Deotranaimí 3
3
1“Ansin chasamar i dtreo Bháiseán agus ghabhamar suas ann. Agus tháinig Óg rí Bháiseán amach inár n‑aghaidh, é féin agus a mhuintir go léir, chun cath a chur in Eidreí. 2Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Ná bíodh eagla ort roimhe, óir thug mé é féin agus a mhuintir go léir agus a fhearann ar láimh duit; tabhair an íde chéanna air a thug tú ar Shíochon rí na nAmórach a mhair i Heisbeon.’ 3Thug an Tiarna, más ea, Óg rí Bháiseán agus a mhuintir uile ar láimh dúinn chomh maith agus phleancamar é go dtí nár fágadh fear inste scéil. 4Ghabhamar a chathracha go léir an uair sin–níor fhágamar cathair dá gcuid nár ghabhamar–trí fichid cathair, dúiche uile Argob, ríocht Óg i mBáiseán. 5Caisil dhaingne iadsan uile le ballaí arda, geataí, agus cuaillí–gan trácht ar bhailte na bPirizeach a bhí an-líonmhar. 6Chuireamar faoi bhang iad mar a rinneamar le Síochon rí Heisbeon; chuireamar idir chathair is fhear agus bhean agus pháiste go léir faoi bhang. 7Ach thugamar stoc agus spré na gcathracha sin linn mar chreach. 8Ghabhamar an uair úd, dá réir sin, fearann an dá rí Amórach lastall den Iordáin, ó Ghleann an Arnón go Sliabh Haermón 9(tugann na Síodónaigh Sirion, ach na hAmóraigh Siníor, ar Hearmón); 10cathracha uile an ardáin, Gileád go léir, agus Báiseán go léir chomh fada le Salacá agus Eidreí, príomhchathracha Óg i mBáiseán. 11(Bá é Óg rí Bháiseán an duine deireanach dʼfhuíoll na Rafáím; ba leaba iarainn a leaba, agus nach í atá le feiceáil i Raba na nAmónach?–í naoi mbanlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead, de réir bhanlámh fir.)
12“Nuair a ghabhamar seilbh ar an bhfearann seo ar aghaidh ó Aroéir i nGleann Arnón an uair úd, thug mé do chlann Reúbaen agus do chlann Ghád leath ardchlár Ghileád lena chathracha. 13Do leaththreibh Mhanaise thug mé an chuid eile de Ghileád, Báiseán go léir, ríocht Óg. (Tugtar tír na Rafáím ar dhúiche Argob go léir, agus ar Bháiseán go léir. 14Ó ghabh Iáir mac Mhanaise dúiche Argob go léir ar aghaidh go teorainneacha na nGisiúrach, agus na Macátach, thug sé a ainm do na bailte sin ar a dtugfar go fóill Bailte Iáir.) 15Do Mhácaír thug mé Gileád. 16Do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh thug mé an dúiche a shíneann ó Ghileád go dtí Gleann Arnón, agus lár an choma mar theorainn, agus chomh fada suas le habhainn an Iaboc, an teorainn le clann Amón. 17An tArabá agus an Iordáin na teorainneacha síos ó Chineirit síos go Muir Arabá, Muir an tSalainn, faoi bhun sleasa Phisceá lastoir.
Teagasc
18“Thug mé an t‑ordú seo daoibh an uair sin: ‘Thug an Tiarna bhur nDia an tír seo in bhur seilbh daoibh; ní foláir do bhur lucht gaile go léir airm a ghlacadh agus dul anonn ar cheann bhur mbráithre, clann Iosrael. 19Bhur mná, bhur miondaoine, agus bhur stoc (tá a fhios agam go bhfuil a lán stoic agaibh)–iadsan amháin atá le fanacht in bhur ndiaidh sna cathracha a thug mé daoibh 20nó go socraí an Tiarna bhur mbráithre faoi mar a shocraigh sé sibhse, agus go bhfaighe siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna, bhur nDia, á thabhairt dóibh ar an taobh eile den Iordáin; fillfidh sibh ansin, gach duine chun an fhearainn a thug mé dó.’ 21Ansin thug mé an t‑ordú seo do Iósua: ‘Chonaic tú le do shúile cinn a bhfuil déanta ag an Tiarna leis an dá rí seo; tabharfaidh an Tiarna an íde chéanna ar na ríochtaí go léir a dtriallfaidh sibh chucu. 22Ná bíodh eagla oraibh rompu; tá an Tiarna féin, bhur nDia, ag troid ar bhur son.’
23“Rinne mé achainí ar an Tiarna faoin am seo: 24‘A Thiarna Dia,’ arsa mise, ‘níl ach tús déanta agat ag nochtadh do mhórgachta agus do chumhachta do do sheirbhíseach, óir cén dia ar neamh nó ar talamh ar féidir leis éachtaí agus fearta mar do chuidse a dhéanamh? 25Lig anonn mé le do thoil chun an fearann fónta thar Iordáin a fheiceáil, fearann fónta an ardáin agus na Liobáine.’ 26Ach de bhur mbarr-sa bhí an Tiarna i bhfearg liom, agus ní thabharfadh sé aird orm. ‘Cuir uait!’ arsa an Tiarna liom. ‘Ná luaigh é sin liom a thuilleadh. 27Gabh suas ar mhullach Phisceá, agus féach uait siar, agus ó thuaidh, agus ó dheas agus soir; bain radharc do shúl as, óir ní rachaidh tú thar an Iordáin seo. 28Tabhair do threoracha do Iósua; tabhair misneach agus fuinneamh dó; óir eisean is ea a rachaidh sall ar cheann a phobail agus is é a thabharfaidh seilbh dóibh ar an tír ar a bhfaighidh tú radharc.’ 29Dʼfhanamar dá bhrí sin sa ghleann sall ó Bhéit Peór.
Currently Selected:
Deotranaimí 3: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.