Eifisigh 2
2
Ó Bhás go Beatha
1Lá den saol bhí sibhse marbh de bharr na gcionta agus na bpeacaí a chleacht sibh 2nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire. 3Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis dʼainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile. 4Ach bhí Dia lán de thrócaire agus thug sé grá chomh mór sin dúinn 5fiú amháin nuair a bhíomar marbh de dheasca ár gcionta, gur athbheoigh sé sinn in éineacht le Críost–is in aisce a slánaíodh sibh– 6gur thóg sé sinn ó mhairbh in éineacht leis agus gur chuir inár suí sinn sna flaithis in Íosa Críost, 7dʼfhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa. 8Mar is le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas é ó Dhia. 9Agus ní de bharr oibreacha i dtreo nach bhfuil cúis mhaíte ag duine ar bith. 10Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia.
Is aon Sinn uile i bPáirt le Críost
11Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth–sibhse na gintlithe ó dhúchas a raibh “lucht an fhorchraicinn” mar ainm oraibh ag an dream a thugadh “lucht an timpeallghearrtha” orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn. 12Cuimhnígí go raibh sibh an uair úd ar deighilt ó Chríost, nach raibh aon chuid agaibh i stát Iosrael ná aon pháirt agaibh sna conarthaí ná sna gealltanais, go raibh sibh gan dóchas sa saol agus gan Dia féin. 13Anois, áfach, tá sibh i gCríost Íosa; sibhse a bhí tráth i bhfad i gcéin, tá sibh tagtha i ngaire de bharr fhuil Chríost.
14Mar is eisean ár síocháin; is é a rinne aon bhuíon amháin den dá phobal nuair a leag sé ar lár an balla deighilte, an naimhdeas ina cholainn, 15agus chuir ar ceal an dlí agus a chuid aitheanta agus forálacha dʼfhonn aon duine nua amháin a dhéanamh den bheirt ann féin trí shíocháin a dhéanamh eatarthu, 16agus an dá bhuíon a thabhairt chun athmhuintearais le Dia in aon chorp amháin leis an gcrois ar ar chuir sé an naimhdeas chun báis. 17Tháinig sé ag fógairt dea-scéal na síochána daoibhse a bhí i bhfad uaidh agus dóibh sin a bhí ina chóngar; 18mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid. 19Dá réir sin ní eachtrannaigh ná coimhthígh sibh a thuilleadh ach comhshaoránaigh leis na naoimh agus baill de líon tí Dé. 20Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige. 21Is ann a nasctar an foirgneamh ar fad le céile agus éiríonn sé in airde ina theampall naofa sa Tiarna. 22Is ann chomh maith atá sibhse do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé á dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid.
Currently Selected:
Eifisigh 2: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.