Dainéil (Gr) 8
8
An Reithe agus an Pocán
1Sa tríú bliain de réimeas Bhéilseazar rinneadh fís domsa, Dainéil, ina diaidh siúd a rinneadh dom ar dtús. 2Ag faire na físe os mo chomhair dom, bʼshiúd mé féin i Súsa an phríomhchathair, atá i gcúige Éalám; agus, ag faire na físe, bʼshiúd mé ag geata Úlai. 3Dʼardaigh mé mo shúile chun féachana. Féach! Reithe ina sheasamh ar bhruach na habhann. Bhí dhá adharc air; bhí an dá adharc ard, ach ceann acu níos airde ná a chéile agus ba é an ceann ab airde an dara ceann a dʼéirigh suas. 4Chonaic mé an reithe ag sá lena adharc siar, ó thuaidh, agus ó dheas. Níor fhéad ainmhí seasamh ina aghaidh, ná níor fhéad aon ní fuascailt óna ghreim. Rinne sé mar ba mhian leis agus tháinig borradh air.
5Féach, seo mar a thug mé faoi deara: Tháinig pocán ón iarthar, de dhroim na talún uile ach gan baint leis an talamh, agus adharc shuntasach idir a dhá shúil. 6Tháinig sé chun an reithe leis an dá adharc a chonaic mé ina sheasamh ar bhruach na habhann agus chuaigh de rith ina aghaidh le teann buile. 7Chonaic mé é ag druidim leis an reithe agus ag dul i ngleic leis; bhí cuthach air ina aghaidh agus bhuail sé an reithe, bhris a dhá adharc, agus gan breith ag an reithe ar sheasamh ina choinne; threascair sé chun talún é agus ghabh de chosa ann, agus gan é ar chumas aon duine an reithe a shábháil óna chumhacht. 8Chuaigh an pocán i neart go mór, ach in iomlán a nirt, bhris an adharc mhór agus ina háit dʼéirigh ceithre adharc shuaithinseach i dtreo cheithre ghaoth neimhe.
9As ceann díobh dʼeascair adhaircín a mhéadaigh go mór i dtreo an deiscirt, an oirthir, agus i dtreo Thír na Glóire. 10Bhorr a thoirt go slua neimhe, agus chaith sé anuas ar an talamh cuid de shlua na réaltaí agus phasáil orthu. 11Dʼardaigh sé é féin fiú in aghaidh Phrionsa an tSlua, chuir sé an íobairt laethúil ar ceal air agus scartáil sé ionad a shanctóra agus a shlua; 12[in áit na híobartha chuir sé an urchóid] agus leag sé chun láir an fhírinne; rinne an adharc bearta agus chuaigh chun cinn.
13Ansin chuala mé neach naofa ag labhairt agus dúirt ceann eile leis siúd a labhair: “Cén fad a mhairfidh an fhís i dtaobh na híobartha laethúla, na hurchóide a mhilleann, agus na gabhála de chosa sa sanctóir agus sa slua?” 14Dúirt [an chéad cheann leis]: “Ar feadh dhá mhíle trí chéad nóin agus maidin fós; ansin cuirfear an sanctóir arís i seilbh a chirt.”
15Ag breathnú na físe domsa, Dainéil, lorg mé a ciall agus bʼsheo os mo chomhair neach mar dhuine ar a dhealramh. 16Chuala mé guth duine idir bruacha Úlai ag glaoch: “A Ghaibriéil, tabhair tuiscint ar an bhfís don fhear seo.” 17Ansin tháinig sé i ngar don bhall ina raibh mé i mo sheasamh, agus, nuair a dhruid sé liom, tháinig scanradh orm agus thit mé ar mo bhéal agus ar mʼfhiacla. Ach dúirt sé: “Tuig a mhic an duine gur dʼuain na críche atá an fhís.” 18Thit mo chodladh go trom orm agus é ag caint liom agus mʼaghaidh leis an talamh. Bhain sé liom agus dʼardaigh ar mo bhoinn mé. 19“Cuirfidh mé in iúl duit cad a bheidh i gcrích dheireanach na feirge, óir baineann sé le huain chinnte na críche. 20An reithe a chonaic tú, is iad ríthe na Méide agus na Peirse a dhá adharc. 21Is é rí na Gréige an pocán; an adharc mhór idir a dhá shúil, sin é an chéad rí. 22An adharc bhriste, agus na ceithre adharc eile a dʼfhás ina hionad sin ceithre ríocht a éireoidh óna phobal ach nach mbeidh a chumhacht acu.
23I ndeireadh a réime, in am bhrúchta a n‑olc,
éireoidh rí, garbh ina dhreach, sás cruacheasta a réiteach.
24Beidh a chumhacht tréan (ach ní dá neart féin é);
millfidh sé go huafásach;
agus rithfidh leis ina ghnóthaí;
scriosfaidh sé treoin,
agus pobal na naomh.
25Trína ghliceas
neartóidh sé leis an bhfeall faoina láimh,
agus borrfaidh sé le huabhar ina chroí.
Millfidh sé a lán gan choinne,
agus éireoidh sé fiú in aghaidh Prionsa na bPrionsa;
ach brisfear é–agus sin trí láimh nach daonna.
26Is fíor í fís na nónta agus na maidineacha atá inste,
ach cuirse séala ar an bhfís mar baineann sí le mórán lá ó inniu.”
27Chaill mise, Dainéil, mo bhrí agus bhí mé breoite líon mór laethanta. Ansin dʼéirigh mé agus chuaigh mé i mbun cúraimí an rí, agus alltacht orm ag an bhfís agus gan tuiscint agam uirthi.
Currently Selected:
Dainéil (Gr) 8: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: