeir,
agus le péisteanna na talún.
Brisfidh mé bogha agus claíomh agus gléas cogaidh,
agus scuabfaidh mé iad as an tír,
chun go gcodlóidh tú go suaimhneach sámh.
21Snaidhmfidh mé liom féin thú i gcleamhnas go brách;
Snaidhmfidh mé liom féin thú
le ceart agus le cóir,
le buanghrá agus le cineáltacht.
22Snaidhmfidh mé liom féin thú le dílse,
agus beidh aithne agat ar an Tiarna.
23An lá sin–an Tiarna a labhraíonn–
éistfidh mise le guí na spéartha
agus éistfidh siadsan leis an talamh;
24éistfidh an talamh
leis an arbhar agus an úrfhíon agus an ola nua,
agus éistfidh siad sin le hIzréil.
25Cuirfidh mé dom féin é ina shíol sa tír;
beidh grá agam arís do Neamh-Mhuirneach;
déarfaidh mé le Coimhthíoch: “A phobal liom”,
agus déarfaidh seisean liom: “Is tú mo Dhia.”
Currently Selected:
Hóisé 2: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.