Eizicéil 30
30
Lá an Tiarna
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Caoin: ‘Mairg don lá!’
3Óir tá an lá ar láimh,
tá lá an Tiarna ar láimh;
lá dorcha, scamallach a bheidh ann,
deireadh ré do na ciníocha.
4Tiocfaidh an claíomh ar an Éigipt;
beidh scanradh ar an Aetóip
nuair a thitfidh na mairbh san Éigipt,
nuair a bhéarfar ar shiúl a maoin
agus go réabfar a bunsraith.
5“Muintir na hAetóipe, Pút agus Lúd, muintir na hAráibe agus na Libe, agus muintir thír an chonartha; titfidh siad ina gcuideachta leis an gclaíomh.
6Seo mar a deir an Tiarna:
Titfidh lucht taca na hÉigipte,
rachaidh a neart mórchúiseach i laige,
titfidh siad inti leis an gclaíomh
ó Mhigdeol go Saené
an Tiarna Dia a labhraíonn.
7Bánófar í
i measc na dtíortha a bheidh bánaithe,
scriosfar a cathracha
i measc na gcathracha a bheidh scriosta.
8Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna,
nuair a chuirfidh mé tine leis an Éigipt,
nuair a bhrisfear a tacaí go léir.
9“An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!
10Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Coscróidh mé sluaite na hÉigipte
le láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine.
11É féin agus a shlua,
an dream is barbartha amuigh,
tabharfar isteach iad
leis an tír a chreachadh.
Tarraingeoidh siad claíomh
i gcoinne na hÉigipte,
agus líonfaidh siad an tír le corpáin.
12Triomóidh mé aibhneacha na Níle,
díolfaidh an fearann le sladaithe,
bánóidh an fearann le sladaithe,
bánóidh mé an tír agus a bhfuil inti
le cuidiú na gcoimhthíoch.
Mise, an Tiarna, a dúirt.
13Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Scriosfaidh mé fós na híola,
cuirfidh mé críoch le híomhánna Nof
Fágfar an Éigipt gan taoiseach,
scanróidh mé tír uile na hÉigipte.
14Bánóidh mé Patros,
cuirfidh tine le Zoan,
gearrfaidh breithiúnas ar Nó.
15Doirtfidh mé díoltas ar Shín,
daingean na hÉigipte,
coscróidh mé sluaite Nó.
16Cuirfidh mé tine leis an Éigipt,
beidh Sín faoi chlúdach scamaill,
réabfar Nó as a chéile,
beidh Nof i sáinn ó lá go lá.
17Titfidh macra Ón agus Phí Beisit, leis an gclaíomh,
rachaidh mná na gcathracha i mbraighdeanas.
18Dorchóidh an lá i dTachpanaes
nuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin,
nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach.
Beidh sí faoi chlúdach scamaill,
rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas.
19“Sin mar a ghearrfaidh mé breithiúnas ar an Éigipt. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.”
Géag Fhorainn á Briseadh
20San aonú bliain déag, ar an seachtú lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam: 21“A mhic an duine, bhris mé géag Fhorainn, rí na hÉigipte; ní dhearnadh é a cheangal lena leigheas, níor cuireadh bindealán air lena dhéanamh éifeachtach arís i gceann claímh. 22Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé in aghaidh Fhorainn, rí na hÉigipte, agus brisfidh mé a ghéaga, an ceann slán agus an ceann a bhí briste cheana, agus tabharfaidh mé ar an gclaíomh titim as a láimh. 23Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha. 24Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach. 25Neartóidh mé géaga rí na Bablóine ach titfidh géaga Fhorainn; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna. Nuair a chuirfidh mé mo chlaíomh i láimh rí na Bablóine sínfidh sé amach é ar thír na hÉigipte. 26Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha agus scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”
Currently Selected:
Eizicéil 30: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.