YouVersion Logo
Search Icon

Eistir (Gr) 5

5
Eistir sa Phálás
1Ar an tríú lá, nuair a scoir sí dá hurnaí, bhain sí di a feisteas troscaidh, agus chóirigh í féin in éidí a glóire. 1a Ansin, faoi mhaise niamhrach, ghlaoigh sí ar Dhia a thugann aire don uile dhuine agus a shlánaíonn cách, agus thug sí beirt ionailt léi ansin; luigh sí mar thaca go leochaileach ar dhuine díobh, agus lean an duine eile í ag iompar a triopaill. Bhí sí, mar a bheadh ag luí ar ghéag na hionailte go neamhchúiseach, ach dáiríre ba amhlaidh nach raibh sé de neart ina corp í a iompar; bhí an ionailt eile ina diaidh ag coimeád eireabaill fhairsing a gúna ón talamh a scuabadh, 1b luisne an róis ina leaca le barr snó; bhí grá agus lúcháir ina gnúis; ach bhí an croí á shnoí inti le heagla. 1c Chuir sí doras i ndiaidh dorais di go dtí gur tháinig sí i láthair an rí. Bhí seisean ina shuí ina ríchathaoir agus é gléasta i lánéide a mhórgachta, ag glioscarnach le loinnir an óir agus na liag lómhar; ba scanrúil an radharc é! 1d Dʼardaigh sé a cheann agus loinnir na mórgachta ina ghnúis, agus dʼfhéach uirthi le fraoch feirge. Thit an lug ar an lag ag an mbanríon; dʼiompaigh a lí, agus lig sí a ceann ar a hionailt a bhí mar thaca aici, 1eAch ansin bhog Dia croí an rí, agus thug spiorad níos cneasta dó. Phreab sé as a chathaoir agus eagla an domhain air agus rug ina dhá láimh uirthi nó gur tháinig sí chuici féin, agus bhí sé á muirniú lena chaint chneasta: 1f “Céard atá ort, a Eistir,” ar sé, “is mise do dheartháir; bíodh misneach agat; ní baol duit, ní bhfaighidh tú bás; don choitiantacht amháin an dlí seo linn. Tar anseo chugam.” 2Agus dʼardaigh sé an tslat órga agus leag ar a muineál í, agus rug barróg uirthi agus dúirt: “Labhair liom.” 2a “A thiarna,” ar sí, “chonaic mé thú mar a bheadh aingeal Dé ann, agus tháinig scanradh croí orm le heagla roimh do ghlóir. Óir is ábhar iontais thú, a thiarna, agus tá do ghnúis lán de chneastacht.” 2b Agus le linn di a bheith ag caint mar sin, thit sí i laige; bhí suaitheadh ar an rí agus bhí a lucht freastail go léir ar a ndícheall ag iarraidh í a thabhairt chuici féin. 3“Cad tá uait, a Eistir,” arsan rí, “agus cén achainí atá agat [orm]? Fiú más é leath mo ríochta féin é, gheobhaidh tú uaim é.” 4Dʼfhreagair Eistir: “Lá de mo shaol an lá seo; más toil leis an rí é, dá bhrí sin, tagadh sé féin agus Hámán go dtí an fhleá a ullmhóidh mé inniu.” 5Dúirt an rí: “Tugaigí Hámán anseo go tapa le go ndéanfaimis rud ar Eistir.” Tháinig an rí agus Hámán chun na fleá a dʼullmhaigh Eistir. 6Ag ól an fhíona dóibh, dúirt an rí arís le hEistir: “Inis dom céard atá uait; tabharfaidh mé duit é. Inis dom cén achainí atá agat orm; fiú más é leath mo ríochta é, tabharfar duit é.” 7“Seo é mʼiarratas agus mʼachainí,” arsa Eistir, 8“má tá gean an rí orm, agus más toil leis an rí mʼiarratas a dheonú dom, agus géilleadh do mʼachainí, tagadh an rí agus Hámán chugam amárach chun na fleá a leagfaidh mé rompu, agus déanfaidh mé rud air amárach.”
9Dʼimigh Hámán amach ón rí an lá sin é go subhach somheanmnach. Ach nuair a chonaic sé Mordacaí ag geata an rí, agus gan é ag éirí ná fiú ag corraí ina láthair, tháinig taom feirge air le Mordacaí. 10Chuir sé smacht air féin ámh; dʼfhill abhaile, agus chuir fios ar a chairde agus ar Zeiris, a bhean chéile; 11chuir Hámán síos dóibh ar a shaibhreas taibhseach agus ar a chlann líonmhar, agus ar gach céim ní ba airde ná a chéile a bhronn an rí air ionas gur thug sé tosaíocht dó ar fhlatha agus ar fheidhmeannaigh eile an rí. 12“Agus rud eile de,” ar seisean, “níor lig Eistir an bhanríon dʼaon fhear eile ach domsa amháin teacht chun na fleá–agus tá cuireadh agam féin agus ag an rí uaithi arís don lá amárach. 13Ach cad é sin go léir domsa fad a fheicim Mordacaí an Giúdach ina shuí ag geata an rí.” 14Ansin dúirt a bhean Zeiris agus a chairde go léir leis: “Gléastar croch leathchéad banlámh ar airde, agus iarr ar an rí amárach Mordacaí a chrochadh uirthi. Ansin isteach leat chun na fleá i bhfochair an rí gan mairg ar bith.” Thaitin an chomhairle sin le Hámán, agus chuir sé an chroch á gléasadh.

Currently Selected:

Eistir (Gr) 5: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in