Bible App logo
Search Icon

Deotranaimí 19

19
Dlí an Díoltais
Marú
1“Nuair a dhíothóidh an Tiarna do Dhia na ciníocha a dtugann an Tiarna do Dhia a bhfearann duit, agus go gcuirfidh tú as seilbh iad, agus dul chun cónaí ina gcathracha agus ina dtithe, 2cuir trí chathair ar leith duit féin sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit le sealbhú. 3Bíodh na bealaí chucu i ndea-ghléas agat agus roinn ina thrí coda achar na gcríoch a thugann an Tiarna do Dhia i do sheilbh duit sa chaoi a bhféadfaidh marfóir ar bith teitheadh chucu. 4Seo mar is féidir do dhuine a anam a bhreith leis ach teitheadh iontu: Má mharaíonn duine a chomharsa trí thaisme, agus gan é in earraid leis roimhe sin– 5téann duine, abair, isteach sa choill lena chomharsa ag gearradh adhmaid; tugann sé faoi chrann leis an tua ina láimh; sleamhnaíonn an ceann den tsáfach agus buaileann sé a chomharsa agus maraíonn sé é–is féidir dó teitheadh go dtí ceann de na cathracha sin agus teacht slán. 6Ní ceadmhach dʼfhear an éiric fola dul sa tóir ar an marfóir le barr feirge, agus teacht suas leis toisc fad an bhóthair agus goin mharfach a chur ann; óir níor thuill an duine sin bás ós rud é nach raibh sé in earraid lena chomharsa roimhe sin. 7Seo é mʼordú duit dá bhrí sin: Cuir trí chathair ar leithrigh, 8agus má chuireann an Tiarna do Dhia breis le do chríocha, faoi mar a mhionnaigh sé do dʼaithreacha, agus go dtugann sé duit an tír go léir a gheall sé a thabhairt do dʼaithreacha– 9ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú na haitheanta go léir a ordaím duit inniu le barr cáiréise, ag tabhairt grá don Tiarna do Dhia, agus ag leanúint de shíor ar a bhealaí–ansin cuir trí chathair eile leis na trí cinn sin. 10Ar an gcaoi sin ní dhoirtfear fuil an neamhchiontaigh sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht; dʼfhágfadh a mhalairt ciontach i ndoirteadh fola thú.
11“Ach má bhíonn duine i bhfíoch lena chomharsa agus go dtéann in eadarnaí faoina chionn agus go n‑ionsaíonn é agus go ngoineann go marfach agus go bhfaigheann seisean bás, agus ansin go dteithfeadh sé féin i gceann de na bailte sin, 12cuireadh seanóirí a chathrach féin fios ar an té sin agus beiridís leo é, agus tugaidís ar láimh fhear éiric na fola é le cur chun báis. 13Ná bíodh trua ná taise agat dó; déan peaca doirteadh fola an neamhchiontaigh a dhíbirt as Iosrael agus ansin beidh an rath ort.
14“Ná cur isteach ar mharc teorann do chomharsan a shocraigh an mhuintir fadó, san oidhreacht a ghlacfaidh tú sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt i do sheilbh.
Finnéithe
15“Ní leor aon fhinné amháin chun duine a dhaoradh i bpeaca nó i gcoir dʼaon sórt a rinne sé; cibé coir a bhíonn i gceist is gá fianaise bheirt fhinné nó triúr chun aon chúis a dhearbhú. 16Má thagann finné bréige i láthair le fianaise in aghaidh duine ag cur ceannairce ina leith, 17ansin, an dá thaobh san aighneas seo i láthair an Tiarna, téidís faoi bhráid na sagart agus na mbreithiúna a bhíonn in oifig ag an am. 18Déanadh na breithiúna fiosrú go mion, agus más amhlaidh gur finné bréige an finné agus gur thug sé fianaise bhréige in aghaidh a bhráthar, 19ní foláir duit an íde a bʼáil leis a thabhairt ar a bhráthair a thabhairt air féin. Díbir an choir seo ó bhur measc. 20Cluinfidh daoine eile ina thaobh seo agus beidh eagla orthu agus ní dhéanfaidh siad peaca den sórt sin go brách arís in bhur measc. 21Ná bíodh trua ná taise agat, ach bíodh anam ar anam, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois.

Currently Selected:

Deotranaimí 19: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in