Eazrá 4
4
Na Samáirigh go Naimhdeach
1Nuair a chuala naimhde Iúdá agus Bhiniáimin go raibh Teampall á thógáil, ag na deoraithe a dʼfhill, don Tiarna, Dia Iosrael, 2tháinig siad go Zarubáibil [agus go Iéisiúa] agus go cinn na bhfiní, agus dúirt siad: “Ba mhaith linn tógáil in bhur dteannta, mar adhraímid bhur nDia bhur ndála féin, agus tá íobairt á déanamh againn chuige ó aimsir Éasar Hadón rí na hAsaíre a thug anseo sinn.” 3Dʼfhreagair Zarubáibil, Iéisiúa, agus na cinn finí eile Iosraelacha iad: “Ní cóir go rachadh sibhse i bpáirt linn ag tógáil Teampaill dár nDia; dúinne amháin is dual dul i mbun tógála don Tiarna, Dia Iosrael, faoi mar a dʼordaigh Cíoras rí na Peirse dúinn.” 4Ansin chrom muintir na tuaithe ar mhuintir Iúdá a chur óna thuilleadh tógála a dhéanamh trí dhrochmhisneach agus eagla a chur orthu. 5Mhealladar comhairleoirí le cur ina gcoinne agus lena gcur dá dtreoir. Mar sin a bhí an scéal le linn réimeas Chíorais rí na Peirse, agus anuas go dtí réimeas Dháire rí na Peirse.
6I dtús réimeas Zearxaes rinne siad gearán scríofa in aghaidh áitritheoirí Iúdá agus Iarúsailéim. 7Le linn Artaxarxaes, scríobh Mitreadát, Tábael agus a gcomhghleacaithe eile litir ghearáin [in aghaidh Iarúsailéim] go hArtaxarxaes rí na Peirse. Bhí téacs na litreach san Aramais agus in aibítir na hAramaise. 8Ansin scríobh Rachúm an rialtóir agus Simseai an rúnaí an litir seo leanas go hArtaxarxaes ag gearán faoi Iarúsailéim– 9Rachúm an rialtóir, Simseai an rúnaí, a gcomhghleacaithe eile, na breithiúna, na gobharnóirí, na feidhmeannaigh Pheirseacha, muintir Uruc, agus na Bablóine agus Shúsa–na hÉalámaigh is é sin– 10agus na dreamanna eile a sheol Asurbanapal Mór amach agus a bhunaigh sé sa tSamáir agus sa chúige thar Eofrataes.
11Seo cóip den litir a sheoladar:
DʼArtaxarxaes rí, beatha agus sláinte ó do shearbhóntaí ón gcúige thar Eofrataes: Sa mhéid 12gur chóir faisnéis a thabhairt don rí go bhfuil na Giúdaigh a tháinig aníos ó do thírse go Iarúsailéim ag tógáil na cathrach ceannairce agus urchóide úd, agus ar a ndícheall ag cóiriú na mballaí agus go bhfuil na clocha boinn deisithe cheana féin; 13agus sa mhéid gur chóir faisnéis a thabhairt don rí dá dtógfaí an chathair úd arís agus go ndeiseofaí a ballaí, go ndiúltódh siad cáin a íoc, nó custaim, nó taillí iompair, agus go ndítheoidís údarás an rí; 14agus sa mhéid nach dóigh linn gur chóir dúinn a bheith ag faire ar an rí á mhaslú, de bhrí go n‑ithimid salann an rí; uime sin cuirimid an fhaisnéis seo chun an rí 15i dtreo go ndéanfar cuardach i gcartlann do shinsear, agus go bhfaighfear amach inti gur cathair cheannairce an chathair seo, cúis tranglaim do ríthe agus do chúigí, agus cúib ghoir chianaosta easumhlaíochta; dá bharrsan is ea a scriosadh an chathair seo. 16Tá sé á chur in iúl againn don rí, má atógtar an chathair seo arís, agus go ndeiseofar a ballaí, gur gearr eile a bheidh greim agat ar aon chríocha sa chúige thar Eofrataes.
17Sé freagra a thug an rí orthu na seo:
Do Rachúm an rialtóir, do Shimseai an rúnaí, agus dá gcomhghleacaithe eile atá ag cur fúthu sa tSamáir agus sa chuid eile den chúige thar Eofrataes, beatha agus sláinte! Sa mhéid 18gur tiontaíodh agus gur léadh dom an litir a sheol sibh chugam, 19agus go ndearnadh iniúchadh, de réir mar a dʼordaigh mé, go bhfuarthas amach go n‑éiríodh an chathair seo amach in aghaidh ríthe, agus go síoltaí ceannairc agus comhcheilg inti, 20agus go mbíodh ríthe cumhachtacha i réim in Iarúsailéim agus ceannas acu ar an gcúige thar Eofrataes go léir, agus go ndéanaidís cánacha agus custaim agus táillí a thobhach, 21ní foláir daoibh cosc a fhógairt ar shaothar na bhfear seo gan mhoill; níl an chathair sin le hatógáil go dtí go ndéanfaidh mise fógra fúithi. 22Ná déanaigí faillí sa ghnó seo dʼfhonn nach ndéanfaí a thuilleadh díobhála do chúis an rí.
23A luaithe a léadh an chóip de litir Artaxarxaes i láthair Rachúm an rialtóir agus Shimseai an rúnaí agus a gcomhghleacaithe, bhrostaigh siad leo go dtí na Giúdaigh in Iarúsailéim, agus chuireadar dʼiallach orthu le teann foréigin scor dá gcuid oibre.
24Cuireadh stop leis an obair ar Theampall Dé in Iarúsailéim ar an gcuma sin. Bhí sí ina stad mar sin go dtí an dara bliain de réimeas Dháire rí na Peirse.
Currently Selected:
Eazrá 4: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.