YouVersion Logo
Search Icon

Eistir (Gr) 2

2
Mordacaí agus Eistir
1Tamall ina dhiaidh sin, nuair a mhaolaigh ar fhearg an rí, chuimhnigh Aisiuéaróis ar Vaistí agus ar an rud a rinne sí, agus an forógra a tugadh ina haghaidh. 2Ansin dúirt a lucht freastail leis an rí: “Déantar cailíní áille óga a chuardach don rí, 3agus ceapadh an rí oifigigh i ngach cúige dá ríocht leis na maighdeana áille óga go léir a bhailiú le chéile go háras na mban i ndúnfort Shúsa, faoi smacht Héagai, coillteán an rí, agus coimeádaí na mban, agus tugtar dóibh cóir a maisithe; 4agus bíodh an mhaighdean is áil leis an rí ina banríon in áit Vaistí.” Thaitin an chomhairle sin leis an rí agus rinne sé dá réir.
5Bhí an uair úd, i ndúnfort Shúsa, Giúdach darbh ainm Mordacaí mac Iáír, mac Shimeí, mac Chís, de threibh Bhiniáimin; 6tugadh eisean chun siúil ó Iarúsailéim i measc na gcimí a thug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis mar aon le Iachóiniá rí Iúdáia. 7Thóg sé Hadasá, Eistir is í sin, iníon deartháir athar leis, nuair a chaill sí a hathair agus a máthair; ba ainnir álainn sciamhach í agus ghabh Mordacaí chuige mar iníon í tar éis bháis dá hathair agus dá máthair.
8Nuair a foilsíodh forógra an rí, cruinníodh mórán maighdean go dúnfort Shúsa agus cuireadh faoi chúram Héagai iad; tugadh Eistir freisin go pálás an rí agus cuireadh í faoi chúram Héagai, coimeádaí na mban; 9thaitin an ainnir leis agus bhí dáimh aige léi. Ba ghairid an mhoill air cóir a maisithe agus a beatha a thabhairt di, agus seachtar ionailt tofa as teaghlach an rí; agus thug sé tosaíocht in áras na mban dise agus dá bantracht. 10Níor nocht Eistir ámh cér díobh í ná cárbh as di ó dhúchas, óir dʼordaigh Mordacaí di gan sin a insint. 11Théadh Mordacaí ag siúl gach lá os comhair cúirt na mban chun go bhfaigheadh sé amach conas a bhí ag Eistir nó cad a bhainfeadh di.
12Dé réir rialacha na mban, níorbh fholáir do gach ainnir bliain a chaitheamh á maisiú féin, mar atá, sé mhí le hola miorra agus sé mhí le cumhráin agus uinnimintí ban, sula dtiocfadh a huain chun dul isteach go dtí an rí Aisiuéaróis, mar a bhí beartaithe. 13Nuair a théadh sí isteach chun an rí mar sin, thugtaí do gach ainnir cibé ní a dʼiarrfadh sí le tabhairt léi as áras na mban go háras an rí. 14Théadh sí isteach tráthnóna agus thagadh amach arís maidin lá arna mhárach go háras eile ban a bhí i gcúram Seaisgeaz, an coillteán a bhí ag an rí i bhfeighil na mban leapa. Ní thagadh sí chun an rí arís ina dhiaidh sin mura mbainfeadh seisean taitneamh ar leith aisti agus fios a chur uirthi as a hainm.
15Dála Eistir, iníon Aibíochaíl, deartháir athar do Mhordacaí, an cailín úd a ghabh sé chuige mar iníon dó féin, tháinig a seal le dul isteach go dtí an rí; níor iarr sí aon ní, thar mar a bhí socair ag Héagai, coillteán an rí agus coimeádaí na mban. Ní raibh aon duine dá bhfaca í nár thug gean di. 16Tugadh Eistir isteach ina phálás go dtí an rí Aisiuéaróis sa deichiú mí, ar a dtugtar Taebaet, sa seachtú bliain dá réimeas. 17Thug an rí grá dʼEistir thar na mná go léir, agus ba mhó a chion agus a ghean uirthi ná ar na maighdeana eile go léir, ionas gur chuir sé an choróin ríoga ar a ceann, agus go ndearna banríon di in ionad Vaistí. 18Rinne an rí ansin fleá mhór, .i. fleá Eistir, dá ghobharnóirí agus dá fheidhmeannaigh go léir; agus thug sé saoire do na cúigí agus bhronn tíolacthaí go fial orthu mar ba dhual do rí.
19[Nuair a aistríodh Eistir dála na gcailíní eile go dtí an dara háras,] 20níor nocht sí fós cér díobh í ná cárbh as di ó dhúchas, de réir mar a dʼordaigh Mordacaí, óir chomhlíon sí a orduithe faoi mar a dhéanadh nuair a bhí sí faoina chúram. 21Um an dtaca sin, le linn do Mhordacaí a bheith ina shuí ag geata an rí, tháinig olc ar bheirt de choillteáin an rí, Bigteán agus Teiris, ó lucht faire an dorais agus rinne siad ceilg chun an rí Aisiuéaróis a bhású. 22Fuair Mordacaí gaoth an fhocail agus thug an scéal dʼEistir an bhanríon, agus dʼinis sise don rí é in ainm Mhordacaí. 23Rinneadh an chúis a fhiosrú ina dhiaidh sin, agus deimhníodh gur mar sin a bhí. Crochadh an bheirt ar chroch agus breacadh síos na cúrsaí sin ar phár i Leabhar na gCroinicí i láthair an rí.

Currently Selected:

Eistir (Gr) 2: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in