YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 28

28
Éide an tSagairt
1“Glac chugat de chlann Iosrael do dheartháir Árón agus a chlann mhac le bheith ina sagairt i mo sheirbhís–Árón agus a chlann mhac: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. 2Déanfaidh tú éidí naofa do Árón do dheartháir dochum glóire agus maise. 3Tabharfaidh tú treoracha do chách a bhfuil éirim ann, iad siúd dá dtug mé éirim aigne, chun éidí Árón a dhéanamh dá choisreacan do mo shagartacht. 4Seo iad na héidí atá le déanamh acu: lúireach agus éafód agus fallaing agus ionar bróidnithe agus ceannbheart agus crios. Déanfaidh siad éidí naofa do do dheartháir Árón agus dá mhaca le fónamh dom mar shagairt. 5Bíodh acu don ghnó ór, ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas.”
An tÉafód
6“Déanfaidh siad an t‑éafód dʼór agus dʼábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas fite le barr slachta. 7Beidh dhá ghuailleán ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile. 8Agus an crios fite air a bheidh á choimeád, beidh sé den déantús céanna, dʼór, dʼábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín. 9Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu; 10sé ainmneacha acu ar chloch díobh agus na sé ainmneacha eile ar an gcloch eile, de réir ord a mbreithe. 11Faoi mar a dhéanann seodóir séala a ghreanadh, sin mar a dhéanfaidh tú an dá chloch a ghreanadh le hainmneacha chlann Iosrael, agus iad a leagan i gcumhdach fíolagráin óir. 12Agus cuirfidh tú an dá chloch ar dhá ghuailleán an éafód mar chlocha cuimhne chlann Iosrael, agus déanfaidh Árón a n‑ainmneacha a iompar ar a ghuaillí mar chuimhne i láthair an Tiarna. 13Déanfaidh tú cumhdaigh dʼfhiolagrán óir, 14agus dhá shlabhra dʼór fíre, fite mar chorda, agus ceanglóidh tú na slabhraí fite do na cumhdaigh.”
Lúireach an Bhreithiúnais
15“Déanfaidh tú lúireach bhreithiúnais, dʼobair shlachtmhar; déanfaidh tú í ar dhéantús an éafód; dʼór agus dʼábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas a dhéanfaidh tú í. 16Beidh sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead. 17Leagfaidh tú ceithre shraith cloch inti: sard, tópas agus carmhogal sa chéad sraith; 18smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith; 19iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith, 20beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Beidh siad go léir ar leaba dʼfhiolagrán óir. 21Beidh ainmneacha chlann mhac Iosrael orthu agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha orthu; beidh siad greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag. 22Déanfaidh tú slabhraí dʼór fíre, fite mar chorda, don lúireach. 23Déanfaidh tú dhá fháinne óir don lúireach agus iad a ghreamú dá dhá chúinne uachtaracha. 24Cuirfidh tú an dá shlabhra dʼór fite sa dá fháinne atá ar chúinní na lúirí. 25Ceanglóidh tú dhá cheann eile na slabhraí den dá chumhdach fíolagráin i slí is go ngreamóidh tú iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh. 26Déanfaidh tú dhá fháinne óir agus iad a ghreamú do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód. 27Déanfaidh tú dhá fháinne óir eile agus iad a ghreamú dʼíochtar dhá ghuailleán an éafód chun tosaigh in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód. 28Caithfear an lúireach a cheangal don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo go luífidh sí ar chrios fite an éafód agus nach scarfadh an lúireach ón éafód. 29Ar an gcuma sin iompróidh Árón ainmneacha chlann mhac Iosrael i lúireach an bhreithiúnais ar a chroí nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa, dʼfhonn iad a thabhairt chun cuimhne de shíor i láthair an Tiarna. 30Cuirfidh tú an tÚirím agus an Tuimím sa lúireach chun go mbeidís ar chroí Árón nuair a rachaidh sé isteach i láthair an Tiarna; ar an gcuma sin iompróidh Árón breithiúnas chlann Iosrael ar a chroí i láthair an Tiarna de shíor.”
An Fhallaing
31“Déanfaidh tú fallaing an éafód go léir dʼábhar gorm. 32Beidh oscailt intí don cheann agus fáithim fite timpeall na hoscailte, dála na hoscailte i gcathéide, dʼfhonn nach sracfaí í. 33Ar a fáithim íochtair cuirfidh tú maisiú de phomagránaití, dʼábhar gorm agus corcra agus craorag ar fháithim na fallainge timpeall, agus cloigíní óir eatarthu. 34Beidh siad gach re ceann, cloigín óir agus pomagránait, cloigín óir agus pomagránait, timpeall ar fháithimí na fallainge. 35Caithfidh Árón í nuair a dhéanfaidh sé seirbhís agus cloisfear a glór nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa i láthair an Tiarna, agus nuair a thiocfaidh sé amach, á chosaint ón mbás.”
An Choróin
36“Déanfaidh tú lann dʼór fíre agus ‘Naofa don Tiarna’ a ghreanadh uirthi mar a ghreanfaí ar shéala. 37Greamóidh tú í den cheannbheart le lása glas; ar thosach na ceannbhirte a chuirfear í. 38Caithfidh Árón ar a éadan í agus iompróidh Árón air féin cibé lochtanna a bhíonn ar na hofrálacha naofa a chroisriceann clann Iosrael mar íobairtí naofa; beidh sí de shíor ar a éadan dʼfhonn is go nglacfaí leo i láthair an Tiarna. 39Déanfaidh tú an t‑ionar a fhí le bróidnéireacht de línéadach mín; déanfaidh tú ceannbheart de línéadach mín agus crios maisithe le hobair shnáthaide.”
Éidí na Sagart
40“Agus do mhaca Árón déanfaidh tú ionair agus criosanna agus boinéid, déanfaidh tú iad mar ghlóir agus mar scéimh. 41Cuirfidh tú iad seo ar do dheartháir Árón agus ar a mhic chomh maith leis, agus déanfaidh tú iad a ungadh agus a oirniú agus a choisreacan dʼfhonn go ndéanfaidís seirbhís dom mar shagairt. 42Déanfaidh tú brístí línéadaigh chun a nochtacht a chlúdach ó áranna go sliasta síos. 43Beidh siad ar Árón agus ar a mhaca nuair a rachaidh siad isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a thiocfaidh siad i gcóngar na haltóra chun seirbhís a dhéanamh sa sanctóir, le heagla go dtabharfaidís ciontacht éigin anuas orthu féin agus iad a fháil bháis. Beidh sé sin ina reacht go brách dó féin agus dá shliocht ina dhiaidh.”

Currently Selected:

Eaxodus 28: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in