Dainéil (Gr) 9
9
An Seachtó Seachtain
1Sa chéad bhliain de réimeas Dháire, mac Aisiuéaróis, de chine na Méideach, a rialaigh ríocht na gCaildéach– 2sa chéad bhliain dá réimeas, scrúdaigh mise, Dainéil, an scrioptúr ag ríomh líon na mblianta, de réir mar a dʼfhoilsigh Dia don fháidh Irimia, ba chóir a chomhlíonadh sula mbeadh críoch le scriosadh agus milleadh Iarúsailéim–seachtó bliain. 3Ansin dʼiompaigh mé mʼaghaidh ar an Tiarna Dia, á thóraíocht le guí agus le hurnaí, le troscadh, le sacéadach agus le luaithreach. 4Ghuigh mé chun an Tiarna mo Dhia, agus rinne mé admháil mar a leanas: “Ó, a Thiarna, a Dhia mhór na heagla, a chomhlíonann an conradh agus an buanghrá dóibh siúd a ghránn tú agus a choimeádann dʼaitheanta, 5pheacaíomar, rinneamar éagóir, rinneamar urchóid, rinneamar brath, ag tréigean dʼaitheanta agus do reachta. 6Níor éisteamar le do shearbhóntaí, na fáithe, a labhair i dʼainm lenár ríthe, ár bprionsaí, ár n‑aithreacha, agus le pobal uile na tíre. 7Is leatsa an fhíréantacht, a Thiarna, ach orainne tá ceann faoi amhail atá an lá seo féin, ar mhuintir Iúdá, ar áitritheoirí Iarúsailéim, ar Iosrael uile, i mbaile agus i gcéin sna tíortha uile inar dhíbir tú iad toisc tú a bhrath mar a rinne siad. 8Orainne, a Thiarna, tá ceann faoi, ar ár ríthe, ar ár bprionsaí, ar ár n‑aithreacha, mar gur pheacaíomar i dʼaghaidh. 9Leis an Tiarna, ár nDia, a bhaineann trócaire agus maithiúnas mar rinneamar ceannairc ina aghaidh. 10Níor éisteamar le guth an Tiarna, ár nDia, á rá linn maireachtáil de réir a dhlíthe, faoi mar a chuir sé faoinár mbráid iad trína shearbhóntaí na fáithe. 11Sháraigh Iosrael uile do dhlí; bhailigh siad leo gan éisteacht le do ghuth. An mhallacht agus an mionn atá scríofa i ndlí Mhaois, searbhónta Dé, tá siad doirte sa mhullach orainne, mar gur pheacaíomar ina aghaidh. 12Chomhlíon sé na briathra a labhair sé inár n‑aghaidh agus in aghaidh ár rialtóirí a rialaigh sinn; thug sé tubaiste chomh mór sin orainn nach bhfuil leithéid a ndearnadh in aghaidh Iarúsailéim déanta in aon áit faoin spéir. 13Mar atá scríofa i ndlí Mhaois tá an tubaiste seo go léir tagtha orainn; ach níor impíomar fabhar i láthair an Tiarna, ár nDia, agus filleadh ónár gcionta agus a géilleadh do dʼfhírinne. 14Uime sin rinne an Tiarna faire ar an urchóid agus thug anuas orainn í; mar is fíréan é an Tiarna, ár nDia, san uile obair dá ndearna sé agus níor éisteamar lena ghuth. 15Anois, a Thiarna, ár nDia, a thug do phobal ó thalamh na hÉigipte amach le láimh chumhachtach–agus maireann a cháil sin go dtí inniu féin–tá an peaca, an urchóid, déanta againne. 16A Thiarna, de réir iomad do ghníomhartha fíréanta, iompaíodh dʼfhearg is do chuthach ó do chathair Iarúsailéim, do shliabh naofa; mar trínár bpeacaí agus trí choireanna ar n‑aithreacha, tá Iarúsailéim agus do phobal ina ábhar gáire ag cách máguaird orainn. 17Uime sin, éist, a Dhia, le hachainí dá shearbhónta agus lena urnaithe. Ar do shon féin, a Thiarna, go ndealraí do ghnúis ar do shanctóir tréigthe. 18Claon do chluas, a Dhia liom, agus éist; oscail do shúile agus feic ár n‑ainnise agus an chathair ar a nglaoitear dʼainm; mar ní toisc ár ndea-oibreacha a chuirimid ár n‑urnaithe i do láthair, ach toisc iomad do mhórthrócaire. 19A Thiarna, tabhair cluas dúinn! a Thiarna, tabhair maithiúnas! A Thiarna, tóg ceann dúinn agus déan beart! Ná moilligh–ar do shon féin! a Dhia, mar tá glaoite ar dʼainm i gcabhair ar do chathair agus ar do phobal.”
20Labhair mé arís, agus ghuigh mé ag admháil mo pheacaí féin agus peacaí mo phobail, Iosrael, agus ag déanamh mʼurnaí i láthair an Tiarna, mo Dhia, ar son shliabh naofa mo Dhé. 21Ag labhairt dom i mo ghuí, tháinig chugam faoi lánseol, Gaibriéil–an neach a bhí feicthe agam i bhfís ar dtús–ar uair íobartha na nóna. 22Dúirt sé liom: “A Dhainéil, seo mise: tháinig mé amach chun teacht agus tú a theagasc san eagna. 23I dtosach dʼachainí ghabh briathar amach agus táim tagtha chun é a insint duit mar is mór mar a thugtar grá duit. Iniúch an focal, tuig an fhís:
24Tá seachtó seachtain beartaithe
do do mhuintir agus do do chathair naofa,
chun deireadh a chur leis an sárú,
chun críoch a chur leis na peacaí,
chun leorghníomh a dhéanamh san éagóir,
chun fíréantas síoraí a thabhairt i láthair,
chun fís agus fáistine a shéalú,
chun ionad rónaofa a ungadh.
25Bíodh a fhios agat agus tuig i dʼaigne,
ó théann an t‑ordú seo amach:
‘Athchóirítear agus tógtar Iarúsailéim,’
go teacht ungthaigh, prionsa, seacht seachtaine;
agus ar feadh dhá sheachtain agus trí fichid
beifear á thógáil arís le cearnóga agus móta
–ach in aimsir bhuartha.
26Agus tar éis an dá sheachtain is trí fichid
gearrfar anuas ungthach [agus fágfar dealbh é].
Scriosfar an chathair agus an sanctóir
faoi láimh an phrionsa atá le teacht.
Beidh a chríoch i dtuile,
agus beidh cogadh go dtí an chríoch;
tá mórchuid léirscriosta ceaptha.
27Déanfaidh sé conradh a dhaingniú lena lán
ar feadh seachtaine;
agus ar feadh leath na seachtaine
cuirfidh sé cosc le hofráil agus le híobairt.
Ar sciathán [an Teampaill] beidh gráiniúlacht an léirscriosta,
go dtí an deireadh, go ndoirtfear an chríoch chinnte ar an scriostóir.”
Currently Selected:
Dainéil (Gr) 9: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.