YouVersion Logo
Search Icon

Deotranaimí 12

12
Cód Deotranaimí
1“Seo iad na dlíthe agus na reachtanna nach foláir daoibh a choimeád agus a chomhlíonadh sa tír a thug an Tiarna Dia dʼaithreacha duit le sealbhú, fad tá cónaí ort sa tír sin.
Cultas
Rialacha
2“Na háiteanna go léir ina ndearna na ciníocha a bheidh á gcur as seilbh agaibh seirbhís dá ndéithe, ar na sléibhte arda, ar na cnoic, agus faoi gach crann glas, ní foláir daoibh iad uile a scrios ó bhonn. 3Déanaigí a n‑altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, a gcuaillí naofa a ghearradh anuas, agus íomhánna snoite a n‑íol a dhó, agus a n‑ainm a scrios ón áit sin. 4Ní mar sin ámh atá le déanamh agaibh leis an Tiarna bhur nDia; 5ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd. 6Ansiúd a thabharfaidh sibh bhur n‑ofrálacha loiscthe agus bhur n‑íobairtí, bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, bhur n‑ofrálacha móide agus bhur n‑ofrálacha deonacha, céadtorthaí bhur dtána agus bhur dtréada. 7Ansiúd a íosfaidh sibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus a dhéanfaidh sibh lúcháir de bharr gach ar thoirbhir bhur lámha, sibh féin agus bhur muintir, faoi bheannacht an Tiarna do Dhia.
8“Ná déanaigí mar a dhéanaimid anseo inniu, gach duine ag déanamh mar is áil leis féin. 9Óir níor tháinig sibh fós chun an tsosa agus na hoidhreachta atá an Tiarna bhur nDia á thabhairt daoibh. 10Tá sibh ar tí dul anonn thar an Iordáin agus cur fúibh sa tír atá an Tiarna bhur nDia le tabhairt daoibh mar oidhreacht; tabharfaidh sé suaimhneas daoibh ón bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mairfidh sibh slán ó bhaol. 11Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna. 12Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc. 13Seachain agus ná hofráil dʼíobairtí uileloiscthe i ngach áit naofa ar a luífidh do shúil; 14ná hofráil dʼíobairtí uileloiscthe agus ná comhlíon a n‑ordaím duit ach amháin san áit a thoghfaidh an Tiarna i gceann de do threibheanna. 15Ní miste duit áfach mar is mian leat, feoil a mharú agus a ithe in aon bhaile leat de réir mar a dheonaíonn an Tiarna do Dhia a bheannacht duit; ní cás do ghlan agus do neamhghlan í a ithe, amhail is ba ghasail nó fia í. 16Ach ná hithigí an fhuil; doirt ar an talamh mar uisce í. 17Deachú dʼarbhair, ná do fhíona, ná dʼola, ná céadghin do thána ná do thréada, ná aon ofráil mhóide dá móidíonn tú, ná aon ofráil dheonach, ná aon ofráil a thoirbhríonn tú, ní ceadmhach duit iad a ithe i do bhailte. 18Ní foláir duit iad a ithe os comhair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, tú féin agus do mhac agus dʼiníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach a chónaíonn i do bhailte; beidh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia de bharr gach ar thoirbhir do lámha. 19Fad is beo duit i do thír, seachain agus ná déan faillí sa Léivíteach.
20“Nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia do thailte a mhéadú mar a gheall sé duit, agus a déarfaidh tusa: ‘beidh greim feola agam,’ má bhíonn fonn feola ort, ní cás duit oiread feola agus is maith leat a ithe. 21Má bhíonn an áit a thoghann an Tiarna do Dhia lena ainm a chur ann rófhada ó bhaile, is ceadmhach duit ainmhí den táin nó den tréad a thug an Tiarna duit a mharú mar a dʼaithin mé duit; ní cás duit oiread agus is áil leat a ithe i do bhailte. 22Ach ith é mar a dhéanfá gasail nó fia; ní cás do ghlan agus do neamhghlan é a ithe. 23Déan deimhin de nach gcaithfidh tú an fhuil, óir an fhuil an t‑anam, agus ná caith an t‑anam leis an bhfeoil. 24Ná caith í ach doirt ar an talamh í mar a dhoirtfeá uisce. 25Ná caith í le go mbeadh séan ort féin agus ar do chlann mhac i do dhiaidh, mar go mbeidh an chóir déanta agat i láthair an Tiarna. 26Ach na nithe naofa is dual uait agus dʼofrálacha móide, beir leat iad, agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna. 27Ofráil dʼíobairtí uileloiscthe, idir fheoil agus fhuil ar altóir an Tiarna do Dhia; i dʼíobairtí, ní foláir an fhuil a dhoirteadh ar altóir an Tiarna do Dhia, ach is ceadmhach duit an fheoil a ithe. 28Coimeád na treoracha seo go léir a thugaim duit le barr cúraim, agus lean iad, i dtreo go rithfeadh go maith i gcónaí leat féin, agus le do shliocht i do dhiaidh, agus tú ag déanamh an chirt agus na córa faoi shúile an Tiarna do Dhia.
Cultais Bhréige
29“Nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha mar a bhfuil tú ag dul á ndísealbhú a dhíothú romhat, agus nuair a bheidh siad díbeartha agat agus curtha fút agat ina dtailte ina n‑áit, 30féach chuige nach bhfaightear faill ort: ná déan aithris orthu tar éis a millte romhat, agus ná bí ag fiafraí a ndéithe, á rá: ‘Cén chaoi a ndearna na ciníocha seo seirbhís dá ndéithe?–dʼfhonn go ndéanfainn féin leis amhlaidh.’ 31Ná déan mar sin leis an Tiarna, do Dhia. Óir is gráin leis an Tiarna é seo uile agus is fuath leis a ndéanaidís dá ndéithe–dhéanaidís fiú a gclann mhac agus iníonacha a loscadh sa tine dá ndéithe. 32A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.

Currently Selected:

Deotranaimí 12: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in